Covid sona duit

Dónall Mac Giolla Chóill

Ar na mallaibh, bhí mo bhreithlá ann.

Tá mé anois go hoifigiúil 43 bliana d’aois.

Go hoifigiúil, a deirim, mar tá mé ag machnamh ar scríobh chuig na húdaráis chuí agus aisíoc a lorg.

An mhí seo, rachaidh na cloig ar ais uair an chloig, mar sin de, cad chuige nach dtiocfadh linn ar Oíche na Seanbliana, duilleoga an fhéilire a thiontú siar go dti an chéad lá Eanáir, agus seans eile a thabhairt do 2020?

Bhí an chéad iarracht ag an bhliain bhocht, lag ar a laghad.

Agus samhlaigh, dá gcuirfeadh muid tús arís eile as an nua le 2020, go mbeadh níos mó de dheis ag rialtas na Breataine bricfeasta madaidh a dhéanamh den Bhreatimeacht arís eile, an rud a bhfuil siad cáilithe chuige.

Nach againn a bheadh an spórt, an scléip, an tsiamsaíocht, suí siar agus amharc orthu arís eile i mbun a gcuid geamaireachta, ag plé le lucht na hEorpa.

Dráma is fiú a fheiceáil arís agus arís agus arís eile.

Cúpla lá ó shoin, bhí mo bhreithlá ann, agus buíochas leis na Déithe, bhí cóisir bheag agam.

Tá mé cinnte, murach tréimhse seo na paindéime, go mbeadh na mílte i láthair, go mbeadh orthu Halla Cois Cuain a chur in áirithe, ar mhaithe leis na múrtha agus na sluaite a láimhseáil.

Tá a fhios agam go bhfuil na céadta agus na mílte ar mhaith leo an lá sin a cheiliúradh liom.

Gan iomrá ar ndóigh ar léitheoirí dílse an cholúin seo (triúr ar a laghad).

Ach de dheasca na staide reatha, choinnigh muid beag é, trí thábla, scartha go sóisialta.

Muna bhfuair tú cuireadh, mo leithscéal, cuirim an locht go huile agus go hiomlán ar An Post agus an Post Ríoga, ní ghlacaim féin aon chuid den locht.

Ansin tháinig an cáca mílis, le go leor coinnle ionas gurbh fhiú iad a mhúchadh.

Shéid mé ar na coinnle agus mhúch mé iad.

Ansin d’ith na haíonna píosa den cháca.

Agus ansin smaoinigh mé, do bharúil gur spréigh mé an Covid?

Ach chuimhnigh mé gur dóiche go raibh an Covid orm chéanna féin, thart ar mhí Aibreáin, nuair a bhí mé thall i Surrey Shasana.

Bhí mé ag caitheamh sé lá de shaoire, ó thús mhí an Mhárta le mo chol cearthrair agus a chéile ar dochtúir é.

Fuair an bheirt acu sin an Covid, agus bhí siad tinn ar feadh cúpla lá.

Níor leag an víreas oiread is méar orm, bhí mise ceart go leor.

Ach más rud é go bhfuil sé chomh tógálach sin, caithfidh sé go raibh sé ormsa chomh maith.

Teach beag atá ann.

Mar sin daoibhse uilig a d’fhreastáil ar mo chóisir bhreithlae, más rud é go bhfuil an Covid tolgtha agaibh, ná cuirigí an locht ormsa, mo dhuine ar thaobh na láimhe deise a rinne é.

Smaoiním ar am níos séibhe, fómhar na bliana 2000, bhí mé ag déanamh mo chéad dráma ceart, An Druma Mór.

Amharclann de hÍde faoi stiúir ag Bríd Ó Gallchóir a bhí idir lámha againn.

Ansin lá amháin agus muid in Amharclann Ghaoth Dobhair, i mbun cleachtaithe, tháinig an Bainisteoir Staitse aniar aduaidh orm le cáca breithlae, coinnle agus uile.

Ba iad sin na laethanta arbh fhiú a bheith beo.

Idir toit na gcoinnle múchta, agus an deatach ó na toitíní a bhí á gcaitheamh timpeall an tábla - mar go raibh cead agus fáilte fiú ar an chaitheamh taobh istigh - bhí dath gorm ar an aer.

Anois ná smaoiníodh duine ar thoitín a chaitheamh taobh istigh, agus is drochainte an radharc a thabhairfear ort muna bhfuil masc á chaitheamh agat.

Anois tá Dianghlásáil 0.2 á cur i bhfeidhm.

Ní bheidh cead bainis a chéiliúradh i ndiaidh pósta, nó tórramh a chomóradh i ndiaidh adhlactha, nó cóisir bhaiste i ndiaidh bhá an diabhail, nó cóisir bhreithlae don té atá 43.

Fuair mise mo chóisir mar gheall ar an dáta ar thit sé air.

Seachtain ina dhiaidh tá na hionaid chóisireachta faoi chosc.

Buíochas le mo mháthair gur roghnaigh sí mé a thabhairt chun an tsaoil seo tré ghearradh Caesarach, samhlaigh dá bhfanfadh sí seachtain bheag amháin eile!

Close
Close