Léamh agus scríobh na Gaeilge - fúinn féin atá sé

Concubhar Ó Liatháin

Deirtear go bhfuil géarchéim i litríocht na Gaeilge nó tá comhlacht foilsitheoireachta aitheanta, Cois Life, ag éirí as an ngnó.

Agus iad ag fógairt a gcinnidh, dúirt na stiúrthóirí i litir go raibh “scithleitheoireacht na Gaeilge dulta ar gcúl go tubaisteach” agus, níos measa arís, nach raibh téarnamh i ndán di.

“Tá caighdeán Gaeilge na mac léinn tríú leibhéal imithe in ainnise, agus tá an litríocht imeallaithe ar na cúrsaí léinn sa tslí go bhfuil mórán saothar ag Cois Life anois ‘ródheacair’ do chuid mhór mac léinn bunchéime agus leisce dá réir ar léachtóirí iad a roghnú ar chúrsaí. Tá crapadh na teanga mar aon le díothú na nualitríochta as na hollscoileanna tubaisteach d’fhoilsitheoir liteartha agus d’údair chruthaitheacha na Gaeilge.”

Tá go leor ráite sa mhéid sin gan aon amhras.

Is mór an dúshlán atá roimh údair Ghaeilge ábhar a chur ar fáil do lucht léitheoireachta - dream atá imeallaithe, cheapfá, de bharr teacht i dtreis ré Twitter agus Netflix.

Ar ndóigh is ar imeall an imill sin a mhaireann léitheoirí Gaeilge.

Is lú i bhfad ár líon ná lucht léitheoireachta leabhar Béarla.

D'iarr mé ar údar agus foilsitheoir Gaeilge roinnt blianta ó shin cad é an meán díolacháin a bheadh ag leabhar óna chomhlacht agus dúirt sé liom go raibh tú ag caint ar, b'fhéidir, trí chéad cóip.  

"Ach," ar seisean, "an bhfuil a fhios agat an meán díolacháin a bhíonn ar leabhar Béarla?"  

"Cúpla míle cóip," d'fhreagraíos.

"Ní hea in aon chor ach cúpla céad, b'fhéidir trí chéad."

Chuir sin iontas orm.

Cheapas go mbeadh i bhfad níos mó ag léamh leabhar i mBéarla ná leabhar i nGaeilge.

Nuair a smaoiníos ar an margaíocht agus ar an bpoiblíocht shíoraí ar na meáin chraolta atá ar chúl gach leabhair Bhéarla, ní fhéadfainn a mhalairt a shamhlú. 

Nuair a dheineas a thuilleadh machnaimh ar an gceist, thuigeas go raibh i bhfad níos mó leabhar i mBéarla ar an margadh agus iad go léir san iomaíocht le chéile dár n-aird.

Is féidir leat féin an mhatamaitic a dhéanamh...

Tá leabhair Ghaeilge nach bhfuil go leor margaíochta á déanamh ar a son - agus ní ag baint ó obair mhaith 'Love Leabhar Gaeilge' atáim nó is ar éigean gur féidir, leis an airgead atá againn, a dhóthain margaíochta a dhéanamh, chun dul san iomaíocht le leabhair i mBéarla.

Mar sin de, ní hiontas go bhfuil sé deacair iad a dhíol.

Is mó ná margaíocht an dúshlán roimh léamh agus scríobh na Gaeilge, áfach.

Tá deacrachtaí eile le dul i ngleic leo.

Ceann acu sin ná chomh deacair agus is féidir leis an nGaeilge a bheith le léamh, go háirithe Gaeilge na litearthachta.

Is deas i gcónaí éisteacht le duine ag labhairt i nGaeilge - nó Gaoluinn mar a deirimid i Múscraí - shaibhir dhúchasach agus í fileata is rithimeach is ceolmhar.

Ach má labhríonn duine róthapa, bíonn daoine a deir nach dtuigeann siad an teanga ar chor ar bith. 

Is féidir leis bheith mar a chéile nuair atá tú ag léamh leabhar nó alt i nGaeilge.

Is féidir leis an teanga a bheith róshaibhir is ródheacair le tuiscint.

Bheadh foclóir riachtanach agus ansan fiú bheadh sé deacair mar gheall ar an nós atá ag údair is eile a bheith ag scríobh abairtí móra fada le clasail is fochlasail, iliomad aidiachtaí is friotal fileata. 

Is mé ag obair le Lá/Lá Nua 10 mbliana ó shin anois, bhíodh riail ann gan dul thar cúig fhocal is fiche in aon abairt amháin.

Anois, shamhlófá gur teorainn ard a bhí ansan ach ba mhinic a bhriseas féin an riail is mé i m'eagarthóir.

An féidir gur chuir sin daoine ó bheith ag léamh i nGaeilge?

Má léann tú Gaeilge ar shuíomhanna idirlín ar nós Tuairisc is NÓS nó anseo ar Mheon Eile, nó in irisí ar nós Comhar is Feasta agus An tUltach, an mbíonn an Ghaeilge ansan róchásta don ghnath-'scithleitheoir'?  

Tá roinnt léite agam ar Tuairisc le déanaí agus gan a bheith ródhian mothaím go raibh siad deacair le léamh cé go raibh spéis agam san ábhar. 

Ar an lámh eile, tá a mhalairt de scéal ag titim amach freisin.

Is ionann agus lámh mharbh ar léamh na Gaeilge cur chuige an Stáit ina leith.

Tá an Stát ár mbá i ndrochGhaeilge, teanga atá aistrithe ag innill ar nós Google Translate agus aistrithe go holc.

Ar chomharthaí bóthair, ar chaipéisí oifigiúla, ar fhíseáin le daoine a fháiltiú go hÉirinn.

Thánag trasna ar a leithéid ar shuíomh idirlín Chomhairle Contae Chorcaí le déanaí agus rinneas tuairisc faoi ar son an Irish Examiner.

Ina leithscéal liom, dúirt an Chomhairle Contae nach raibh siad ag sárú na scéime teanga a bhí aontaithe acu.

B'fhéidir é, ach an ligfeadh a náire dóibh, dá mba rud é go raibh an bhróg ar an gcos eile, leagan 'pidgin' d'aistriúchán Béarla ar bhuntéacs Gaeilge a fhoilsiú?

Ní dóigh liom é.

Is cinnte gur masla é do chainteoirí Gaeilge, mar a mhaígh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Is mó dochair ná sin é sa mhéid is gur amhail is gur thruailligh an Chomhairle Contae fíoruisce le ceimiceán nimhneach é an leagan de Google Translate a úsáid mar mhalairt ar leagan de Ghaeilge réasúnta is simplí le léamh.

Ba cheart go gcuirfí an dlí ar an gComhairle Contae agus ar aon údarás poiblí eile a dhéanann a leithéid agus fíneáil throm a ghearradh orthu is go ndíreofaí sciar suntasach den chiste sin ar léamh na Gaeilge a spreagadh.

Tá sé éasca, is dócha, suí ar leataobh agus a bheith ag moladh beartas a bheadh ar dhaoine eile a chur i gcrích.

Más é sin atá ar bun agam, ní bheidh aon athrú.

Tá orm féin beart a dhéanamh de réir mo bhriathair.

Beidh orm féin leabhar a scríobh a bheidh inléite agus ina mbeidh mo chuid smaointe ar an ábhar le tuiscint ón méid a bheidh le léamh ar na leathanaigh.  

Má tá téarnamh i ndán do léamh agus scríobh na Gaeilge, beidh orainn, idir léitheoirí is scríbhneoirí na Gaeilge, lámh a bheith againn sa téarnamh sin.

Close
Close