Comhaontú Stormont - Tuairimí ón phobal aerach

Rinneadh plé forleathan, ó thuaidh agus níos faide i gcéin, ar na sonraí a bhí sa dréacht-chomhaontú idir Sinn Féin agus an DUP a sceitheadh ar na mallaibh.

Ach cad faoin mhéid nach raibh sa doiciméad?

Níor luadh rud ar bith, mar shampla, faoi chearta an phobail aeraigh ná faoin chomhionannas pósta, ábhair a bhí á mbrú chun tosaigh ag feachtasóirí ar an talamh le tamall fada.

Tá an tuaisceart i bhfad ar chúl ó thaobh na gceart sin in Éirinn ach bhí dóchas ann i measc brúghrúpaí go ndéanfaí plé ar an cheist le linn na gcainteanna ag Stormont.

Cé gur theip ar an idirphlé agus nach bhfuil comhaontú ann go fóill, an gcuirfear an pobal aerach san áireamh in aon socrú amach anseo?

Chuaigh Meon Eile chun na ndaoine le tuairimí a fháil ar an ábhar...

Close
Close