Dáileadh na vacsaíní: dlínsí éagsúla, cuir chuige éagsúla

Concubhar Ó Liatháin 

Ní minic a bhíonn pobal na 26 Chontae in éad le pobal 6 Chontae an oirthuaiscirt ach is cinnte go bhfuilimid glas na laethanta seo, agus ní hé iar-éifeachtaí rócheiliúradh Lá Fhéile Phádraig is cúis le héirí an mhothúcháin seo.

Gach oíche ar phríomhchláracha nuachta an lae bíonn tuairiscí ann faoi líon na gcásanna nua agus, níos ábhartha fós, faoi líon na ndaoine a bhfuil dáileog den vacsaín faighte acu.

Agus tá sé soiléir ó na tuairiscí seo go bhfuil sciar níos mó de phobal an tuaiscirt tar éis an chéad instealladh a fháil faoin am seo. Tá seo ag teacht leis an bpatrún ar fud na Ríochta Aontaithe.

Ba mhaith linn ar ndóigh go mbeadh níos mó de phobal na 26 Chontae imdhíonaithe - tá vacsaíní á ndáileadh ó dheas le beagnach trí mhí um an dtaca seo. 

Ach níl leigheas ag gnáthphobal an deiscirt ar an mhoill seo. Tá na fadhbanna níos faide in airde ar chrann na cumhachta. 

Ar luaigh mé Breatimeacht go fóill? Bhuel, tá sé san áireamh. Bíodh is nach bhfuil cúram na sláinte poiblí ar an gCoimisiún Eorpach, tá ról lárnach tar éis a bheith ag Uachtarán an Choimisiúin, Ursula Von der Leyen sa phróiseas chun vacsaíní a aimsiú do phobal an Aontais, tuairim is 500m duine, agus tá a cur chuige bunaithe ar phrionsabail a bheadh fiúntach is fónta ag am ar bith eile - is iad sin luach ar airgead, go mbeadh na comhlachtaí cógaisíochta cuntasach dá mbeadh fadhbanna sláinte ag daoine mar thoradh ar an ndáileog a fuair siad agus go mbeadh cothrom na féinne á fháil ag gach réigiún is tír san Aontas sa phróiseas dáileacháin.

Más rás é dáileadh na vacsaíní, tá an cur chuige seo tar éis laincis a chur ar thíortha an Aontais agus an dáileadh a mhoilliú i gcomparáid le tíortha ar nós na Ríochta Aontaithe. 

Mura raibh an cur chuige uile-Aontais i réim, tá seans ann go mbeadh tíortha móra san Aontas Eorpach i bhfad chun tosaigh orainn mar tá cumhacht i bhfad níos mó acu ar an margadh mór.

Agus is margadh mór atá i gceant na vacsaíní. Tá costas nach beag ar gach dáileog de gach vacsaín. Níl mórán eolais ar fáil sa réimse poiblí faoi seo ach, trí thimpiste (deirtear), sceith Aire Sláinte na Beilge an praghas a thug an tAontas Eorpach ar na dáileoga éagsúla an mhí seo caite.

Costas €15 atá ar gach dáileog de vacsaín Moderna - ach is €1.78 a tugadh ar gach dáileog de AstraZenaca. Is idir an dá phraghas sin atá réimse praghasanna na vacsaíní eile. Ní mór an méid é €1.78 nó €15 fiú a thabharfadh duine amháin slán ó chontúirt na haicíde ach nuair a bhíonn tú ag caint ar na milliúin daoine, na céadta milliún daoine, tá sé soiléir go bhfuil praghas ard le híoc agus b’fhéidir gurbh fhiú a bheith ag margáil.

Tá a fhios agam go bhfuil gach beatha luachmhar agus nach féidir praghas a chur ar bheatha aon duine amháin. Ag an am céanna níor cheart a bheith dall air seo mar cheist.

Níl a fhios againn, ach chomh beag, cad é an tréimhse imdhíonachta a thugann vacsaín do dhuine. Chualathas figiúirí ar nós sé mhí agus bliain ar a mhéid luaite ar aerthonnta na tíre agus, ag brath air sin, tá gá a bheith réalaíoch agus glacadh leis gur féidir go mbeidh vacsaíniú rialta inár saol ar feadh tamall de na blianta romhainn, cosúil leis an bhfliú a mbíonn leaganacha éagsúla de ag scaipeadh bliain i ndiaidh bliana.

Níl a fhios againn go fóill cén praghas a thug Boris Johnson ar na dáileoga éagsúla ach tá a fhios againn go raibh siad sásta níos mó a íoc. Is é sin cuid den chúis a bhfuil AstraZeneca ag tabhairt tús áite don Ríocht Aontaithe agus go bhfuil conarthaí an Aontais níos faide thiar sa scuaine.

Ní hionann le gach rud a dhéanann Boris Johnson, tá brí leis an méid atá déanta aige faoi vacsaíní. Tá dul chun cinn an phróisis vacsaíníthe ag cothú muiníne go mbeidh an Bhreatain ar ais sa diallait eacnamúil gan rómhoill agus, má mheabhraímid ar an mbuille atá buailte ar gheilleagar na Breataine mar gheall ar an mBreatimeacht, thuigfeá an goile atá ann chun go mbeadh an t-inneall sin ag gluaiseacht agus ag giniúint arís.

Bhí sampla eile de chur chuigí éagsúla le tabhairt faoi deara le seachtain anuas nuair a cuireadh stop sealadach le dáileadh AstraZeneca in Éirinn agus i dtíortha eile san Aontas Eorpach mar gheall ar iar-éifeachtaí tromchúiseacha a bhuail dornán an-bheag daoine a fuair an dáileog san Iorua. Níor thárla an stad sealadach seo sa Bhreatain mar, ní hé gur bhrúigh siad ar aghaidh in ainneoin na fianaise ón Iorua, ghlac siad comhairle ó na saineolaithe féin bunaithe ar an eolas a bhí bailithe sa Bhreatain féin ó na milliúin dáileoga den víreas atá tugtha cheana féin. 

Dlínsí éagsúla, cuir chuige éagsúla. In ainneoin go bhfuil comhionann le dochtúireacht i ngnóthaí scaipthe víreas agus a leithéid againn go léir le bliain ó bhuail COVID-19 sinn, is léir go bhfuil an scéal seo an-chasta ar fad. Is fiú a bheith ar an eolas ach tá sé nach mór dodhéanta. Má ligimid don bpaindéim gach gné dár saoil a rialú, an bhfágfaidh sé ár meabhair againn?

Ó mo thaobh féin de, táim sásta go raibh sos sa dáileadh an tseachtain seo cáite mar léiríonn sé go bhfuil sábháilteacht ag ceann liosta na dtosaíochtaí atá á chur san áireamh ag na húdaráis agus iad ag daileadh na vacsaíne. Tá an iomarca daoine amuigh ansan atá ag iarraidh leas a bhaint as an ngéarchéim seo chun teachtaireacht dhainséarach dhrochaigeanta faoi rialtais is eolaíocht a chur chun tosaigh. 

Má thagann glaoch mo threo sna seachtainí romhainn ag tabhairt cuireadh dom glacadh le vacsaín, sínfidh mé mo lámh amach agus glacfaidh mé leis an instealladh. Ní fear cróga mé ó thaobh instealltaí agus snáthaidí ach tuigim cad é atá ar mo leas.

Close
Close