Is féidir leis an gcleachtadh aireachais a bheith an-simplí

Katie McGreal

Cloiseann muid go minic gur maith an rud é aireachas nó ióga a chleachtadh, go ndéanfaidh sé maitheas dár meabharshláinte, ach ní gá go gciallódh sé sin go bhfuil dualgas amháin eile ar an liosta againn.

Tá go leor bealaí ar féidir leat an t-aireachas a thabhairt isteach mar chuid de do ghnáthlá, go háirithe má tá páistí agat! Tá páistí an-aireach cheana féin. Má bhreathnaíonn tú ar chailín nó ar bhuachaill beag agus iad ag spraoi le breagán, tabharfaidh tú faoi deara go mbíonn siad iomlán gafa leis an rud atá siad a dhéanamh, agus sin é is aireachas ann go bunúsach. Nuair atá tú dírithe ar an rud atá tú a dhéanamh, tá tú ag cleachtadh aireachais.

Má imríonn tú spórt nó má sheinneann tú ceol, smaoinigh ar céard ar a mbíonn d’aird agus tú i mbun an chleachtais. Conas a mhothaíónn tú agus tú á dhéanamh. Is sampla é sin den aireachas, aireachas mar chuid den ghnáthlá.

Is múinteoir aireachais mé. Bím ag múineadh páistí, teaghlach agus tuismitheoirí agus mar sin tá cúpla moladh agam duit anseo. Rudaí beaga simplí is féidir leat a thabhairt isteach sa saol laethúil. Oibróidh na moltaí seo duit féin amháin agus do pháistí chomh maith:

1. Aimsigh ceol, cuir ar siúl é agus bí ag damhsa! Más fearr leat is féidir leat suí go ciúin agus éisteacht leis an gceol, ach b’fhearr liom féin a bheith ag bogadh! Is uirlís iontach é an ceol don aireachas mar chomh luath is a chuireann tú ar siúl é is air a bhíonn tú dírithe. Bíonn d’intinn lán leis an gceol agus dá réir sin ní féidir leat a bheith ag smaoineamh ar nithe eile ag an am céanna.

2. Siúl chun na scoile, abhaile ón scoil, nó gabh ar shiúlóid. Agus tú ag siúl, abair leat féin, nó leis na páistí, go bhfuil tú ag iarraidh a fháil amach cá mhéid rudaí an fheiceann siad a bhfuil dath glas orthu, mar shampla. Le linn na siúlóide tá sibh ag coinneáil siúl amach i gcomhair rudaí a bhfuil an dath glas orthu. Arís eile, fágann sé sin nach gafa i do chloigeann féin atá tú acg ag breathnú ar an saol thart ort taobh amuigh.

3. Ag am dinnéir, cuirigí ceist ar a chéile faoi na rudaí maithe a tharla le linn an lae sin. Bíonn sé an-éasca díriú ar na drochrudaí ach más féidir linn na rudaí dearfacha a thabhairt chun cuimhne, athraíonn sin an meon agus na mothucháin atá againn. Bíonn sé níos éifeachtaí fós más féidir leat na rudaí maithe sin a scríobh síos, iad a chur i mbosca nó i stóras áit éigin agus ansin, ag deireadh na seachtaine, teacht le chéile agus léamh faoin na rudaí maithe a tharla daoibh.

4. Dathadóireacht in áit chiúin, nó le ceol séimh sa chúlra más mian leat. Is breá le cuid mhór páistí a bheith ag dathú nó ag péinteáil agus má dhéanann muid é gan bheith ag caint agus sinn dírithe ar an rud atáimid a dhéanamh, agus air sin amháin, is féidir linn cleachtadh aireachais a dhéanamh as go héasca!

Bainigí sult as na cleachtais seo – ba bhreá liom a fháil amach conas a éiríonn leat!

Close
Close