Dlí Dháithí agus Seachtain Feasachta ar Dheonú Orgáin

Aodhán Ó Baoill 

Is Seachtain Feasachta ar Dheonú Orgáin í an tseachtain seo. Ní hamháin gur seachtain mhór thábhachtach í seo ar fud an domhain, ach is seachtain thar a bheith tábhachtach í do na Gaeil mar gheall ar iarrachtaí buachalla óig an córas sláinte a athrú anseo ó thuaidh go deo.

Tá Dáithí Mac Gabhann ag fanacht ar chroí úr ó bhí 2018 ann. Rugadh é le siondróm neamhchoitianta, ‘Rare Hypoplastic Left Heart’. Dar le suíomh an NHS, ciallaíonn sé seo nach féidir le go leor fola a bhfuil ocsaigin ann dul thart ar an chorp. Mar sin, caithfidh an taobh deas den chroí i bhfad níos mó oibre a dhéanamh.

Chaith Dáithí, a athair Máirtín agus a mháthair Seph, blianta i mbun feachtasaíochta leis an dlí ar dheonú orgáin a athrú. Roimh theacht isteach ‘Dlí Dháithí’ sa bhliain 2023, bhí ‘córas roghnach’ ann i dtaca leis an deonú orgáin anseo ó thuaidh. Go bunúsach, bhí ort clárú le Clár na nDeontóirí Orgáin ó thuaidh. Thug sé seo cead do do mhuintir agus do dhochtúirí do chuid orgán a dheonú dá bhfaighfeá bás agus go mbeadh maitheas go fóill iontu.

Is cuimhin liom féin tic a chur i mbosca nuair a d’éirigh liom sa scrúdú tiomána, le clárú leis an liosta. Phléigh mé é le mo theaghlach agus muid uilig ar aon intinn gur maith an rud é dá dtiocfadh linn cuidiú le duine eile i ndiaidh ár mbáis. Is dochtúirí iad mo dheartháireacha agus tá mo dheirfiúr ag dul do chéim sa leigheas, agus tá siad i ndiaidh an t-ábhar a mhíniú dom go soiléir roinnt uaireanta ó shin.

Ach nuair a tháinig ‘Dlí Dháithí’ isteach, athraíodh an córas go córas ‘roghnú an diúltaithe’. Athrú beag sna focail féin ach athrú mór suntasach i ndáiríre. Anois leis an dóigh a bhfuil an riail, ciallaíonn sé go nglactar leis go bhfuil gach duine sásta a gcuid orgán a dheonú i ndiaidh a mbáis. In áit tú féin a chlárú leis an liosta, ní mór duit tú féin a dhíchlárú. Ar theacht isteach an dlí, dúirt Robin Swann, a bhí ina Aire Sláinte ag an am, go dtiocfadh leis an dlí úr ‘180 beatha sa bhliain a athrú’.

Tá sé ráite ag an Dochtúir Dominic Trainor, atá ina cheannasaí cliniciúil ar dheonú orgáin ó thuaidh, gur ‘féirín luachmhar’ é deonú orgáin, mar go dtugann tú deis saoil eile don duine a fhaigheann é. Dúirt sé go bhfuil cúinsí ar leith de dhíth le deonú orgáin a bheith ina fhéidearthacht, agus mar sin nach dtarlaíonn sé go minic. Tá luach nach beag le gach ainm ar an liosta, mar sin.

Níl mórán aithne agam ar Chlann Mhic Gabhann ná ar Dháithí. Ach bhí sé de phléisiúir agam bualadh leo ar laethanta móra de chuid an Dream Dearg nó ócáidí eile, agus am ar bith ar bhuail mé leo, chuaigh crógacht agus láidreacht Dháithí go mór i bhfeidhm orm. Seo fear óg agus a theaghlach atá ag dul fríd rud nach féidir leis an mhórchuid againne a shamhlú, ach seo daoine a d’úsáid a n-ardán ar an bhealach is éifeachtaí, is cumhachtaí, is speisialta dá bhfuil ann. D’éirigh leo daoine ó chóir a bheith achan pháirtí polaitiúil a tharraingt le chéile ar an ábhar seo. Ó Jürgen Klopp go Jamie Bryson, agus go leor idir eatarthu, ní raibh duine ar bith ar bhuail Dáithí leo nach raibh tionchar ollmhór aige orthu. Níl aon amhras go bhfuil sé féin agus a chlann i ndiaidh beathaí a shábháil agus a athrú go deo. Mo cheol thú, a Dháithí, agus mo cheol sibh Clann Mhic Gabhann go léir. 

Close
Close