Ciarán Ó Pronntaigh
B’fhéidir go bhfuil taithí níos mó ag lucht na Gaeilge ar phleananna gan feidhmiú. An Plean 5 bliana agus tuairisc a mhíníonn an dóigh a gcuirfear an teanga chun cinn ach ní tharlaíonn faic i ndáiríre. Dusta agus deannach. Dar leo go gceansófar na crogaill agus leanfar de pholasaí an bháis fhadálaigh – creimeadh na Gaeltachta agus imeallú na Gaeilge. Aithnímid go maith an cur chuige seo agus tíortha an Iarthair – na tíortha atá ag soláthar airm ollscriosta do Iosrael agus ag éascú díol bannaí ar son an stáit sin – ag iarraidh spás a fhágáil idir iad féin agus an cinedhíothú atá ar siúl in Gaza. Sa deireadh thiar thall, i ndiaidh na dtuairiscí beo de shléacht agus leoraithe cúnaimh stoptha ag an teorainn, tá ceannairí an Iarthair ag iarraidh cuma níos daonna a chur orthu féin agus cosaint éigin a chur le chéile ar fhaitíos go luafaí iad i gcás ag an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta sa Háig.
Ceannairí atá a rá agam nó aithníonn an duine cothrom sna tíortha sin cad is cinedhíothú ann. An cheist anois, cad é an chríoch a bheas leis an ionsaí marfach seo ar phobal na Palaistíne, in Gaza agus i gCríocha Gafa an Bhruaigh Thiar?
Níl aon easpa guthanna ar na meáin a mhíníonn go deas taobh Iosrael den scéal ach ní luaitear an chinsireacht a dhéantar ar thuairimí Rialtas Netanyahu agus na fainicí a thacaíonn leis. Gortghlanadh iomlán an phobail Phalaistínigh, ní hamháin in Gaza ach sa Bhruach Thiar chomh maith, an rud a deir siad os ard. Faraor géar tá na meáin bodhar ar na ráitis seo, den chuid is mó. Molann airí rialtais na figiúirí arda de bhásanna páistí agus postálann baill an IDF pictiúir díobh féin i mbun gnímh.
Bhí caint ann ag an deireadh seachtaine faoi shos cogaidh. Níltear ag caint faoi réiteach dhá stát ná a leithéid, níl i gceist ach sos 60 lá ina ligfí cúnamh isteach. Ach caithfear a choinneáil i gcuimhne gurbh é stát Iosrael a bhris an sos cogaidh deireanach agus níl aon fhianaise againn go mbeidh sé níos flaithiúla fiú má chomhaontaíonn siad le sos cogaidh nua anois. A mhalairt iomlán atá fíor. Ag díol saighdiúirí tuarastail le cúnamh a dháileadh, cé a shamhlaigh go n-oibreodh sin amach go maith? Nó ag mealladh daoine ocracha chuig ionad cúnaimh agus ansin iad a scaoileadh marbh.
Bhí am ann in 2023 nuair a bhí na mórmheáin amhrasach faoi ionsaithe Iosrael ar otharlanna. Thug siad am agus aird do na ráitis ón IDF a shéan gurbh iad a rinne nó a mhaígh go raibh na hotharlanna mar bhunáit ag Hamas. Gach ceann acu ina bhréag ach ba chuma nó bhí uafás eile i ndiaidh tarlú agus thosaigh an mearbhall arís. Faoi láthair, ní bhacann siad fiú le ráiteas go ndéanfar fiosrúchán ar ar tharla. Tá de chroí ag Iosrael anois daoine a mharú go beo os comhair an domhain agus gan aon mhíniú bréagach a thabhairt.
Seans go bhfuil ceannairí san iarthar ag dúil le hathrú rialtais in Iosrael mar bhealach as an leamhsháinn ina bhfuil siad. Deirtear go minic nach bhfuil pobal iomlán Iosrael ag teacht leis an treo atá glactha ag Netanyahu, agus, go cinnte, tá glórtha ann a thugann a dhúshlán. An t-iarPhríomh-Aire, Ehud Olmert, an duine is déanaí a labhair amach ag tabhairt ‘coireanna cogaidh’ ar na hionsaithe in Gaza. Dar le pobalbhreith ar an nuachtán Haaretz, áfach, aontaíonn 82% den phobal gur chóir an ruaig a chur ar phobal iomlán Gaza agus tá mionlach mór ann (47%) nach miste má mharaítear gach fear, bean agus páiste lena dhéanamh.
Níl aon dabht ach gur mian le hIosrael an plean acu a chur i gcrích, is é sin ‘oll-Iosrael’ a bhunú sa Mheánoirthear. Taobh amuigh den ghorta a chuir siad ar Gaza, tá fógartha acu go mbunófar 22 lonnaíocht úra sna Críocha Gafa. Tá an dá rud seo go hiomlán in éadan an dlí idirnáisiúnta ach is beag a dhéanann na tíortha a thacaíonn le hIosrael seachas an béal bán. Is fíor go bhfuil leibhéal an cháinte ag ardú diaidh ar ndiaidh ach ní fiú faic é mura ndéantar beart de réir a mbriathair.
Níl aon réiteach i ndán do na Palaistínigh gan ionchur ón taobh amuigh. Tá de dhualgas ar an domhan a bheith go hiomlán soiléir gur stát Palaistíneach an t-aon réiteach cothrom atá ann agus is cuma cá mhéad páiste Palaistíneach a mharaíonn Iosrael nach bhfuil sin ag dul a athrú. Tá am na bpleananna gan feidhmiú thart, is gá gníomh anois láithreach.