Lá Náisiúnta na gCapall

Inniu Lá Náisiúnta na gCapall agus chun an ócáid seo a cheiliúradh, thug Meon Eile cuairt ar fhear amháin a bhfuil suim as cuimse aige san ainmhí seo. D’fhás Cathal Ó Ceallaigh aníos ag obair le capaill agus tá sé go fóill ag dul don obair seo go páirtaimseartha.

Deir Cathal go raibh suim aige i gcónaí sna capaill agus gur fhorbair an spéis go nádúrtha ann toisc go raibh suim ag a athair iontu agus ag a athair mór roimhe sin. Is ainmhí cróga láidir é an capall, a deir sé, agus bíonn suaimhneas ag baint le bheith ag obair leo, rud a thaitníonn leis.

Deirtear go bhfuil na hainmhithe seo daor go leor le coinneáil, agus is fíor sin. Tá neart trealaimh de dhíth le bheith ag amharc ina ndiaidh agus tá costas an bhia ar fad le cur san áireamh fosta. Ní miste le Cathal sin áfach.

Blianta ó shin bhíodh ról lárnach ag na capaill ar an fheirm agus iad ag saothrú na talún nó ag bogadh trealamh trom ó áit go háit. Sa lá atá inniu ann, úsaidtear tarracóirí agus innill don sórt seo oibre ach bíonn na capaill go fóill le feiceáil ar an raon rásaíochta nó i gcomórtais seóléimní.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Lá Náisiúnta na gCapall, is féidir brú ar an nasc seo a leanas:

https://www.awarenessdays.com/awareness-days-calendar/world-horse-appreciation-day-2020/#:~:text=November%2016,to%20have%20in%20our%20lives.

Close
Close