Ciarán Ó Pronntaigh
Tá córas polaitiúil na Stát Aontaithe i ndiaidh titim isteach in áit dhubh i mbeagán blianta. Ní gan rabhadh, áfach, a tháinig siad chuig an phointe a raibh siad tráthnóna Dé Céadaoin nuair a scaoileadh piléar cruinn i gcorp Charlie Kirk. Bhí siad ar an bhóthar sin le tamall. Limistéar éadrócaireach a bhí sa chró pholaitiúil i gcónaí ó cuireadh tús leis an chóras dé-pháirtí atá i réim sna Stáit leis na cianta. Mar sin féin, le teacht ré Donald Trump, tá leagan den trodaíocht dhorn-nochta ann nach bhfacthas ó aimsir an chogaidh chathartha. Tá an córas ann le húsáid agus is í cumhacht an t-aon sprioc atá ag na daoine seo.
Bhí an dearcadh sin le sonrú go mór san ionsaí ar an Capitol i mí Eanáir 2021 nuair a mheas Trump gurbh fhéidir leis na rialacha a shárú le fanacht in oifig. Tá an rud céanna ar siúl in Texas faoi láthair agus na limistéir thoghchánaíochta á n-atarraingt le buntáiste buan a thabhairt do na Poblachtaigh. Ach thairis sin, tá bonn nua faoin eite dheis agus friotal úr aimsithe acu a chuireann an dubh ina gheal orainn os comhair ár dhá súil. Níl am ann anois don díospóireacht mheáite, seo ré an fhuatha, na mbréag agus dímheas ar an daonlathas. Mura bhfuil tú linn, ní foláir nó go bhfuil tú inár n-éadan agus beidh orainn tú a scriosadh. Agus tá eagla ar go leor de mhuintir Mheiriceá na laethanta seo.
B’fhéidir nach raibh Charlie Kirk ar an duine ba mheasa den dream sin – bhí sé amuigh air go raibh sé sásta dul i ndíospóireacht le daoine nár aontaigh leis ach, le bheith fírinneach, bhí níos mó den chur ná den chúiteamh sna seisiúin argóna sin, an cineál ócáide poiblí ag ar feallmharaíodh é an tseachtain seo a chuaigh thart.
Níl aon amhras ach go raibh tallann faoi leith ag Charlie Kirk breith ar spiorad an aosa óig. Duine óg a bhí ann, ar ndóigh, ní raibh sé ach 31 bhliain d’aois nuair a cailleadh é. Agus bhí luach faoi leith leis sa Pháirtí Phoblachtach nó mheall sé an dream óg ina sluaite, ní hamháin chuig na cruinnithe móra poiblí a reáchtáil sé ar fud na tíre ach chuig an chineál Críostaíochta atá á brú ag an eite dheis. An cineál Críostaíochta a chuireann béim ar an fhearúlacht agus ar Mheiriceá láidir, a mholann tacaíocht do na Síónaigh in Iosrael agus a sheachnaíonn teagmháil ar bith le creideamh ar bith eile, go háirithe an tIoslamachas.
Cara pearsanta de chuid Trump a bhí ann agus crann taca don ghreim dhaingean atá ag an eite dheis ar an saol phoiblí faoi láthair. Más duine thú a fhaigheann de chroí aird a tharraingt ar chuid de na barúlacha samhnasacha a phumpáil Kirk amach faoi áit na mban, faoi dhaoine LADT nó faoi chearta sibhialta, is duine thú atá ar son na heite clé, an dream as ar eascair a mharú, dar lena lucht leanúna. Go híorónta, thug sé tacaíocht dóibh siúd a bhí i gcoinne rialú gunnaí, an oiread sin gur mhaígh sé nár mhiste dá bhfaigheadh líon áirithe daoine bás mar gheall orthu.
Dá ainneoin na líomhaintí go raibh lámh ag an eite chlé san eachtra, níl sé iomlán soiléir go fóill cad chuige ar maraíodh Charlie Kirk. Tá caint ann, mar shampla, go raibh an fear gunna míshásta nach raibh sé radacach go leor agus go raibh sé ag déanamh athmheas ar a dhearcadh faoi Iosrael. Ach is cuma, i ndáiríre, nó amharctar air anois mar mhairtíreach a thit go talamh sa chogadh bheannaithe, laoch a chuirfidh brí sa streachailt athuair, sna Stáit agus sna tíortha a bhfuil an eite dheis ag fás iontu. Go deimhin, bhí a ainm á adhradh ag an oll-léirsiú a bhí ag Tommy Robinson i Londain ag an deireadh seachtaine.
Má tá rud le foghlaim as bás Charlie Kirk is ea go bhfuil miotas bréagach i gcroílár cuid mhaith de bholscaireacht na heite deise. Ní féidir an náisiún a bhailiú le chéile más é an reitric atá á húsáid daoine a scaradh óna chéile. Is maith leo daoine nach n-aontaíonn leo a cháineadh go géar ach is miste leo é má tá de dhánacht ag éinne dul i ngleic le tuairimí Charlie Kirk. Is ceart marú Charlie Kirk a cháineadh cionn is gur imigh duine den domhan go tragóideach. Ach is mithid dúinn a bheith airdeallach nach bhfuilimid ag fágáil an bhealaigh dá leithéid tarlú arís nuair nach gcuirimid in éadan pholaitíocht an fhuatha gach áit a n-éiríonn sí a cloigeann.