Ciarán Ó Pronnatigh
Dúirt Robbie Butler gur onóir mhór dó an post mar Aire Sláinte a ghlacadh. Ar bhealach, ní raibh mórán de rogha ag ceannaire Aontachtaithe Uladh, Jon Burrows, gan ach ochtar san iomlán i bhfoireann Tionóil an pháirtí. Déanta na fírinne, níl ann ach post onórach nó is beag is féidir le scuab nua a dhéanamh anois agus toghchán an Tionóil romhainn sa chéad leath de 2027. Níl a fhios againn an raibh mórán ama ag Burrows cinneadh straitéiseach a dhéanamh le ceapachán Butler nó bhí brú air an post a líonadh go luath, sin nó ligean don DUP é a líonadh.
Ní háibhéil é a rá gur baicle eicléictiúil í foireann Tionóil an pháirtí agus tá liosta le háireamh de naimhde Burrows ina measc. Bhí caint ann go dtabharfadh sé an post do Diana Armstrong, an t-aon bhean atá ann, rud a bhéarfadh ardán di dá seasfadh sí do shuíochán Fhear Manach-Tír Eoghain Theas i dtoghcháin Westminster. Mar mhalairt ar Armstrong, ní luaitear Butler mar chomhghuaillí láidir ag Burrows.
An iarracht é seo ar rapprochement leis na baill Tionóil eile? Ba shuntasach nach raibh ceannairc ar bith ann nuair a d’éirigh Mike Nesbitt as a phost mar Aire Sláinte an tseachtain seo a chuaigh thart nuair a chuir Burrows i gcruachás é maidir le ceist Otharlann Chúil Raithin. Labhair sé mar cheannaire an pháirtí ag rá nach mbeadh aon íosghrádú ann, cinneadh a bhí fós le déanamh ag Nesbitt. Ní raibh an dara suí aige sa chás sin ach imeacht.
D’imigh Nesbitt ach níor imigh an fhadhb, áfach. Tá cinneadh le glacadh faoin íosghrádú agus tá an Bord Sláinte i bhfách leis ar chúinsí míochaine. Ach tá Burrows i ndiaidh ceist mhór pholaitiúil a dhéanamh de agus beidh ar an Aire nua cinneadh a ghlacadh sa chomhthéacs sin. “Níl aon línte dearga agam,” an mana a bhí ag Butler nuair a ceapadh é. “Déanfaidh mé an cinneadh ceart seachas cinneadh gasta” an cur chuige a bheadh aige. Ach bhí léargas spéisiúil sa chaint a thug sé uaidh: bunófar an cinneadh ar shainfhianaise chomh maith le guthanna na ndaoine. Tá solúbthacht ansin a fhágann go dtiocfadh leis cinneadh ar bith a ghlacadh. Má bhí Nesbitt sásta cinntí deacra a ghlacadh, tá Butler ag cur éadaí Thadhg an dá Thaobh air go sciobtha.
Ceann de na ficsin ar mharaigh Burrows é an oíche úd i gCúil Raithin, nuair a thug sé lántacaíocht don otharlann áitiúil, gur ceannaire na réasúntachta a bhí ann, ceannaire a dhéanfadh an rud ceart ar son mhuintir uilig an Tuaiscirt. Ní raibh stiúideo ar bith ó thuaidh nach raibh sé taobh istigh de, ag spalpadh faoi cheist amháin nó ceist eile – an t-am ar fad ag tabhairt le fios gur féidir brath air an cinneadh ceart a ghlacadh.
Tuigeann sé anois gur gá na vótaí a mhealladh trí cibé dóigh is gá agus má éiríonn Aire Sláinte nach mbeidh ag seasamh sa chéad toghchán eile as, is praghas é sin is fiú a íoc. Tagann gothaí an cheannaire láidir go furasta le Burrows. Agus is cosúil go bhfuil ag éirí leis nó is é is mó i measc na gceannairí Aontachtacha a bhfuil gean an phobail air. Den chéad uair le tamall fada de bhlianta, bhain a pháirtí an phríomháit amach sa taobh Aontachtach sa phobalbhreith is déanaí. Ní chuidíonn scéal leanúnach Jeffrey Donaldson le stoc an DUP, ar ndóigh, ná, go deimhin, an scéal áiféiseach faoi Jim Shannon ar na mallaibh ach oiread.
Tá líon teoranta vótaí ar fáil do na hAontachtaithe na laethanta seo agus tá na trí pháirtí chóir a bheith gob ar ghob anois ó thaobh tacaíochta de. Mura dtapaíonn Burrows an deis anois agus bearta láidre a ghlacadh, seans maith go mbeidh a ré mar cheannaire thart faoi mhí Bhealtaine na bliana seo chugainn agus torthaí an Tionóil amuigh. Tá lúcháir ar chosmhuintir an pháirtí go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sa deireadh thiar thall agus is cosúil go bhfuil siad sásta dul sa seans le bearta contúirteacha Burrows. Is beag atá le cailliúint acu, i ndáiríre.



