Katie Saoidhbh McGreal
Is nós simplí é an dialannaíocht a dhéanann an-mhaitheas dúinn, má ligeann muid dó. Más rud é go mbíonn deacrachtaí codlata agat nó go mbíonn imní ort go minic, d’fhéadfadh an dialannaíocht cabhrú leat go mór. Ní gá go mbeadh sé deacair ach an oiread - díreach scríobh do chuid smaointe síos.
Faigh leabhar nóta agus peann agus scríobh síos cibé rud atá ag dul thart i do chloigeann. Nuair a chuireann muid na smaointe sin ar pháipéar nó fiú ar doiciméad ar an ríomhaire, níl siad ag dul thart ar an gcloigeann a thuilleadh agus mothaíonn an comhrá inmheánach níos ciúine.
Tá go leor bealaí éagsúla le dul i mbun na dialannaíochta. Is féidir leat díreach do chuid smaointe a scríobh síos gan aon srian nó aon struchtúr, nó d’fhéadfá abairt nó frása a scríobh síos nó a léamh agus sin a phlé i do chuid scríbhneoireachta, sin nó ceist a scríobh síos agus é a fhreagairt. An t-aon bhealach le fios a bheith agat céard é an rud is mó a chabhraíonn leatsa ná triail a bhaint as.
Cosúil le nós ar bith eile, más mian leat béas nua a thosú, is gá beagán oibre a chur isteach ag an tús go dtí gur nós rialta atá ann. Roghnaigh am sa lá nó san oíche a dhéanfaidh tú do chuid dialannaíochta. Ansin, smaoinigh ar rud eile a dhéanann tú cheana féin ag an am sin. Mar shampla, más maith leat é a dhéanamh san oíche, cuir am i leataobh don dialannaíocht díreach tar éis duit do chuid fiacla a ní. Nó má bhíonn cupán tae agat tar éis do dhinnéir gach oíche, déan cinneadh an dialannaíocht a dhéanamh ag an am céanna atá tú ag ól do chuid tae, nó díreach ina dhiaidh.
Moladh eile atá agam d’éinne atá ag iarraidh é a dhéanamh san oíche, cuir an leabhar nóta ar do leaba agus mar sin, ní féidir leat dul a chodladh gan é a fheiceáil.
Tosaigh go réidh - abair leat féin go scríobhfaidh tú le haghaidh 5 nóiméad agus ansin más mian leat níos mó a scríobh, is féidir leat ach ní gá duit mar ní raibh sé i gceist agat ach 5 nóiméad a dhéanamh.
Má bhíonn gá agat le rud éigin chun do chuid smaointe a dhíriú len iad a scríobh síos, mholfainn duit dúshlán dialannachta a dhéanamh nó ‘journalling prompts’ a chuardach ar líne - scríobh síos 10 gcinn acu sin agus úsáid iad ceann i ndiaidh a chéile.
Bíonn na mílte smaointe againn gach lá agus is athrá iad an chuid is mó acu. Muna aimsíonn muid bealach len iad a shocú agus a dhéanamh níos ciúine, is amhlaidh is fearr é. De ghnáth bíonn ár smaointe gránna níos glóraí ná ár smaointe deasa agus mar sin, teastaíonn cabhair uainn na drochsmaointe a chur ó dhoras. Sin an rud a dhéanann an dialannaíocht dúinn.
Tá an dialannaíocht cosúil leis an aireachas domsa sa bhealach a oibríonn sé duitse - níl ceart námícheart ann. Triail bealaí éagsúla agus féach cad é an ceann is fearr duitse.
Is rud é an dialannaíocht atá mé a dhéanamh le fada agus a chabhraigh liom mo chuid smaointe a shocrú. Chabhraigh sé liom m’intinn a shuaimhniú roimh sheisiún aireachais nó roimh dhul a luí, agus tá tuiscint i bhfad níos fearr agam anois ar na smaointe atá agam agus ar an nguth inmheánach mar go bhfuil na focail feicthe agam scríofa síos ar pháipéar os mo chomhair. Tuigim anois cathain is é mo ghlór féin é agus cathain is glór duine eile é; mo mháthair nó m’athair mar shampla. D’athraigh mo chleachtadh aireachais agus dianlannaíochta go mór thar na blianta:uaireanta déanaim é gach lá, uaireanta déanaim é cúpla lá sa mhí nó díreach nuair is gá dom beagán soiléirithe a aimsiú. Cibé rud atá ann agus cibé bealach a ndéanaim é, ní bhíonn aiféalaorm i ndiaidh dom beagán scríbhneoireachta a dhéanamh mar i gcónaí déanann sé maitheas dom.
Má tá suim agat ann agus nach eol duit cén áit le tosú, b’fhéidir gurbh fhéidir liom cabhrú leat nó cúpla moladh beag a thabhairt duit. Is féidir leat scéal a chur chugam ag [email protected]



