Gaeilge Faoin Tuath - Miadhachlughain Ní Dhomhnaill

Tá lear mór áiseanna ann do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim, agus tá an scéal ag dul ó neart go neart i gcathracha móra na hÉireann sa lá atá inniu ann.

Cé go bhfuil an fás seo sa teanga soiléir timpeall na tíre ina hiomláine, chuaigh Meon Eile ag cuartú scéaltaí pearsanta chun na buntaistí agus na dúshláin a thagann le foghlaim agus le labhairt na Gaeilge faoin tuath a chur i gcomparáid leis an scéal i gceantair uirbeacha.

Sa chéad chlár den tsraith seo, labhair muid le Miadhachlughain Ní Dhomhnaill atá i ndiaidh bogadh go Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall le feabhas a chur ar a cuid Gaeilge.

Close
Close