AONTAS: Scéinséir Gaeilge roghnaithe mar iontráil na hÉireann do na Gradaim Oscar

 an scannán Gaeilge Aontas roghnaithe mar iontráil na hÉireann don 99ú bliain de Ghradaim an Acadaimh sa chatagóir Scannán Lánfhada Idirnáisiúnta. 

Leanann Aontas lorg An Cailín Ciúin (2023) agus Kneecap (2024), agus beidh sé in iomaíocht le scannáin eile i dteangacha seachas an Béarla ó fud fad an domhain.

Scríofa ag Damian McCann agus Sarah Gordon, agus stiúrtha ag Damian chomh maith, tá cliar chlúiteach chumasach le feiceáil ann ó thús deireadh, amhail Carrie Crowley, Bríd Brennan, Eva-Jane Gaffney, Seán T. Ó Meallaigh, Art Parkinson agus Marcus Lamb.

Leanann an scéal triúr ban agus iad i mbun robáil ar chomhar creidmheasa faoin tuath. Ní struchtúr traidisiúnta atá ag an saothar: téitear siar in am agus feictear an méid a tharla roimh an eachtra féin. 

Bhí léiriú speisialta de Aontas i nGleann Arma, Contae Aontroma, ag an deireadh seachtainemar chuid den fhéile GALF (Glenarm Arts and Literary Fayre).

Is i nGleann Arma a scannánaíodh an scéinséir Gaeilge agus bhí deis ag Meon Eile labhairt le Damian faoin rath atá ar an scannán, lá i ndiaidh don nuacht maidir leis na hOscars briseadh.

Dúirt Damian go bhfuil bród an domhain air go bhfuil Aontas in iomaíocht sna mórghradaim, agus gur éacht ollmhór é a bheith ainmnithe mar an iontráil náisiúnta. 

Cé gur comhtharlú a bhí ann gur taispeánadh an scannán i nGleann Arma lá i ndiaidh na nuachta móire, luaigh Damian gur chuí an rud é ó tharla nasc chomh mór sin a bheith ag an scannán leis an cheantar.

Labhair Meon Eile fosta le hÁine Walsh, Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, a thug maoiniú do Aontas. Dinis sí dúinn faoin lúcháir atá uirthi gurb é Aontas rogha na hÉireann do Ghradaim Oscar 2027. Tá bród an domhain uirthi fosta mar gheall gur tháinig Damian fríd Scéim na nIontrálaithe Nua atá ag an Chiste.

Is ar an 15 Nollaig a fhógrófar an gearrliosta de na 15 scannán a bheidh san iomaíocht sa chatagóir Scannán Lánfhada Idirnáisiúnta.

Go n-éirí le Aontas agus le foireann Púca Pictures

Close
Close