Ciarán Ó Pronntaigh
A leithéid de bhuille! Go deimhin, is é Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann an t-eagras Gaeilge is neamhchonspóidí agus is neamhurchóidí a bhí riamh ann. Cuireadh ar bun é thiar sa bhliain 1987, i dtréimhse a raibh brú ar Rialtas na Breataine éilimh phobal na Gaeilge a cheansú agus aitheantas éigin a thabhairt don Ghaeilge. Ag an am, níor mhian leo tacaíocht a thabhairt do dhream ar bith a bhí lonnaithe sa phobal, nó, b’ionann an pobal sna laethanta sin agus ainrialaithe fiáine a bhí ag iarraidh an bonn a bhaint den stát.
Seans go mbeidh cuimhne agat ar an pholasaí dhúr seo, polasaí a chuirfeadh náire, fiú, ar DUP an lae inniu. Seo na laethanta a chaill Glór na nGael a mhaoiniú (1990) agus nuair a diúltaíodh d’aon tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh mar Lá nó Raidió Feirste.
Cé gur ón dearcadh dhiúltach seo a tháinig an Tionscadal Logainmneacha ar an tsaol, bhláthaigh sé ina áis iontach do dhaoine anseo. Chaith lucht an Tionscadail am agus dúthracht ag seiceáil na bhfoinsí a bhain lenár gcuid logainmneacha – chuir siad bonn acadúil leis na leaganacha a d’fhoilsigh siad agus thug siad léargas dúinn uilig ar an stair shaibhir a bhain leis an ghné thábhachtach seo dár n-oidhreacht.
Meastar go bhfuil os cionn 30,000 ainm lonnaíochtaí agus gnéithe fisiciúla sna sé chontae agus ní beag an obair é tabhairt faoin taighde seo. Ach chuaigh siad i mbun an tsaothair le fonn agus, b’fhéidir, le bród. De réir a chéile, d’fhoilsigh siad imleabhair inar leagadh amach an cás do gach leagan logainm a roghnaíodh. Léirigh siad tírdhreach ildaite ina bhfuil fréamhacha Gaeilge, Béarla, Albainise, Lochlainnise agus Fraincise ann. Lón léitheoireachta atá i ngach ceann de na himleabhair a osclaíonn doras do shaol a théann siar tuilleadh agus míle bliain.
Ach d’imigh sin agus tháinig seo. Le gairid, bheartaigh Gordon Lyons, an tAire Pobal, an Tionscadal a chur i lár na stoirme nuair a dhiúltaigh sé é a mhaoiniú. Cé nach bhfuil comhaontú ann faoin rud a tharla, is cosúil gur aistríodh dualgais an Tionscadail chuig an Roinn Pobal, an áit a mheasfá ar chóir dó a bheith. Ach páirtí eile a bhí i mbun na roinne sin ag an am agus is mian le Lyons úsáid a bhaint as le buille eile a bhualadh sna cogaí cultúir atá ar siúl faoi láthair.
Cé go díreach a tharraing siar an maoiniú? Deir an DUP gurbh é an Roinn Airgeadais ba chiontach, deir Sinn Féin nach bhfuil an Roinn Pobal sásta a cuid billí féin a dhíol. Is cuma, ar bhealach, nó tá an maoiniú ar ais, a bhuí le Caoimhe Archibald, an tAire Geilleagair.
Tá rud le foghlaim as an phraiseach seo – ar eagla gur chaill tú é, tá an Ghaeilge ar ais i lár bhlár an chatha arís. Ceann de na cúiseanna a raibh amhras ar Lyons faoin Tionscadal gur foinse fhaofa é chun an leagan ceart logainm i nGaeilge a fháil. (Ní gá dom a rá anseo gur ón Ghaeilge a tháinig bunús mór ár gcuid logainmneacha ach ní cath loighce é seo). Ar an chúis sin, mhaígh sé nár chóir maoiniú a thabhairt do dhream a bhí ag cuidiú, ar dhóigh ar bith, le hualach na gcomharthaí dátheangacha atá á spré amach i gceantair nach bhfuil fáilte rompu, dar leis. Níl mé cinnte an mbeidh Windowlene Avenue nó Prince Andrew Close i gceann ar bith de na himleabhair logainmneacha ach is scéal thairis é anois.
Rinne an DUP rogha lántoiliúil anseo liathróid pholaitiúil a dhéanamh den Ghaeilge trí iarracht chiotach amhras a chur i maoiniú don Ghaeilge. Sa deireadh, ní dhearna sé difear dá laghad ach maolaíonn sé muinín phobal na Gaeilge sa chóras pholaitiúil ó thuaidh. Cén dóigh a dtiocfadh linn cothromaíocht don Ghaeilge a bhaint amach má tá an duine atá ina bhun go dlúth ina héadan? Is tráthach, mar sin, gur ar an tseachtain chéanna a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge a thuairisc: Éire aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.



