Humpaí Trumpaí - Imeacht gan teacht air

Dónall Mac Giolla Chóill

Beidh Donald Trump ag tabhairt cuairt orainn i gceann cúpla seachtain, ach fan, ní bheidh sé ag teacht chugainn, ach amháin go mbeidh sé ag tabhairt cuairt orainn am inteacht go cinnte, ach nach bhfuil muid cinnte cén uair go díreach a mbeidh sé ag teacht chugainn ar cuairt go cinnte.

Anois má thuig tú an méid a scríobh mé thuas, is duine níos fearr ná mé féin thú, rud nach mbeadh deacair mar éacht.

Dúradh ar na mallaibh go tobann go raibh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá ag teacht ar cuairt chugainn agus é ar a bhealach chun na Fraince/ón Fhrainc agus é ag comóradh céad bliain ó bhí deireadh an Chéad Chogadh Domhanda ann.

Bhain seo stangadh as Rialtas na hÉireann.

Bhí fógra gairid tugtha dóibh.

Orthu féin atá an locht, níl trua ar bith agam dóibh.

Iadsin a thug cuireadh dó sa chéad áit.

Agus cuireadh faoi dhó!

Enda ar dtús, agus ar eagla nár thuig An Donald guth binn fhear Mhaigh Eo, rinne Leo an cuireadh céanna a thabhairt dó i nguth binn bhlásta Bhleá Cliath.

Caithfidh go ndeachaigh an dara cuireadh i bhfeidhm air, mar gur tobann a bhí an fógra faighte go mbeadh sé ag teacht.

Baineadh geit as an rialtas, agus dúirt siad an méid sin.

An bhfeiceann tú, níl ambasadóir againn ó na Stáit Aontaithe faoi láthair, agus ní raibh ó rinneadh Domhnall Mór a insealbhú anuraidh.

Ní raibh againn ach an tUasal Reece Smyth, Chargé d'Affaires na hAmbasáide, a chaith a chuid ama anseo ag foghlaim Gaeilge agus ag tabhairt cuairt ar na ceantair Ghaeltachta.

Anois, tá a leithid ann a déarfadh go bhfuil mise soiniciúil, chan comhtharlúint é go bhfuil seantraidisiún in iarthar na hÉireann agus sna Gaeltachtaí, ár bpáirceanna a chosáint le ballaí cloiche, agus tá na samplaí is fearr de thógáil ballaí le fáil i gConnamara (mo leithscéal do mhuintir Bhun na Leaca, ach ní léann sibhse Meon Eile, so cad chuige a mbronnfainn an gradam sin oraibhse?)

Cá bhfios nach ag déanamh staidéar ar shaothair na saor cloiche a bhí sé agus é ag cur i gcéill gurbh í an teanga a mhórshuim?

B’fhéidir go bhfuil an tuairisc s’aige ar thógáil ballaí beagnach réidh, agus ansin go dtiocfaidh Domhnall Mór lena scrúdú féin a dhéanamh orthu.

Bhí sé ag iarraidh balla a thógáil é féin ag a ghalfchúrsa ar an Dún Beag, Co an Chláir.

Agus tá rún aige am inteacht go cinnte nuair a fhoireann sé, agus seans aige, cinnte cuairt a thabhairt ar an áit chéanna, nuair atá fáil aige, muise.

Bhí sé le lá a chaitheamh i mBaile Átha Cliath, nó áit inteacht nach mbeadh mórán léirsithe... Bún an Leaca?

Fan, tá oifig poist Bhun an Leaca i mbaol a druide, mar sin de tá fonn léirsithe ar mhuintir na háite, agus ní bheidh Bun an Leaca ar an liosta mar sin.

Caithfidh sé lá amháin áit inteacht timpeallaithe ag airí rialtais agus lucht freasúra (freasúra le ‘F’ beag), agus ólfaidh sé pionta Guinness agus tógfar go leor grianghráfanna.

Ansin ar aghaidh leis lá eile le cuairt a thabhairt ar an iarthar, go dtí an galfchúrsa, le cluiche gailf a imirt.

Nach maith an fear é, chun cuairt a thabhairt orainn, agus lá as dhá cheann a chaitheamh ag labhairt le polaiteoirí.

Ní achan duine a dhéanfadh seo agus iad ar saoire gailf.

Beidh costas leis seo, cinnte.

“Rachaidh mé go hÉirinn ar cuairt, an chuairt is fearr ar Éirinn ariamh, cuairt iontach!

Agus íocfaidh na hÉireannaigh as!”

Agus íocfaidh muid, ach ar cén costas?

Chosain cuairt an Phápa na milliún Euro de bharr cúrsaí slándála srl.

Is mó ná sin a chosnóidh an chuairt seo, mar is beag Éireannach nach bhfuil den bharúil gur bíthiúnach, nó níos measa, bómán amach is amach an tUachtarán seo agus fonn orthu sin a chur in iúl.

Ach tá réiteach na faidhbe i gcónaí ag Mac Giolla Chóill…

De réir cosúlachtaí tá stóras mór de bhalaclávaí nua faighte ag an Gharda Síochána, a bhuíochas dá gCoimisinéir nua-cheaptha, agus tá aithne aige ar dhaoine a dtiocfadh leo theacht isteach agus súil a choinneáil ar aon léirsithe nó lucht agóide a bheadh ag crochadh thart.

Fáilte go hÉirinn, Mr President.

Close
Close