Ursula Ní Shabhaois
Bheadh sé intuigthe dá mbeifeá den tuairim go raibh an rás don Uachtaránacht ag
teacht chun deiridh agus an oiread sin ráite agus scríofa faoi le míonna anuas. Níl an
rás ach ina thús, áfach, agus go leor le titim amach idir seo agus lá na vótála ar an
24 Deireadh Fómhair.
Faoi dheireadh tá na hiarrthóirí deimhnithe agus beidh triúr san iomaíocht don ról, an
líon is lú iarrthóirí ón bhí an toghchán in 1990 ann. Feachtas difriúil a bheidh ann,
mar sin, ó na feachtais a bhí againn le cúpla téarma anuas nuair a chuaigh muid i
dtaithí ar an iliomad iarrthóirí san iomaíocht le réimse leathan tuairimí, cáilíochtaí
agus cúlraí éagsúla ina measc.
Bhí go leor plé ann maidir leis an phróiseas ainmniúcháin i mbliana go háirithe, agus
ag deireadh an lae is iad na páirtithe Dála a rinne an cinneadh maidir le cé a bheidh
ar an bhallóid, le Fine Gael ag tabhairt ainmniúchán do Heather Humphreys, Fianna
Fáil ag déanamh amhlaidh do Jim Gavin, agus gach páirtí Dála sa fhreasúra ar an
eite chlé ag tabhairt tacaíocht do Catherine Connolly.
Maidir le hainmniúchán Connolly, ní minic a fheictear comhaontú agus comhoibriú
idir na páirtithe ar an eite chlé ag an leibhéal seo agus beidh sé suimiúil an n-
éireoidh leis an chur chuige comhoibrithe seo, agus an spreagfar deiseanna
comhoibrithe eile amach anseo síos an líne.
Tá blianta fada taithí ag an Ghaillimheach Connolly ó toghadh í mar Chomhairleoir
Cathrach thiar in 1999 do Pháirtí an Lucht Oibre. D’fhág sí an páirtí in 2006 nuair a
diúltaíodh an deis di rith san olltoghchán an bhliain sin mar chomhiarrthóir le Mícheál
D Ó hUiginn. Toghadh chuig an Dáil í den chéad uair in 2016 agus ghnóthaigh sí
ainm di féin mar urlabhraí láidir i gcoinne go leor cinntithe rialtais, agus mar ghuth
láidir neamhspleách ar an eite chlé do chuid mhór ceisteanna, go náisiúnta agus go
hidirnáisiúnta.
Bean Mhuineacháin í Heather Humphreys atá ag obair i ngort na polaitíochta ó 2003
nuair a fuair sí suíochán ar Chomhairle Chontae Mhuineacháin. Toghadh chuig an
Dáil í in 2011 agus le linn an téarma sin ceapadh í mar Aire Ealaíon, Oidhreachta
agus Gaeltachta. Bhí rólanna éagsúla aici ó shin, agus deirtear gurb é an ról mar
Aire Talmhaíochta agus Pobail an ról is luachmhaire di anois agus í ag taisteal fud
fad na tíre ag bualadh le daoine arís mar a rinne sí cuid mhór agus í sa ról sin.
Le taithí fiche bliain i saol na polaitíochta tá sí breá cleachtaithe le feachtais agus le
himscrúdú na meán uirthi. Ach rud atá difriúil an babhta seo ná go mbeidh an bhéim
uirthi mar dhuine in áit ar pholasaithe nó ar pháirtí.
Is de bhunadh Bhaile Átha Cliath do Jim Gavin agus aithne ag go leor de lucht
leantóra CLG air cheánna féin mar gheall ar na blianta rathúla a chaith sé mar
Bhainisteoir le foireann peile Bhaile Átha Cliath, le linn na tréimhse a bhuaigh siad
Sam Mag Uidhir cúig huaire i ndiaidh a chéile.
Agus é nua don pholaitíocht, ní raibh an deis ag daoine aithne a chur ar mar dhuine
go fóill. Cé go bhfuil an CV leathan s’aige ar eolas ag daoine (le hobair déanta aige
sna Fórsaí Cosanta, san IAA agus mar Chathaoirleach ar Thionól Saoránach), is mó
suim a bheidh ag daoine sa phearsantacht atá aige, na luachanna a léiríonn sé agus
na haidhmeanna atá aige don tréimhse a bheadh aige san Áras. Dúshlán mór a
bheidh sa chéad fheachtas toghcháin riamh dó agus an bhearna sin a líonadh sna
seachtainí atá romhainn.
Labhair sé amach go láidir nuair a scaipeadh ráflaí faoi gan fianaise ar bith leo ar na
meáin shóisialta an tseachtain seo caite, agus dúirt sé go sonrach nár chóir go
mbeadh clann agus cairde duine ar bith ag fulaingt mar gheall go bhfuil duine ina
saol ag seasamh do ról le próifíl ard ag dul leis.
Feachtas fíochmhar a bhíonn san fheachtas seo i gcónaí, éiríonn cúrsaí pearsanta
agus trom ar na hiarrthóirí agus is iomaí iarr-iarrthóir a labhair amach le blianta
beaga anuas maidir leis an tionchar a bhí ag an fheachtas orthu.
Ar an Luan an tseachtain seo beidh an chéad díospóireacht den fheachtas le gach
iarrthóir páirteach ann. Beidh le feiceáil cad é mar a éireoidh leis an triúr leis na
stíleanna agus na prionsabail éagsúla atá acu, agus cad é mar a fhreagraíonn siad
ceisteanna deacra nuair nach féidir dul i bhfolach go furasta.
Sin ráite, cé go mbeidh go leor daoine sna sé chontae ag leanúint gach gné den
fheachtas seo go géar, ní bheidh an deis acu vóta a chaitheamh ar son iarrthóir ar
bith dar ndóigh. Agus an oiread sin cainte déanta maidir le hoileán comhroinnte agus
droichid a thógáil, beidh le feiceáil an ndéanfaidh aon duine den triúr tosaíocht do
cheist an tuaiscirt agus an easpa daonlathach atá ann anseo. Ach, mar a léirigh an
chumhacht a d’imir na páirtithe móra ar an phróiseas ainmniúcháin, ba mhaith leo an
oiread smachta agus is féidir a choinneáil ar an phróiseas seo, agus is cosúil go
mbeidh muintir na sé chontae ag fanacht mar lucht féachana ar ról an Uachtaráin go
ceann tamall maith eile.