Páirc Mhic Easmainn: céim ar chéim

Fearghal Mag Uiginn

Ábhar dóchais do Chumann Lúthchleas Gael Chúige Uladh go gcuirfear tús athuair le réamhobair ar Pháirc Mhic Easmainn, Béal Feirste, an tseachtain seo.  I ráiteas a d’eisigh Comhairle Uladh CLG, tá tugtha le fios gur cuireadh pobal na háite, lucht gnó agus eagraíochtaí sa cheantar ar an eolas faoina bhfuil beartaithe.

Dea-scéal é don olltogra seo in iarthar na cathrach mar is scéal é a bhí ina thost le sé mhí anuas ó gheall Rialtas na Breataine £50 milliún punt dó i mí an Mheithimh. Agus costais na hatógála ag ardú as éadan le fada, ní féidir am ar bith a mheilt.

Ábhar misnigh fosta mar sin go bhfuil airgead luaite leis an togra sa dréachtbhuiséad rialtais a d’fhógair an tAire Airgeadais ó thuaidh, John O’Dowd ó Shinn Féin, díreach roimh an Nollaig. Tá £52.4 milliún luaite le cos a choinneáil leis an ráta boilscithe. Ar an dóigh sin, ní chaillfidh an t-airgead atá geallta cheana féin (£62.5 milliún) a luach, más maith leat. Spreagadh ach ní breac go port!

Caithfear a chur san áireamh nach airgead ‘breise’ atá i gceist agus gur dréachtbhuiséad trí bliana atá molta. Níor glacadh go fóill leis an bhuiséad agus tá comhairliúchán poiblí ocht seachtaine ar siúl faoi láthair.  Ansin, beidh cur is cúiteamh ann agus leoga beidh comhaontú de dhíth ag leibhéal an Fheidhmeannais.

Áit a bhfuil an toil, gheofar an t-airgead a chantar go minic ach níl ceachtar acu in áit faoi láthair, toil ná airgead.

Má amharctar ar an airgead atá geallta, tá an £62.5 milliún thuas ó Stormont agus an £50m ó Rialtas na Breataine. Sa mhullach air sin, tá £42m (€50m) ó Rialtas Phoblacht na hÉireann agus £15m ó Chumann Lúthchleas Gael féin. Is ionann sin agus £169.5m. Meastar go gcosnóidh an togra ar a laghad £270m, rud a fhágann bearna £100m, bearna nach líonfar gan toil.

Maidir leis an toil chéanna, tá ráite le gairid ag Céad-Aire Thuaisceart Éireann, Michelle O’Neill, gur buntosaíocht de chuid an Fheidhmeannais í atógáil Pháirc Mhic Easmainn agus gur chóir tús áite a thabhairt di - i gcuideachta a chéile, mar phobal.

Is mór idir sin agus dearcadh Gordon Lyons (DUP) atá ar an Fheidhmeannas céanna ach nach bhfuil ar an tuiscint chéanna gur buntosaíocht í an pháirc. Is faoina chúram siúd mar Aire atá cúrsaí spóirt agus in agallamh a rinne sé ar an Chéadaoin seo caite, is léir gur tábhachtaí leis tithíocht shóisialta (a bhfuil £441m molta ina leith sa dréachtbhuiséad).

Bearna tola agus bearna airgeadais atá le líonadh ag pointe éigin, beag beann ar an réamhobair atá ar siúl an tseachtain seo.

Gafa idir an dá bhearna seo, tá na Cluichí Gaelacha i mBéal Feirste, Cumann Lúthchleas Gael na cathrach, na contae agus an chúige. Páirc a bhí ag croílár an Chumainn ach nár imríodh cluiche uirthi le trí bliana déag – agus cuirfear leis an fhad sin. Buanchuimhní spóirt ag cuid mhaith de lucht leanúna na gCluichí Gaelacha i gCúige Uladh ar an pháirc agus ar choimhlintí iontacha san áit.

Glúin iomlán de dhaoine óga gan chuimhní.  

Tá a fhios go maith gur iomaí dóchas bréagach a tugadh d’atógáil Pháirc Mhic Easmainn cheana féin agus, ar an ábhar sin, creidtear go gcaithfear fanacht i mbun na measarthachta maidir leis an chéim is úire seo.  

Is léir nach fiú do dhaoine a bheith ag caoineadh ina áit na maoiseoige – deacrachtaí le cead pleanála, paindéim dhomhanda, moilleadóireacht leanúnach, fadhb le teastas sábháilteachta, staid 38,000 laghdaithe go 34,500, naimhdeas is diúltachas agus ar ndóigh bréagdhóchas Euro 2028.

Ní tógáil ná atógáil atá i gceist leis an obair a gcuirfear tús léi an tseachtain seo ach an suíomh a ghlanadh, an seanardán a leagan – réamhobair.  Is fada go fóill uainn an tógáil féin. Céim ar chéim agus b’fhéidir coiscéim ar choiscéim an mana is suntasaí faoi láthair agus ciall leis an mhana céanna.

Ina thuarascáil bhliantúil, tá luaite ag Rúnaí Chomhairle Uladh, Brian McAvoy, gur ar bhonn céimnithe a thógfar Páirc Mhic Easmainn agus cuireadh sonrú san fhriotal sin: “Engagement with the Planning Service continued throughout the year and the principle of a phased delivery of the stadium is accepted.”

Ní ann d’infheistíocht ollmhór amháin a thuilleadh mar a gheall Euro 2028.  Céim ar chéim a thógfar an pháirc athuair an cur chuige agus is maith ann an chéad chéim eile an tseachtain seo.

Ag dul chun tosaigh uaithi sin, beidh sé barrthábhachtach don togra go nglacfar leis an dréachtbhuiséad thuasluaite agus níl amhras ar bith ann ach go mbeidh ar Chumann Lúthchleas Gael féin cur leis an £15m atá geallta faoi láthair. Dá gcuirfeadh CLG £50m eile leis agus dá ndéanfadh an dá rialtas amhlaidh ar bhonn céimnithe, ag teacht chun cladaigh a bheadh an togra.  

Togra a gealladh thiar sa bhliain 2011 agus atá tuillte ag Gaeil Uladh ach caithfear an cás a dhéanamh os ard ar achan leibhéal agus cur leis an neart atá á bhailiú faoi láthair.  

Caithfear céim eile chun tosaigh a ghlacadh a luaithe agus is féidir le céimeanna stairiúla spóirt Pháirc Mhic Easmainn a chur ar na bonnaí arís.

Close
Close