Cuairt Biden mar chuid de thraidisiún fadbhunaithe

Seán Ó Dubhchon

Is ócáid stairiúil a bheidh ann nuair a thiocfadh Joe Biden go hÉirinn ar cuairt an tseachtain seo chugainn. Cuirfidh sé tús lena chamchuairt i mBéal Feirste, sula rachaidh sé ó dheas go Baile Átha Cliath, agus glactar leis go gcaithfidh sé roinnt ama i gContae Mhaigh Eo agus i gContae Lú chomh maith, dhá áit ónar tháinig cuid dá shinsir. Tá cuairt tugtha ag Joe Biden ar 18 dtír go dtí seo ina ról mar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá agus, de réir dealraimh, theastaigh uaidh cuairt a thabhairt ar Éirinn roimh dheireadh a thréimhse oifige mar Uachtarán, go háirithe leis an éiginnteacht a bhaineann le Toghchán na hUachtaránachta a bheidh ar siúl i Meiriceá an bhliain seo chugainn. Tá daoine fud fad na tíre thar a bheith dóchasach agus sceitimíneach faoin chuairt seo, ach is iomaí cuairt stáit a tharlaíonn anseo in Éirinn agus i ngach tír eile. Cén fáth, mar sin, a gcuirimid an oiread de bhéim ar chuairteanna stáit ó Mheiriceá thar aon tír eile?

Bíonn raidhse poiblíochta ann i gcónaí nuair a thagann Uachtarán Mheiriceá go hÉirinn, nós a thosaigh 60 bliain ó shin nuair a thug an 36ú hUachtarán, John F. Kennedy, cuairt ar Bhaile Átha Cliath, Loch Garman, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach. Bhí uachtaráin ann roimh Kennedy ar tháinig a shinsir ón tír seo, ach b’Éireannaigh iad a shin-seantuismitheoirí ar fad, a rugadh anseo agus a d’imigh ar imirce go Meiriceá. Bhí baint mhór ag a mhuintir le Baile Uí Dhonnagáin i gContae Loch Garman agus tá tagairtí den teaghlach ar fud an chontae, go háirithe i mBaile Ros Mhic Thriúin. Nuair a tháinig JFK go hÉirinn, an 26-29 Meitheamh 1963, blianta luatha Hollywood a bhí ann agus bhí mealltacht ag baint leis an Uachtarán nach raibh feicthe riamh sa tír. Ba Chaitliceach é chomh maith i dtréimhse ina raibh stádas cumhachtach ag an Eaglais sa tír. Ní raibh Caitliceach Éireannach roimhe nó ina dhiaidh mar Uachtarán, rud eile a chuir go mór leis an histéire faoin chuairt. Is iomaí scéal atá inste agus scríofa faoin seal gairid a chaith JFK in Éirinn. Taobh istigh de chúig mhí, dúnmharaíodh John F. Kennedy, rud a chuir breis luacha leis na cuimhní a bhí ag daoine ar a chuid ama sa tír seo.

Ó shin ar aghaidh déantar an-chuid imscrúdaithe ar shinsearacht Uachtaráin Mheiriceá. D’aithin muid sin nuair a thug Barack Obama cuairt ar an tír ar an 23 Bealtaine 2011, ag tús camchuairte ar an Eoraip a mhair ar feadh seachtain. Ceann de na chéad rudaí a rinne sé agus é in Éirinn ná cuairt a thabhairt ar Mhuine Gall i gContae Uíbh Fhailí, áit ar rugadh a shin-sin-sin-seanathair. Ábhar bróid agus onóra a bhíonn ann nuair a ainmnítear foirgneamh, sráid nó aerfort in ómós do dhuine, agus d’fhéadfá a rá go bhfuair sé an onóir is Éireannaí nuair a baisteadh Barack Obama Plaza ar ionad seirbhísí gar do Mhuine Gall agus an M7 i gContae Thiobraid Árainn, áit a bhfuil ‘Supermacs’ breá ar fáil, féasta íocónach na nGael.

Fiú mura bhfuil sinsearacht Éireannach ag Uachtarán Mheiriceá, is féidir leo gaol láidir a chruthú tríd an mhéid a dhéanann siad le linn na hUachtaránachta. Tóg Bill Clinton mar shampla, fear a raibh an-spéis aige sa Phróiseas Síochána sna sé chontae, agus a rinne iarrachtaí tacú leis an phróiseas agus Comhaontú Aoine an Chéasta. Rinneadh tagairt álainn dá iarrachtaí sa tsraith Derry Girls le déanaí, rud a thug an-léargas ar an mheas agus an bá atá ag muintir na tíre seo le Bill Clinton. Beidh sé ar ais in Éirinn go luath le comóradh a dhéanamh ar 25 bliana ó shíniú Comhaontú Aoine an Chéasta, agus is iontach go bhfuil an oiread aitheantais á thabhairt do cheann de na cloch mhílte is tábhachtaí i stair na tíre seo.

Tá gaol cómhalartach againn, muidne agus Meiriceá, agus cuirfear fearadh na fáilte romhainn sa Teach Bán ar Lá Fhéile Pádraig gach bliain. Ar an ábhar sin, rinne an Taoiseach Leo Varadkar tagairt don tacaíocht a thug na Stáit Aontaithe d’Éirinn ó bhí an Breatimeacht ann. Ní gaol cultúrtha amháin atá againn, ach ceann polaitiúil chomh maith.

Tá go leor de na mionsonraí a bhaineann le cuairt Joe Biden go hÉirinn faoi cheilt go fóill ar mhaithe le cúrsaí slándála, ach rud amháin atá cinnte ná go gcuirfear céad míle fáilte roimhe ar fud an oileáin.

Close
Close