Cora ceannaireachta san oirthuaisceart

Dónall Mac Giolla Chóill

Agus mé ag déanamh mo mhachnaimh ar alt na seachtaine seo, smaoinigh mé, ar feadh dhá shoicind go leith, go dtiocfadh liom seanalt a sheoladh isteach agus cúpla mionathrú déanta air, alt dar teideal Credo.

Faraor, tá mé i bhfad ró-ionraice (creid sin, más rud é go bhfuil fonn creidimh ort) ach, le fírinne, is beag a d’athraigh idir sin agus seo ó thaobh Edwin Poots, Aire na gCaorach, ach amháin go bhfuil an fear céanna anois ina cheannaire tofa ar Pháirtí Daonlathach Uladh (DUP).

Bhain sé an toghchán le móramh dhá vóta, 19-17.

Vóta amháin dá gcuirfeá a vóta féin as an áireamh. 38 duine a bhí ar chlár na vótóirí.

Chaill Sir Jeffrey Donaldson, leathdheartháir Daniel O’Donnell, an vóta sin mar gur dóiche nach bhfuil an oiread sin suime ag lucht an DUP sa cheol tíre ó d’fhag an tUrramach Willie McCrea an stáitse.

Tá Edwin anois i gceannas, nó beidh nuair a imíonn Arlene ag deireadh na míosa seo, nó na míosa seo chugainn.

De réir mar a thuigim níl suim dá laghad aige a bheith i gceannas - ar an tír - b’fhearr leis ceannas a ghlacadh ar an pháirtí, agus fanacht i mbun na gcaorach.

Tá dúil mhór aige sna caoirigh, is cosúil.

Deirtear go n-ainmneoidh an páirtí Paul Givan ina áit mar Chéad-Aire Shé Chontae Oirthuaisceart Éireann.

Tá go leor ráite agus scríofa agam faoi Edwin thar na blianta, agus ní gá dul fríd sin anseo, ach amháin go bhfuil líon áirithe focal le scríobh agam sula gcuirfidh Meon Eile cúpla pingin chugam.

Tá neart anailíse déanta ag daoine níos fearr (agus níos measa) ná mé faoin chineál duine é Edwin, agus faoi cén treo a thógfaidh sé an páirtí is mó - go dtí seo - sna laethanta agus na blianta amach romhainn.

Níl mé chun labhairt faoin Bhreatimeacht, tá rásúr géar á choinneáil ag an fho-eagarthóir ar a dheasc, agus bagairt déanta aige go mbainfidh sé úsáid as má fheiceann sé alt amháin eile uaim faoin ábhar sin go ceann bliana.

Níl a fhios agam an bhfuil sé ar intinn aige an dá mhéar a úsáidim ar an mhéarchlár a thógáil leis, mar sin de fágfaidh muid sin ansin.

Nuair a bhí Edwin Poots ina Aire Sláinte, agus é i gceannas ar roinn ar a bhfuil sé de chúraim aire a thabhairt dóibh siúd inár bpobal atá ag fulaingt, na daoine sin atá thíos leis, na daoine is laige inár sochaí, dúirt sé go leanfadh an cosc ar aghaidh ar dhaoine ar suim leo an inscne chéanna cead a bheith acu fuil a dheonú.

Bhí an cosc seo tógtha ón chuid eile de na hoileáin seo, ach dúirt Edwin a mhalairt. Cad chuige?

Is fear é Edwin a bhfuil an-suim aige san eolaíocht mar a léirigh mé san alt sin thuasluaite.

Ach is fear creidimh é chomh maith, agus dar leis go bhfuil aon chaidreamh idir fir, nach dtarlaíonn ar pháirc rugbaí nó sacair, lá ar bith sa tseachtain seachas ar an Domhnach, go bhfuil an caidreamh sin suarach, salach agus samhnasach.

Damnú síoraí ó Dhia ar a leithéid de chleachtais, agus go hifreann leis an iomlán acu.

Mairg nach bhfuil sé ag seasamh i mo thoghcheantar.

Maidir leis an Ghaeilge, is cuimhin liom an chéad uair ariamh a d’fhreastail sé ar imeacht Gaeilge mar Aire na nGluaisrothar.

Cuireadh fíorchaoin fáilte roimhe, agus bhí na meáin ansin leis an ócáid a chlúdach.

Thug sé aitheasc, agus san aitheasc cháin sé colúnaí nuachtáin ag an am a scríobh gur chóir do gach duine a bhfuil “Tiocfaidh ár lá” ar a dtoil acu, gur chóir dóibh cur síos ar an daonáireamh go bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.

Sin tús agus deireadh, bun agus barr a aithisc.

Agus tá lúcháir ar an Domhan féin an tseachtain seo a chluinstin nach bhfuil sí ach tuairim is 6,000 bliain d’aois.

Gidh go bhfuil an cailín céanna ag maíomh ó chuir mise aithne uirthi, nach bhfuil sí lá os coinn 4,500 bliain d’aois.

Ach tá teastas breithe s’aici feicthe agam, sínithe ag Ardeaspag Ard Mhacha, James Ussher, a deir go sóiléir gur rugadh í oíche Shathairn 22 Deireadh Fómhair 4004 RC.

Ábhar dóchais - ar éigean - do na caoirigh ar aon nós, nach bhfuil Edwin á bhfágáil le ceannas roinnte a ghlacadh ar an fheidhmeannas.

Ach Paul Givan? Líofa? Duine ar bith? Tabhair ar ais Arlene...

Close
Close