Glór muiníneach Meghan tagtha ar ais

Michelle Nic Pháidín

Bean óg, nuaphósta, ag streachailt leis an uaigneas, braitheann sí nach bhfuil cead labhartha aici, tá sí ag smaoineamh a lámh a chur ina bás féin san oíche, ach cé go gcuardaíonn sí cuidiú deir sí nach dtugtar aon chuidiú di.

Níl a ceadúnas tiomána, pas nó eochracha a cairr aici. Tógadh uaithí iad, deir sí, nuair a pósadh í. Uair den saol bhí an bhean seo glórach, láidir. Labhair sí amach faoi chearta na mban agus gan í ach aon bhliain déag d’aois. Braitheann sí briste agus caillte. Ní seo tús coirscéil. Ní hea. Seo an saol a dúirt Meghan Markle a bhí aici nuair a bhí cónaí uirthí i Sasana agus í mar bhall den rítheaghlach, in agallamh a rinne sí le Oprah Winfrey ar na mallaibh.

Agus í ag tagairt dá saol mar bhall de theaghlach ríoga Shasana labhair sí go héifeachtach agus go paiseanta faoi mheabhairghalair agus féinmharú. Luaigh sí an t-uchtach atá de dhíth ort labhairt faoi ábhar an fhéinmharaithe le duine eile, na focail a rá amach ós ard - brí agus neart a thabhairt dóibh. Beocht a thabhairt do bhaol an fhéinmharaithe.

Mhaigh sí nach raibh cuidiú ar bith curtha ar fáil di nuair a d’iarr sí ar na húdaráis chuí sa rítheaghlach teacht i dtarrtháil uirthi.

Dúirt sí go raibh easpa tacaíochta ann. Bhí an ceart aici labhairt amach faoin ábhar seo - is cinnte go bhfuil go leor daoine atá ag fulaingt leis an fhadhb chéanna agus dár ndóigh go leor atá ag lorg seirbhisí i rith thréimhse seo na dianghlasála. Is cosúil le tinneas ar bith eile é - ní fios cén uair a thiocfaidh sé chuig ár ndoirse féin, nó an bhfuil sé ar thairseach na doirse cheana féin.

Labhair an t-iar-aisteoir faoi fhadhb eile, fadhb an chiníochais. Is de chúlra measctha Meghan Markle agus mhaigh sí gur chuir duine ríoga ceist ar Harry cé chomh dorcha agus a bheadh craiceann a mic ag teacht ar an saol dó. D’inis sise don réalt Oprah Winfrey nach raibh teideal ar bith ag gabhail a bheith tugtha dá mac, Archie. Mar thoradh air sin, ní bheadh foireann slándála aige. Dúirt Meghan gur cuma sa tsioc léi faoi theidil agus gurb é an t-aon teideal amháin a bhfuil suim aici ann ná an teideal atá aici, teideal an máithreachais.

Is cosúil muna mbeadh foireann slándála ag a mac gur ábhar imní a bheadh ann sin. Níl de dhíth ar thuismitheoirí ar bith ach fios a bheith acu go bhfuil a clann sábháilte - bhí seo gan dabht ina chnámh spairne acu beirt agus iad ag smaoineamh faoin todhchaí.

Agus iad ag fágáil Shasana, bhaist na meáin tháblóideacha ‘Megxit’ ar a n-imeacht - is léir gur uirthise amháin a bhí siad ag cur locht. Ní sin an chéad uair a chéas na meáin tháblóideacha i Sasana í. Bhí siad de shíor á dhéanamh. Is cinnte go raibh siad níos fabhraí do Kate Middleton ná do Meghan.

Luaigh Meghan agus Harry go raibh caidreamh láidir idir na meáin agus an rítheaghlach. Go minic in agallamh tá sé ríthábhachtach aird agus éisteacht a thabhairt ar cad nach bhfuiltear a rá leis an scéal ceart a chloisteáil - dar liom gur sampla maith é an t-agallamh seo den fhírinne sin.

Nuair nach raibh Meghan ach bliain déag d’aois labhair sí amach faoi fhógra teilifíse a chonacthas di a bhí aontaobhach de bharr go raibh sé dírithe ar mhná a bhí ag ní na soithí. Bhí sí ábalta agus géarshúileach ag an aois ach anois tá tuigbheáil níos fearr aici ar an tsaol, ar chearta agus ar chlaonadh neamh-chomhfhiosach.

Bhíodh sí go minic ag labhairt ar chúrsaí chiníochas, cúrsaí na mban agus go leor ábhair riachtanacha eile. Chaill sí a glór sa rítheaghlach ach, agus í anois na mílte ar shiúl uathu, is cosúil go bhfuil an glór sin tagtha ar ais aici. Is fiú glór údarásach atá ar mhaithe le cur chun cinn daoine atá faoi ghruaim nó faoi mhíbhuntáiste a bheith sa tsaol - is fiú do na daoine seo atá diúltach fúithi smaoineamh ar an mhórphictiúr sula gcuireann siad peann le pár.

Close
Close