Scannal an Gharda ag fágáil tráchtairí balbh

Eoin Ó Murchú

Tá saoránaigh, tráchtairí agus polaiteóirí araon fágtha lena mbéal ar oscailt ag na scéalta faoin nGarda Síochána a tháinig chun solais ó dheas le cúpla seachtain anuas.

Tá na figiúirí bréagacha a bhaineann leis na scéalta seo chomh mór go bhfuil sé dodhéanta míniú ar bith a thabhairt orthu.

Idir 2008 is 2012 deir na taifid go ndearnadh milliún tástáil anála níos mó ná mar a rinneadh i bhfírinne.

Sea, milliún.

50% den taifead ba bhreag é.

Ciontaíodh 14,700 duine as fíneálacha tiomána a fhágail gan íoc a d’íoc iad, agus ní bhfuair 147,000 duine gairm chun cúirte i dtaobh na gcionta céanna.

Ach, ná bí buartha, mar deir an Coimisinéir Nóirín O’Sullivan go ndearnadh bearta ceartúcháin nuair a tháinig an scéal amach.

Ní mhínítear cén beart é, agus ní luaitear ar chor ar bith go raibh ar gharda ar bith freagracht a ghlacadh as an eolas bréagach seo.

Mar is bréaga atá i gceist.

Bheadh an scála míchumais ró-leathan d'aon duine amháin.

Go deimhin is mór an difear idir milliún agus dhá mhilliún.

Tá an scéal seo ag teacht faoi sholas nuair atá an fórsa faoi bhrú ar aon chuma mar gheall ar an bhfeachtas, deirtear, a cuireadh i bhfeidhm i gcoinne Maurice McCabe agus comhaltaí eile den Gharda.

Tá an Breitheamh Charleton le fiosrú a dhéanamh faoin scéal sin.

Ach tá líomhaintí ann, ó phreasoifigeach an Gharda, an ceannfort David Taylor, gur chuir an Coimisinéir O’Sullivan brú air clú McCabe a shalú.

Bheadh sé nádúrtha, b’fhéidir, go seasfadh an Coimisinéir ar leataobh go dtí go mbeadh an fiosrú áirithe sin curtha i gcrích, ach ní ghlacann sí fein leis go bhfuil aon deacracht ann is níl an rialtas sásta iachall a chur uirthi seasamh ar leataobh.

Is léir go deimhin nach bhfuil an rialtas sásta dul i ngleic leis an nGarda ar chor ar bith.

Ar ndóigh, go traidisiúnta bhíodh Fine Gael an-dílis don Gharda is don stát, agus is cosuil nach bhfuil siad sásta oiread is orlach a ghéilleadh.

An é go bhfuil súil acu go n-imeoidh an scéal ag deireadh thiar mar a d’imigh conspóidí faoin leanbh a maraíodh i gCiarraí (d’admhaigh buíon teaghlaigh go ndearna siad coir nach bhféadfaidís a dhéanamh), faoi robáil na Sollán sna 70í (cás Nicky Kelly) is eile?

San iniúchadh de chuid an Bhreithimh Morris fuarthas go raibh mí-iompar leanúnach ar siúl ag bleachtairí áirithe i dTír Chonaill.

Imeaglú ar fhinnéithe, fianaise bhréagach a chur faoi cheilt ar dhaoine, gradaim a fháil mar gheall ar an obair iontach seo, nuair nár tharla sé ar chor ar bith.

Agus ar ndóigh nuair a bhí an choimhlint ar siúl ó thuaidh bhí cead a gcinn ag rannóga áirithe den Gharda a rogha ruda a dhéanamh, an ‘Drong Throm’ faoi réimeas Garret FitzGerald agus eile.

Mar sin féin, cé go mbíodh gníomhairí polaitiúla amhrasach faoin nGarda, bhí meas ar an bhfórsa i measc an phobail i gcoitinne.

Tá an meas sin, ámh, i mbaol anois cé nach léir go dtuigeann an Coimisinéir nó an rialtas go bhfuil dochar as cuimse déanta don fhórsa leis na scéalta seo.

Agus anois tá tráchtairí ag lua athchóiriu na póilíneachta ó thuaidh, le tuarscáil Phatten is eile, mar shampla gur chóir a leanacht ó dheas.

Tá polaitíocht sa scéal ar ndóigh.

Tá sé nádúrtha ag Fine Gael seasamh leis an nGarda, ach ta an-leisce ar Fhianna Fail teacht amach go cinnte faoi.

Tá an páirtí sin ag diúltú a rá go bhfuil muinín acu sa gCoimisinéir go bhfanfaidh sí ina post, ach níl siad sásta a rá ach an oiread nach bhfuil muinín acu aisti.

Mar a tharlaíonn tá rún ag Sinn Féin sa Dáil ag rá nach bhfuil muinín acu sa gCoimisinéir, ach seans maith nach mbeidh deis an rún sin a phlé go cionn seachtaine eile.

Ach pléifear é is beidh ar Fhianna Fáil ansin léimt siar ar thaobh amháin nó ar thaobh eile den chlaí.

Do dhuine taobh amuigh is léir anois nach féidir muinín a chur sa nGarda mar fhórsa, is go bhfuil athchóiriú iomlán ag teastáil, cultúr nua – mar a deir siad – a thabhairt isteach is mar sin.

Ach tá an rialtas ag caint faoi fhiosrú eile, ar na fiosruithe go leir atá déanta, cé gur beag an muinín atá ag an bpobal as tuilleadh fiosrúchán is cosúil freisin.

Léiriú, b’fhéidir, nach é an Garda Síochána amháin atá mífheidhmeach ach an státchóras ar fad agus an rialtas.

Close
Close