Gan dídeán um Nollaig

Lisa Nic an Bhreithimh

Is uafásach an rud é a bheith ag siúl thart ar chathracha Bhéal Feirste is Bhaile Átha Cliath ag caitheamh airgid ar bhronntanais éagsúla Nollag agus duine ina shuí in achan dara doras agus cupán ina lámh ar lorg airgid chun bia nó lóistín a fháil – dhá cheann de na bunriachtanais daonna.

Deirtear go gcaitheann clanna in Éirinn beagnach €500 ar an meán ar bhronntanais Nollag gach bliain agus ní fheadar cé mhéad a fhaightear sna cupáin sin.

Tá níos mó daoine ná riamh ag fanacht ar shráideanna Bhaile Átha Cliath anois de réir suirbhé a rinne an Dublin Simon Community le déanaí.

Codlaíonn tuairim is 85 duine ar an tsráid sa chathair gach oíche.

Chomh maith leis sin, ba cheart i gcónaí cuimhneamh ar an mbrí le bheith ‘gan dídeán’.

Ní bhaineann sé leis an dream sin amháin, ach le chuile dhuine nach bhfuil baile nó lóistín buan acu.

B’fhéidir nach bhfanann na daoine seo amuigh faoin aer riamh ach bíonn siad ag dul ó bhrú go brú, gan a bheith ag fanacht rófhada in aon áit amháin.

Tá sé deacair an cineál saoil sin a shamhlú, pé slí é, gan áit a bheith agat chun do chuid giurléidí a fhágáil chun go mbeidís sábháilte, a bheith ag fanacht in áiteanna éagsúla gach seachtain agus ag dul i luí in aice le daoine nach bhfuil aithne agat orthu.

Agus mé ag obair le Cumann Naomh Uinseann de Phól, dúirt fear liom gur fhan sé i leaba i lóistín sealadach sa chathair agus bhí fear eile i leaba in aice leis dá n-instealladh féin le drugaí.

Is uafásach deacair an saol é agus thabharfadh sé tuiscint éigin duit ar na fadhbanna drugaí is alcóil atá ag go leor acu.

Is éasca a rá nach maith an rud iad na drugaí agus muid slán sábháilte sa bhaile. Dá mbeadh an saol sin againne, cá bhfios nach mbeimis ar an dul céanna leo?

Ní handúileach é nó í gach duine gan dídeán ach oiread.

I rith mo bhlianta ag obair leo bhuail mé le máithreacha is leanaí, le daoine nár bhlas alcól riamh ina saolta, le daoine oillte is dealabhartha agus daoine fíorghrámhara.

De réir tuarascáil an Peter McVerry Trust a foilsíodh i mbliana faoi 2012, meastar go mbíonn seachtar nua gan dídeán gach lá in Éirinn anois.

Tá daoine anois gan dídeán nach mbeadh sa chás sin mura mbeadh an ghéarchéim airgid chomh dona is atá sí agus is daoine iad sin ó achan aoisghrúpa is achan áit.

Tá roinnt eagraíochtaí ag obair sna hardchathracha ar son na ndaoine gan dídeán: St Vincent De Paul, Focus Ireland, Dublin Simon Community agus roinnt eagraíochtaí beaga fosta.

Oibríonn na hoibrithe – cuid mhaith acu go deonach – go dian, ag déanamh timchuairteanna bia, ag cur éadaí ar fáil do dhaoine agus ag cur lóistín ar fáil dóibh ar bhonn oíche, chun cúpla sampla den léar mór oibre a lua.

I mBéal Feirste cabhraíonn leithéidí an East Belfast Mission agus The Welcome Organisation le daoine gan dídeán, ag cur roinnt seirbhísí ar fáil dóibh.

Sampla amháin de na hiarrachtaí sin ná go gcuireann an dá heagraíocht sin oideachas ar fáil agus cabhraíonn siad le daoine a chur ar a gcosa arís i gcúrsaí oibre.

Cé nach bhfuil mórán airgid ag an gcuid is mó de na heagraíochtaí seo chun an obair seo a chur i gcrích, gearrtar siar ar chistiú ón rialtas níos mó gach bliain fós.

Rinneadh gearradh siar 20% ar chistiú chatharnas Bhaile Átha Cliath Thuaidh ó bhí 2009 ann mar shampla.

Is iontach an obair atá á déanamh ag oibrithe na n-eagraíochtaí seo ach is deacair dóibh feidhmiú gan cuidiú an rialtais.

Mar a dúirt an tAthair Peter McVerry féin, duine a bhfuil éacht den chéad scoth déanta aige do dhaoine gan dídeán i mBaile Átha Cliath is eile, “Homelessness is a political problem, it cannot be solved by charities alone”.

Níl go leor lóistín do dhaoine gan dídeán sna cathracha faoi láthair agus má tá daoine nua á gcur leis an líon sin gach lá, tá sé scanrúil smaoineamh ar an todhchaí atá amach rompu.

B’fhéidir go smaoineoimis beagán i rith na Nollag seo ar na daoine gan dídeán inár gcathracha, ina luí san fhuacht ar na sráideanna nó i mbrú gan chairde nó clann, agus cabhair a thabhairt do na catharnais iontacha atá ag obair go dian ar a son chuile lá.

B’fhéidir go smaoineodh an rialtas orthu níos mó freisin, táthar ag súil go smaoineoidh.

Close
Close