Oibrithe tábhachtacha ina dtargaidí ag Iosrael i gcónaí

Michelle Nic Pháidín

Tá sé dochreidte go ndéanfadh tír ar bith targaid d’otharlann, áit a bhfuil daoine go dona tinn agus daoine eile ina luí taobh leo ag saothrú an bháis.

Ach sin mar a tharlaigh i nGaza. Rinne fórsaí Iosrael Otharlann Násir a ionsaí Dé Luain, an 25 Lúnasa.

Dúradh gur buaileadh an otharlann faoi dhó ach go luath ina dhiaidh sin rinneadh go leor plé faoi cé acu ar buaileadh an foirgnimh níos mó ná sin. Tá fiosrúchán go fóill ar bun faoin cheist.

Nuair a dhéantar ionsaí ar fhoirgneamh ar bith faoi dhó, is iad na hoibrithe sláinte, na hoibrithe tarrthála, agus na hiriseoirí - iad siúd a thugann rúid le daoine a shábháil agus leis an scéal a chur i mbéal an phobal - is iadsan is mó a bhuailtear le linn an dara pléascadh.

Cé gur olc an chéad bhuille is olc ar fad na himpleachtaí a bhaineann leis an dara pléascadh mar go bhfuil tuilleadh maraithe agus dochar mór déanta don chumas tarrthála agus do na hoibrithe sláinte.

Is mar sin a bhí an cás i nGaza nuair a maraíodh ar a laghad scór duine. Ba ghníomh samhnasach, cruálach, mídhaonnachtúil é.

I ndiaidh na heachtra fuiltí seo, dúirt Netanyahu gur botún tragóideach a bhí ann, ach sna sála ar an ráiteas sin tháinig an IDF chun tosaigh le scéal eile, is é sin go raibh ceamara faireachais in airde ag Hamas ar an fhoirgneamh agus gurbh é sin an chúis gur dhírigh siad air.

Uaireanta, ní bhíonn a fhios ag an lámh dheas caidé atá an lámh chlé a dhéanamh, ach léiríonn seo go soiléir cé chomh hamaideach agus a bheadh sé éisteacht ar bith a thabhairt d’fiosrúchán a dhéanfaidh Iosrael féin i dtaca le himeachtaí an lae sin. Tá géarghá le fiosrúchán neamhspleách, dá ligfí aon ionadaí idirnáisiúnta isteach.

Muna bhfuil údaráis na tíre ábalta theacht amach leis an scéal céanna i ndiaidh na tragóide, caidé mar a d’fhéadfadh daoine glacadh leis go mbeadh an scéal ceart acu i ndiaidh próiseas fiosrúcháin?

Ní seo an chéad uair a rinneadh ionsaí ar an otharlann chéanna, ar ndóigh.

I lár mhí Feabhra 2024, chuir fórsaí Iosrael léigear ar an otharlann. Rinneadh go leor damáiste don fhoirgneamh san ionsaí sin agus tharlaigh eachtra eile i mí na Bealtaine inár maraíodh iriseoir.

Tá oibrithe sláinte agus tarrthála de dhíth go mór i nGaza faoi láthair, agus is iad na hiriseoirí a chuireann scéala na n-oibrithe sin, an t-uafás a bhíonn siad á fulaingt, ar fáil don saol mhór. Nuair a dhéantar na hiriseoirí a mharú dhéantar an insint ar an scéal a mhúchadh agus a phlúchadh.

Is mór an trua nach bhfuil réiteach ceart faighte ag ceannairí domhanda ar an ghéarchéim uafásach seo. Tá páistí ina luí agus a dtaobhanna buailte ar a chéile leis an ocras agus mar Éireannaigh téann ár smaointe ar ais go dtí am an Ghorta Móir. Bíonn macallaí den phian, den éagóir, den olcas inár gcroí mar gurbh é sin muidinne uair den tsaol, ár sinsir féin, agus tá a rian sin ionainn i gcónaí.

Tá muid uilig ag súil agus ag tnúth leis na cumhachtaí idirnáisiúnta rud inteacht a dhéanamh fá dtaobh de ar ár son.

Rinneadh cáineadh arís agus arís eile ar an ionsaí ar an otharlann agus go leor ag lorg fiosrúchán neamhspleách ar an chúis a bhí leis. Tá sos cogaidh á lorg ag daoine eile agus ceannairí eile ag iarraidh go mbeadh cosaint ceart tugtha do na hoibrithe sláinte, tarrthála agus iriseoirí sa Phalaistín.

Ag deireadh na dála, ba cheart go mbeadh stop curtha leis an slad seo i bhfad siar agus na mílte marbh dá bharr, ach ar chúis amháin nó ar chúis eile táthar ag ligint d’Iosrael rith leis.

Tá rud amháin cinnte, nuair a dhéanfar stair ár linne a scríobh is mór an náire a bheas ann do na cumhachtaí agus do na tíortha a lig dá leithéid tarlú agus nach raibh sé de mhisneach acu stop a chur leis.

Close
Close