Minimal Human Contact: dráma cumhachtach tráthúil

Dónall Mac Giolla Chóill

Níl focal curtha amú, níl focal a bharraíocht ann, tá gach focal fíor agus ón chroí, agus mar is dual leis an fhírinne, ní searbh amháin atá sí ach garbh leis.

Mar a bheifeá ag dúil leis ó duine de thríréad an ghrúpa ceoil Kneecap, tá Naoise Ó Cairealláin, a.k.a. Moglaí Bap, oilte sa scéalaíocht, bíodh sé ar ardán amharclainne nó i bPáirc na bhFál.

Ag pointí áirithe le linn an dráma, dá ndruidfeá na súile agus tú ag éisteacht le Seán T. Ó Meallaigh ag déanamh cur síos ar a thuras chuig casino i lár na cathrach, thiocfadh leat óna chuid focal amháin sráideanna salacha, suaracha Bhéal Feirste a shamhailt ar thráthnóna caidheach fliuch geimhridh.

Tá an oiread sin fuinnimh ag Ó Meallaigh - an t-aon aisteoir sa seó - agus an réimse chomh leathán sin aige go dtig leat na seanmhná a fheiceáil taobh amuigh den halla biongó.

D’aimsigh sé lárchanúint uirbeach dó féin, agus in ainneoin gur i gConamara a tógadh an fear céanna, thug sé guth inchreidte Feirsteach uaidh.

Thig amharc ar dhrámaí (maith dom an t-imeartas focal) mar shiamsaíocht, ach tá ról lárnach ag an amharclannaíocht mar uirlis oideachais shóisialta agus deis foghlama don tsochaí mhór.

Is minic le fada an lá ceisteanna sóisialta - mar shampla an t-alcólachas, drúgaí, mí-úsáid ghnéis, iompar frithshóisialta, coiriúlacht, scéimhleitheoireacht agus ceisteanna eile - á bplé ar ardán, ach is annamh a cuireadh ar mo shúile domh an dochar a bhaineann leis an aindúil sa chearrbhachas, dochar atá go fóill faoi cheilt ar go leor bealaí.

Bíonn an rian le feiceáil i gcás an alcóil agus na ndrúgaí go minic, tá an dochar sóiléir agus thig tabhairt faoi dá réir.

Ach nuair atá an tionchar a bhaineann leis an chearrbhachas folaithe, faoi cheilt mar a dúirt mé, agus an dochar sin ag ithe agus ag alpadh anam agus inchinn an duine ón taobh istigh, is furasta a thuigbheáil gur galar dofheicthe é an aindiúlacht áirithe seo.

Tá scéal ionraic cróga Uí Chairealláin, ina léiríonn sé a anam dúinn ar ardán, ríthábhachtach mar sin.

Níl léamh ná scríobh ar an líon daoine idir óg agus sean a bhfuil smacht ag an chearrbhachas orthu agus tá sé tábhachtach go mbeadh a leithéid de scéal ar fáil do ghlúin Gael a d’fhéadfadh titim faoi scáil na gcártaí agus na gcapall, na rothaí rúiléide agus na ngeallghlacadóirí.

Tá gnéithe closamhairc ag baint leis an seó aonair seo a chuireann go mór leis an eispéireas ar fad, a bhuíochas leis an dearthóir Mags Mulvey.

An spás beag sin a chuimsíonn an t-ardán, cuireann sé sráideanna agus na hionaid imeartha sin in iúl ar bhealach iontach.

An stiúradh a dhéanann Bríd Ó Gallchóir ar an seó a chuirtear os ár gcomhair, léiriú gan tuisle, máchail ná locht, léiriú láidir muiníneach - tá sé mar a bheifeá ag súil leis ó stiúrthóir a thugann faoi mhórcheisteanna a phlé chomh maith le siamsaíocht a chur ar fáil.

Seo mórléiriú na bliana ag Aisling Ghéar a tháinig fríd an phaindéim le léirithe nualaíocha ar líne agus a mhaireann go fóill beag ar bheagán.

Seo léiriú nualaíoch fíorúil arbh fhiú é a fheiceáil arís.  

Nuair a chuaigh mise chuig an réamhléiriú Dé Luain bhí cara liom nach bhfuil Gaeilge ar a thoil aige - sea, bím i measc a leithéide uaireanta - agus dúirt sé liom ina dhiaidh go raibh an t-aistriúchán comhuaineach a bhí curtha ar fáil ag an aisteoir Francis Mezza “in sync”. Sin rud ar leith, tá mé a rá leat, mar dhuine atá ag cleachtadh na ceirde sin le breis agus fiche bliain, éacht atá ann gan aon amhras.

Ba chóir an dráma seo a thabhairt ar camchuairt náisiúnta, ba chóir é a chur sa tsiúl i ngach Gaelscoil sa tír, agus go mbeadh staidéar á dhéanamh air agus ar an téama tromchúiseach lena mbaineann sé sna ranganna a phléann le forbairt phearsanta an duine óig agus leis an fheasacht ar an mheabhairshláinte.

Tiocfaidh an lá a dhéanfar staidéar ar an dráma seo agus ar cheist an cearrbhachais agus na haindiúlachta, ar an dochar a bhaineann leis agus ar an féidearthachtaí atá ann teacht as agus maireachtáil beo.

Is mithid don lá sin a theacht. Faraor, do go leor daoine óga eile tá sé chéana féin rómhall.

Close
Close