Saol an Mhadaidh Dhuibh

Daire Ní Chanáin

D’uchtaigh mé féin is mo bhean Méabh madadh beag le déanaí. ‘Fergus’ atá air agus is labradór dubh é.

Smaoinigh muid go cúramach faoin chinéal madaidh a bhí uainn sula bhfuair muid é - bhí madadh measartha mór uainn atá maith le páistí, sásta a bheith fágtha leis féin in amanna, deas socair ach atá in ann dul ar eachtraí fada linn. Chaith muid cúpla seachtain ag amharc ar na madaí a bhí ar fáil le huchtú sular thit muid i ngrá le leaid beag gealgáireach darb ainm Fergus.

D’aimsigh duine éigin Fergus agus é amuigh leis féin agus bhí spiorad s’aige iomlán briste. Ní raibh sé in ann rud ar bith a ithe agus is ar éigean a bhí sé in ann a cheann a thógáil fiú. Glacadh chuig an tréidlia é a dúirt nach raibh rud ar bith cearr leis ach go raibh sé faoi strús. Faoi dheireadh, tháinig sé ar ais chuige féin agus is madadh beag gealgáireach é ó shin. Dúradh linn nach raibh mórán fadhbanna aige ach go raibh treanáil de dhíth go fóill air.

An chéad lá dúinn Fergus a ghlacadh abhaile, tháinig sé isteach sa teach ar nós stoirm ghaoithe! Bhí sé ag léimint ar achan rud, ag ithe achan rud agus ní raibh sé in ann suí síos. Bhí sé de nós aige an chéad chúpla lá sin a bheith ag seasamh ar a dhá chos chúil sa chistín agus é ag iarriadh gréim a fháil ar cibé bia a bhí fágtha ar an tábla. Ní raibh sé mórán ní b’fhearr agus muid taobh amuigh - bheadh sé ag tochailt sa gháirdín, ag tarraingt ar an iall ar shiúlóid agus ag taffan ar achan mhadadh a chonaic muid agus bheadh sé ag iarriadh gréim a bhaint asainn nuair a thiocfadh sé abhaile ón tsiulóid. Thiocfadh leat a rá go raibh iontas orainn go raibh an madadh beag foirfe seo chomh dalba sin ach níos measa ná sin - bhí eagla orainn.

Thriail muid achan rud an chéad chúpla seachtain sin - scairteadh air, ligean dó, siúl ar feadh cúpla uair an chloig achan lá go mbeadh tuirse air - ach ní raibh rud ar bith ina chuidiú. Fuair muid duine proifisiúnta isteach a chuidigh linn go pointe ach, ag amharc siar air anois, ní raibh de dhíth ar Fergus ach foighne, stiúradh agus grá. Níl an lead beag seo ach bliain d’aois agus tá sé i ndiaidh dul fríd an oiread sin ina shaol beag - cuid dó nach mbeidh a fhios againn riamh - agus is cinnte gur fhág sin lorg air. Cuireann muid ‘Nervous Fergus’ air anois lena chur i gcuimhne duinn nach bhfuil ann ach coileán beag a bhfuil mothúcháin mhóra aige agus é ag iarriadh ciall a bhaint as an saol seo.

Tá Fergus againn le trí mhí anois agus ta sé iomlán difriúil ón mhadadh a fuair muid, agus ón mhadadh a bhí uainn. Is breá leis a bheith ina chodladh, go háirithe ar an tolg lena mhamaithe, agus bíonn sé ag sranfach agus ag brionglóideach leis. Foghlaimíonn sé cleasanna úra i gcónaí - tá sé anois ag fóghlaim cén dóigh suí lena dhá chos tosaigh thuas san aer. Agus bíonn sé ag ceol nuair a bhíonn a mhamaithe ag seinm ceoil. Bíonn sé go fóill iontach neirbhíseach agus é taobh amuigh agus bíonn sé ag tafann ar mhadaí eile nuair a fheiceann sé iad, ach tá feabhas ag teacht air achan lá.

Mholfainn go mór do dhuine ar bith madadh a uchtú. Tá sé ar cheann de na rudaí is deacra a rinne mé riamh i mo shaol ach anois go bhfuil sé socraithe isteach, ní bhéinn in ann mo shaol a shamhlú gan é agus bím bródúil as achan uile lá.

Close
Close