Is teanga oibre í an Ghaeilge

Ciarán Ó Pronntaigh

Tá cleas cliste ag lucht díspeagtha na Gaeilge. ‘Labhraíodh daoine a bhfuil spéis acu inti í ina n-am féin mar chaitheamh aimsire,’ a deir siad. Tuigeann siad go maith na himpleachtaí a ritheann leis an ráiteas seo. Ní ‘gnáth-theanga’ í sa chiall is gur gnáth-theanga í an Fhraincis nó an Béarla, teangacha a bhíonn de dhíth le tír a reáchtáil agus le tráchtáil a chur chun cinn idir tíortha.

Is é fírinne an scéil go bhfuil 27 dtír san Aontas Eorpach, cuid acu mór, amhail an Fhrainc agus an Ghearmáin, agus líon mór acu atá beag. Tá ocht stát níos lú ná Poblacht na hÉireann ann agus teanga oifigiúil ag lear mór acu. An Mháltais, mar shampla, i dtír a bhfuil níos lú ná leathmhilliún duine ina gcónaí ann. Nó an Eastóinis, nó an Laitvis.

Tá bród ag na tíortha seo as a dteanga féin agus cuireann an tAontas Eorpach dóigh ar fáil dóibh a ngnó a dhéanamh leis an Aontas ina dteanga féin. Cinnte, tá costas ag baint leis seo ach, leis an chostas seo, tagann meas agus, as an mheas sin, thig leis na tíortha seo plé lena chéile le féinmhuinín. Ar an drochuair, nuair a thóg an Phoblacht ballraíocht sna Comhphobail Eorpacha in 1973, níor bhac sí teanga oifigiúil ná teanga oibre a dhéanamh den Ghaeilge. B’fhéidir go raibh an stát chomh buíoch sin as bheith sa chlub nár bhrúigh siad ceist na teanga ach coinnítear i gcuimhne gur ag an am céanna a bhí iarrachtaí ar siúl stádas na Gaeilge sa státseirbhís a ísliú.

Is ábhar náire gur fhan an rialtas ó dheas go dtí an bhliain 2005 le stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas a iarraidh. Ag an am, áfach, iarradh maolú ar fheidhmiú iomlán na reachtaíochta nó síleadh nach raibh go leor aistritheoirí proifisiúnta ar fáil le gach cáipéis a aistriú. Deireadh an mhaolaithe seo an scéala a fógraíodh ar Lá Caille go raibh an Ghaeilge mar an 24ú teanga oifigiúil agus oibre san Aontas.

Beidh daoine ann a déarfaidh gur cur amú ama agus airgid a bheas ann. Pointe nótáilte ach níl i gceist ach caiteachas de thart ar €2.00 an duine sa bhreis sa bhliain. Agus tá an pobal ó dheas ag íoc as an chóras aistriúcháin cibé, is cuma más ann nó as an Ghaeilge. Cuid acu, deir siad gur chóir an t-airgead seo a chaitheamh ar scéimeanna fiúntacha leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Is trua nár chuala muid mórán ó na díograiseoirí ciúine seo go dtí anois agus gur fhan siad gan ghníomh chomh fada sin. Cibé ar bith, níl an t-airgead don obair seo inaistrithe ar an dóigh sin.

Tá pointe eile le déanamh in éadan an stádais nua go mbeidh a lán aistritheoirí de dhíth leis an pholasaí úr a chur i bhfeidhm. Tá sin fíor, go cinnte, ach tá thart ar 200 duine ag aistriú leo faoi láthair agus cúrsa saindeartha sa tsiúl leis an bhearna a thabhairt isteach. Imeoidh cuid de na daoine an-oilte seo agus ní bheidh siad ar fáil sa tír seo le cuidiú le hathbheochan na teanga. Ó mo thaithí, áfach, tagann scaifte acu ar ais go hÉirinn i ndiaidh seal a chaitheamh ar an mhór-roinn. Sin tobar de dhaoine deisbhéalacha a bheas ábalta cás ar son na Gaeilge a dhéanamh go slachtmhar.

Fáilte mhór, mar sin, an rud ba chóir dúinn a chur roimh an chinneadh faoin ardú stádais seo. Agus stádas an focal is tábhachtaí sa phlé seo. Ní hamháin go mbeidh stádas idirnáisiúnta ag an teanga nach raibh aici ó aimsir Eilís I, ach beidh stádas úrnua aici sa bhaile chomh maith. Tuigfidh páistí ar scoil go mbeidh gá le scileanna teanga agus go mbeidh fostaíocht ardphá ar fáil. Samhlófar an teanga le proifisiúntacht nár samhlaíodh léi riamh. Rinne Dáithí Mac Cárthaigh pointe tábhachtach an tseachtain seo ag míniú go mbíonn an tríú teanga de dhíth ar na haistritheoirí san Aontas agus mar sin de go mbeidh níos mó Éireannach sna codanna sin den Aontas ina ndéantar pleanáil agus cinntí tábhachtacha, rud a rachas chun sochair don tír.

Ach thar rud ar bith eile, beidh eiseamláir ann den Ghaeilge á húsáid mar theanga oibre cheart in institiúid a thugann meas dise, i measc na dteangacha oifigiúla eile. Tá súil agam go mbrostóidh an eiseamláir seo iarrachtaí an Ghaeilge a neartú sa státchóras, thuaidh agus theas. Aithnítear an Ghaeilge mar theanga oibre san Eoraip anois – nára fada go mbeidh an rud céanna fíor in Éirinn!

Close
Close