Straitéis na Gaeilge á plé os comhair na hArd-Chúirte i mBéal Feirste

D’fhill Conradh na Gaeilge ar an Ard-Chúirt i mBéal Feirste le déanaí don tríú cás cúirte i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh, agus go sonrach an tAire Pobal Gordon Lyons, ar an ábhar nár cuireadh aon Straitéis don Ghaeilge i bhfeidhm go fóill.

Tá an cheist seo ann ó 1998 nuair a tháinig dualgas reachtúil ar an Fheidhmeannas straitéis a thabhairt isteach maidir le forbairt na Gaeilge a chosaint agus a chur chun cinn.

Gealladh an Straitéis siar in 2006 mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn agus gealladh arís eile é mar chuid den Chomhaontú ‘Ré Nua, Chur Chuige Nua’ in 2020. 

Cheap an Feidhmeannas an tAire Pobal, Gordon Lyons, chun an straitéis thras-rannach seo a fhorbairt trína Roinn féin. Faoi láthair, níl aon dul chun cinn déanta ar an cheist, i bhfoirm dréachtcháipéise nó eile.

Dúradh leis an Ard-Chúirt an tseachtain seo caite nach mbeidh straitéis don Ghaeilge á cur i bhfeidhm le linn thréimhse seo an Fheidhmeannais. Beidh an mhandáid reatha ag teacht chun deiridh an bhliain seo chugainn agus dheimhnigh an Roinn Pobal nach bhfuil aon phlean acu tabhairt faoin straitéis roimhe sin.

Labhair Meon Eile le Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, Pádraig Ó Tiarnaigh, faoin teip leanúnach seo agus faoi na chéad chéimeanna eile is féidir a thógáil.

Chuaigh muid i dteagmháil leis an Roinn Pobal le tuilleadh eolais a fháil ar cad é go díreach atá ar bun acu faoi láthair i dtaca le Straitéis na Gaeilge. Seo thíos an ráiteas a cuireadh ar fáil dúinn.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Phobal:

“The Department will not comment while proceedings are ongoing.”

Close
Close