Coireacht fuatha: an bhfuil na dlíthe againn le tabhairt fúithi?

Eoin Ó Murchú

Samhlaigh: cailín óg, déagóir le craiceann dubh, ag siúl abhaile tráthnóna dorcha.

Ar an taobh eile den bhóthar ag an gcúinne, tá scata ógánach a thosaíonn ag béiceach amach nuair a fheiceann siad í: ‘moncaí’, ‘nigear’, ‘striopach'!

Tharla sé sin in aice le Páirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath, ach ní coir ann féin é rudaí gránna a rá.

Is coir é bagairt ar dhuine, duine a ionsaí, nó imeagla a imirt air nó uirthi.

Ach ní coir í fuath ciníoch a léiriú ann féin.

I dtuarascáil a d’fhoilsigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine is Comhionannas, léirítear go scagtar amach an ghné den scéal a bhaineann le fuath - ciníoch, homafóibeach nó eile – de réir mar a théann an próiseas tríd an gcóras dlí.

Is féidir, ar ndóigh, tagairt a dhéanamh don chomhthéacs fuatha nuair atá pionós le gearradh, ach braitheann sé sin ar an mbreitheamh is ní féidir cás ar bith a thosú mura bhfuil coir eile ann freisin – ionsaí, bagairt nó eile.

Dar le Emily Logan, Ard-Choimisinéar an Choimisiúin, is laigeacht é seo san iarracht le dul i ngleic lena leithéid de ghníomh.

Má tá éiginnteacht ann faoin dlí bíonn sé i bhfad níos deacra cás a thógáil.

Ach dar le Logan, “ní ar an íospartach atá an dualgas gan a bheith thíos leis de bharr coir fuatha: tá an dualgas ar an stát an scéal a scaipeadh nach nglacfar lena leithéid.”

Agus dúirt an Dr Amanda Haynes, comh-údar na tuarascála: “Níl aon bhealach ann le taifead a dhéanamh go bhfuil coir fuatha déanta ag ciontóir agus mar sin ní féidir tabhairt faoina leithéid d'iompar ciontach nó athchiontóirí a aithint.”

Sa Tuaisceart aithníonn an dlí coir faoi leith mar choir fuatha, is tá pionós faoi leith leagtha síos dó.

Luaitear fuath ciníoch, náisiúnta, creidmheach, homafóibeach ar na dearcthaí a chuireann le tromchúiseacht coire.

Tá sé fíor, mar deir Amanda Haynes, go lagaíonn an easpa sainmhínithe seo cumas an dlí greim a choinneáil ach go háirithe ar athchiontaitheóirí.

Ach níl sé fíor, mar a mhaítear sa tuarascáil, nach n-aithníonn breithiúna comhthéacs fuatha de na cineálacha atá luaite nuair a oireann sé sin.  

Is féidir pionós níos troime a ghearradh sna cásanna sin agus is amhlaidh a ghníomhaíonn breithiúna go rialta.

Gan dabht ámh is laigeacht é sa chóras ó dheas nach féidir athchionta a aithint mar choireanna fuatha.

Is gá go mbreathnódh an rialtas is an Dáil air seo le leasú ar an dlí a dhéanamh.

Ag an am céanna, téann lucht na tuarascála thar fóir san anailís i gcaoi nach gcabhraíonn le tuiscint cheart a fháil ar an bhfadhb nó le tacaíocht a chothú don leasú dlí a theastaíonn.

Mar shampla, dúirt Liam Herrick, Ard-Stiúrthóir Chomhairle na hÉireann um Saoirsí Sibhialta go bhfuil ráta na coireachta fuatha in Éirinn ar na rátaí is mó sa domhan in aghaidh daoine ó chúlra Afraiceach is daoine trasinscinneacha.

Ní thugann sé aon fhigiúirí le hÉirinn a chur i gcomparáid le Sasana, mar shampla, nó leis an bhFrainc, ach is seafóid an chaint í.

Sea, tá daoine in Éirinn a mbíonn fuatha acu do dhaoine ón Afraic nó ón Meánoirthear, do dhaoine aeracha nó trasinscinneacha; ach is mionlach iad, de réir ár dtaithi féin ar dhaoine is de réir nach bhfuil aon fhigiúirí ann lena mhalairt a chinntiú.

Ó thuaidh ar ndóigh tá fadhb leanúnach againn den fhuath creidmheach, an seicteachas atá go foleathán ann i gcoinne daoine ar Caitlicigh iad.

Ach baineann an seicteachas creidmheach le polaitíocht bhunúsach na tíre. Ní teimpléid don tír ar fad é.

Ní sin le rá nach ceart dúinn ár ndlithe a leasú le coireacht fuatha a chur ar an gclár.

Is uirlis sa troid in aghaidh an chiníochais fhírinnigh a leithéid de dhlí a bheith ann.

Mar a deir comh-údair na tuarascála, tá folús polasaí ann mar gheall ar an easpa dlithe in aghaidh coireacht fuatha in Éirinn.

Maíonn duine díobh, Jennifer Schweppe, “Tá dualgas ar an stát a chinntiú go gcuirfí san áireamh nuair atá pionós á ghearradh más ciníochas nó fuath eile den saghas a spreag an choir, de réir Chinneadh Creatlaigh an AE i dtaobh coireanna fuatha gus miníonn sí go bhfuil sé "soiléirithe ag Cúirt na hEorpa um Chearta an Duine go bhfuil dualgas ar stáit iniuchadh ceart a dhéanamh má tá gné den fhuath ag baint le coir".

"Ach, ar an drochuair”, deir sí “ní chuireann an córas breithiúnais in Éirinn na huirlisí ar fáil le go gcomhlíonfaí na dualgais sin”.

Ní ghlacaim leis an argóint go bhfuil a leithéid seo de choireacht chomh forleathan sin in Éirinn, ach is ábhar náire dúinn nuair a tharlaíonn sé riamh.

Tá sé ceart mar sin, in ainneoin go dtéann an Tuarascáil thar fóir uaireanntaí, go dtabharfadh na polaiteóiri éisteacht chruinn dá príomh-mholtaí.

Ní ceart riamh go dtarlódh an eachtra fuatha a d’fhulaing an cailín óg ón Afraic, ach má tharlaíonn is ceart go mbeadh dlithe láidre ann le tabhairt faoi.

Close
Close