Ciarán Ó Pronntaigh
Ar leibhéal amháin, baineann scéal Kneecap go smior le Gaza agus leis an Phalaistín. Ní raibh siad leo féin ag féile Coachella ag cur i gcoinne an chinedhíothaithe nó tuairiscíodh go raibh Green Day agus Bob Dylan ar an téad chéanna. Ach ba iad Kneecap ba ghlóraí agus ba mhó a tharraing aird ar na huafáis atá ag tarlú do phobal atá faoi léigear. Ní hé seo an chéad uair a thóg siad ceist na bPalaistíneach agus an t-ár leanúnach atá Netanyahu agus an IDF a chur orthu. É seo a dhéanamh ar an mhórchóir sna Stáit Aontaithe, áfach, an ‘líne dhearg’ a thrasnaigh siad an iarraidh seo.
Cáineadh an rapghrúpa roimhe seo, ar ndóigh, ach ba phatuar na hiarrachtaí a rinne Kemi Badenoch agus Arlene Foster i gcomparáid leis an tréanionsaí a chonaic muid le seachtain go leith. I ndiaidh dóibh dul tríd na céadta uair an chloig de thaifid ón ghrúpa, tháinig dream éigin ar dhá ráiteas a bhí amhrasach. Dhá ráiteas amhrasacha ó rapghrúpa? An bhfuil tú ag magadh? Tar ar ais NWA agus Public Enemy, tá gach rud maite agaibh!
Fuair lucht tacaíochta na bunaíochta an meamram agus tháinig an rabharta de ráitis ag déanamh beag den ghrúpa, gach ceann ag iarraidh an ceann a chuaigh roimhe a shárú. Soiniciúlacht den chéad ghrád! Is iomaí sampla atá againn de pholaiteoirí, agus deontóir do na Tóraithe ina measc, a mhaígh a leithéid, go magúil, glacaim leis. Duine amháin acu, Jess Phillips, dúirt sí gurbh fhearr léi Jeremy Corbyn a shá sa chliabhrach seachas sa droim. Ní ‘coir’ é go dtí go bhfeictear tú mar bhagairt do líne na bunaíochta, ceacht a d’fhoghlaim an pobal náisiúnach sna sé chontae thar na blianta.
Agus má leanann na péas le cás ar bith i gcoinne Kneecap as ‘Up Hamas’ a rá ag coirm cheoil, déanfaidh siad ceap magaidh díobh féin agus den reachtaíocht frithsceimhlitheoireachta agus beidh na mílte ar na sráideanna ag léirsiú ina n-éadan. (Tá súil agam nach spreagfaidh mé fiosrúchán orm féin as an dá fhocal údaí a scríobh mé féin!)
Tá gné eile leis an chonspóid bhréige seo taobh amuigh de chúrsaí in Gaza. Is ionsaí follasach é ar shaoirse chainte san iarthar. Má dhéantar Kneecap a chur ina dtost, ní bheidh de chroí ag grúpaí eile a gcloigeann a chur in airde, nó sin an teoiric, cibé. Chuir bainisteoir an ghrúpa, Daniel Lambert, friotal maith air, ar na mallaibh. Iarracht atá ann, dar leis, brú a chur ar ghrúpaí nua gan labhairt ar chúiseanna ‘nach bhfeileann’ do na húdaráis. An dóigh ar fhógair na scórtha grúpa ceoil a dtacaíocht do Kneecap, léiríonn sé gur féidir gurb é a mhalairt a tharlóidh agus go dtabharfaidh sé misneach don lucht ceoil an fhírinne a rá.
Agus ná caillimis misneach muid féin. Feiceann an t-aos óg (agus corrdhuine níos sine!) tríd an fhimíneacht a bhaineann leis an chás seo. Tuigeann siad go maith gur iarracht atá ann muid uilig a chur inár dtost nuair a labhraímid ar ábhar nach ‘ceadmhach’. Ar dhóigh éigin, tá ráiteas fánach ó ardán níos tábhachtaí ná páistí ag fáil bháis den ocras cionn is nach ligfidh arm Iosrael do na leoraithe bia atá ag fanacht ag an teorainn dul isteach. Is ceacht é ar cad is claontuairisciú ann agus b’fhéidir go mbeimid níos amhrasaí arís nuair a ‘ghlaofar’ an chéad chonspóid eile. Agus is soiléir cé hiad na polaiteoirí a dtig linn a bheith ag brath orthu in am an ghátair agus iad siúd a ghlacann le maoiniú ó ghrúpaí atá ar son Iosrael.
Ag am a bhfuil Iosrael ag fógairt go poiblí gur mian leis scrios iomlán a dhéanamh ar an phobal Phalaistíneach in Gaza, nach orainn atá an t-ádh go bhfuil grúpa mar Kneecap againn atá sásta an fód a sheasamh go cliste agus go láidir. Tá siad ag troid ar son ár gceart anseo sa bhaile an oiread is atá siad ag seasamh le pobal Gaza.