Comhionnanas, don tromlach go fiú

Dónall Mac Giolla Chóill

Agus na togcháin áitiúla thart agus na vótaí cuntaiste, agus i ndiaidh fheallmharú Lyra McKee, agus gan feidhmeannas ar bith againn le breis agus dhá bhliain, tá fonn tobann ar an Státrúnaí gníomhú.

Cé acu an mbeidh nó nach mbeidh fiúntas ar bith lena cuid gníomhartha, beidh le feiceáil.

B'olc an mhaise di a bheith ag saothrú pá rialta le tamall anuas nó is maith an rud é - di féin agus do na feisirí tionóil - nach bhfuil a pá “i gcoibhneas feidhmíochta”, mar a deirtear sa drochGhaeilge.

Bheadh an t-iomlán dearg acu sa scuaine amach romhat ag na bancanna bia, nó iad ag seasamh sa ‘bhrú’ ag lorg iasachtaí géarchéime.

Tá sé beartaithe ag an Státrúnaí tús a chur le cainteanna leis an teach mór i Stair Mhonadh a chur ag obair arís.

Tá uchtach aici.

Tá sé chomh maith aici rud inteacht a dhéanamh, fiú muna bhfuil ann ach leis an droch-chuma a bhaint di féin.

Tá rudaí ciotach go leor sa taobh seo tíre, sa dlínse seo, sna Sé Chontae bheag s’againne.

Tá cúpla pobal ar leith ann, ar daoine daonna iad, ach le meoin éagsúla, dearcthaí difriúla agus mianta ar leith acu.

Tá muidne ann, agus na daoine ar an taobh eile.

Thig sin a rá i cibé guth is mian leat, ach cuimhnigh go bhfuil tú ag cur na ndaoine eile ar an taobh eile.

Na daoine a shocraigh Comhaontú Aoine an Chéasta, thuig siad seo.

Nuair a bunaíodh Tionól Thuaisceart Éireann, fadó, ionas go mbeadh cothromaíocht ann, agus mar chosaint in éadan thromaíocht an tromlaigh, cuireadh rud darb ainm ‘achainí ar bhonn ábhar buartha’ ar bun.

An bhunchiall leis seo nó nach mbeadh an tromlach ábalta rudaí a chur i bhfeidhm a chuirfeadh isteach ar an mhionlach.

Sin mar a samhlaíodh é, agus bhí ciall agus úsáid agus fiú géarghá lena leithéid.

Ach ní dóigh liom gur shíl siad siúd a shínigh an Comhaontú ag an am go mbeadh an achainí seo in úsáid ag mionlach amháin le cur i gcoinne mionlaigh eile.

Ach sin mar atá, agus beidh géarghá leis an achainí seo a chóiriú, nó a chur ar ceal, sula mbeidh dóchas ar bith ann go mbeidh feidhmeannas nó tionól choíche againn.

Tá mise i mo bhall de mhionlach, ar níos mó ná bealach amháin.

Agus tá go leor mionlach againn ar an tsaol seo, agus an líon ag méadú gach uile bhomaite beo.

Go teoiriciúil, maidin amárach thiocfadh liomsa dul go Mín an Chladaigh, i dTír Chonaill, agus pósadh.

Thiocfadh liom dul trasna na farraige, go go leor tíortha eile, agus pósadh, dá mba mhian liom.

Ach ní thig liom dul go bun na sráide, sa chathair a bhfuil cónaí orm inti le breis agus fiche bliain, go Halla na Cathrach, agus pósadh.

Nuair a thig liom pósadh i gcontae a vótáil i gcoinne comhionnanas pósta, ach nach dtig liom pósadh anseo, tá rud inteacht as riocht sa phictiúr seo.

Anois, níl mé ag rá go bhfuil fonn mo phósta orm - níl ar chor ar bith - ach tá fonn orm an ceart a bheith agam gan fonn an phósta a bheith orm, ach an ceart chun pósta a bheith agam ag an am céanna.

Tá fonn ar thromlach na bhfeisirí in Stormont go mbeadh an ceart sin agam, agus tá an fonn ar thromlach mhuintir an stáitín bhig seo go mbeadh an ceart sin agam, agus go mbeinn comhionnan le gach duine eile.

Ach tá mionlach beag amháin, ag cur isteach ar mhionlach bheag eile.

Agus tá an cead sin acu de réir an Chomhaontaithe.

Tá amhras orm, áfach, gur chuige seo a cuireadh an píosa sin reachtaíochta os comhair an phobail, agus gur ghlac muid leis.

Beidh le feiceáil cén toradh a bheas ar shaothar an Státrúnaí, nó an mbeidh aon éifeacht leis, agus má fhaightear réiteach ar na bacanna atá os ár gcomhair amach, ó thaobh comhionnanas teanga agus cearta pósta de, agus má éiríonn an ghriain maidin inteacht amach anseo, le gach rud foirfe, ar a laghad beidh mo chearta agam.

Níl mé chun pósadh, ach ba dheas an rogha a bheith agam a bheith chomh míshásta le gach duine pósta eile a bhfuil aithne agam orthu.

Close
Close