Kathryn Ní Mhaoláin
Bliain mhór a bhí in 2015 do chearta an chomhionannais pósta ar fud na cruinne.
Rinneadh an pósadh comhghnéis dleathach ar fud na Stát Aontaithe a bhuí le cás Obergefell v. Hodges. Ansin lean Éire lorg SAM nuair a rinneadh dleathach é den chéad uair i stair an stáit i ndiaidh don náisiún a thoil a léiriú i reifreann. Tháinig sé isteach i Luxembourg sa bhliain chéanna, agus lean neart tíortha eile iad seo sna blianta beaga ina dhiaidh.
Rinneadh iarracht amhlaidh a dhéanamh i dTuaisceart na hÉireann an tráth céanna ach chuir an DUP bac ar an iarratas in ainneoin vóta ar a shon ó mhórlach na bpáirtithe eile. Ba é sin an cúigiú huair a vótáladh i leith an phósta comhghnéis idir 2012 agus 2015, ach an chéad uair a raibh tromlach i bhfách leis. Thiocfadh an argóint a dhéanamh, agus rinneadh ag an am, gur tháinig níos mó brú ar na páirtithe mar gheall ar dhlíthe nua na Stát Aontaithe agus na 26 chontae.
Ar deireadh, i ndiaidh go leor agóidí, obair chrua ó chuid mhór daoine, agus pointe teicniúil mar gheall ar Thionól Thuaisceart Éireann a bheith ar fionraí, tugadh comhionannas pósta isteach anseo sa bhliain 2020.
Ach ar ais go dtí na Stáit Aontaithe. Tá dúshlán an chomhionannais pósta tugtha ag iarchléireach contae ó Kentucky, Kim Davis. Gabhadh Davis in 2015 as gan ceadúnas pósta a thabhairt do leanúin aerach ar bhonn reiligiúnach (fuair an bhean chéanna trí cholscaradh roimhe, dála an scéil), agus tá sí ag déanamh achomharc anois in aghaidh an chinnidh sin, de luach $360,000.
Ach nach bhfuil na cearta seo greanta i gcloch, mar dhlí feidearálach?
Bhí cearta ginmhillte ceadaithe go feidearálach suas le 2022, nuair a rinne an Chúirt Uachtarach iompú ar Roe v. Wade, rud a bhain cearta ginmhillte ar bhonn náisiúnta. San am sin, dúirt an Breitheamh Sinsearach, Clarence Thomas, gur cheart an rud céanna a dhéanamh do Obergefell, agus cearta an chomhionannais pósta a bhaint chomh maith. Luaigh Kim Davis an ráiteas seo ina achomharc.
Ní fios an éireoidh léi - éistfear lena cás ar an bhliain seo chugainn. Ach is cinnte gur ábhar buairimh é sa lá atá inniu ann, sna Stáit Aontaithe agus anseo chomh maith. Is léir an tionchar a bhíonn ag cumhachtaí móra ar nós Mheiriceá ar an domhan i dtaca leis na cúrsaí seo.
San am a tugadh isteach Obergefell in 2015, bhí cosc ag 35 stát i SAM ar an phósadh comhghnéis. Bhí dlíthe a thug cead soiléir dó i 8 stáit. Agus i mbliana, 2025, tá sé tugtha le fios ag an ghrúpa Lambda Legal go bhfuil ar a laghad 9 stát i ndiaidh iarracht a dhéanamh bac a chur ar theastais phósta LADT+ nó iarraidh ar an Chúirt Uachtarach deireadh a chur le Obergefell.
Agus muid ag ceiliúradh 10 mbliana den chomhionannas pósta sna 26 chontae, agus 5 bliana sna 6 chontae, ná bíodh aon dallamullóg orainn. Ní mar gheall ar an tost a baineadh na cearta seo amach, agus ní leis an tost a choinneofar iad ach oiread.