Meabhairshláinte: Tuairimí Laochra Loch Lao

Seachtain na Meabhairshláinte atá ann ó thuaidh ón 14ú go dtí an 20ú lá den mhí seo.

De réir an Mental Health Foundation mothaíonn 51% de dhaoine fásta faoi strus agus tá 61% acu imníoch.

Dúirt an eagraíocht go mbíonn féinmharú ar intinn ag 16% de na daoine sin a bhí faoi strus agus go mothaíonn 37% de dhaoine uaigneach mar gheall ar an strus.

Is eol do chách go bhfuil tuairim ann nach labhraíonn fir faoina gcuid mothúchán ná meabhairshláinte go minic.

Ach an bhfuil seo ag athrú? Agus cad is féidir a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá ag fulaingt de bharr dúshláin mheabhairshláinte?

Labhair Meon Eile le cúpla ball ón fhoireann peile Laochra Loch Lao faoin ábhar seo, na dúshláin a bhaineann leis agus na dóigheanna a dtéann siad i ngleic leo. 

Close
Close