Cíor thuathail na Fraince

John Maguire

Tá ceardchumainn na Fraince ag súil le léirsithe ollmhóra ar fud na tíre tráthnóna inniu in éadan dlí nua a ardóidh an aois phinsin má thugann an Chúirt Bhunreachtúil cead don Rialtas é a chur i bhfeidhm idir seo agus an 21ú Aibreán.

Ghlac níos mó ná milliún duine páirt i léirsithe ar fud na Fraince Déardaoin seo caite don naoú huair agus thosaigh achrann idir cuid de na léirsitheoirí agus na póilíní a chuireann an milleán ar ghrúpaí “black bloc” ón ghluaiseacht ainrialachais, agus ar na “gilets jaunes”, na veisteanna buí, a thosaigh ag agóidíocht in aghaidh ardú cánach ar pheitril sa bhliain 2018. Chuir lucht agóide bruscar trí thine i lár Phárais agus cathracha móra eile agus chuir sin an lasair sa bharrach.

Ní hamháin go bhfuil tromlach na bhFrancach ag gearán go gcaithfeadh siad dhá bhliain bhreise ag obair go dtí aois a 64, ach go mbeadh orthu obair ar feadh 43 bliana chun cáiliú do phinsean iomlán. Is cuma leis na Francaigh nach bhfuil siad cosúil le hEorpaigh eile sa chas seo. D’impigh an ceardchumann lárnach, an CFDT, ar an Rialtas “sos a bhualadh” ar a phleananna don phinsean, ag rá gur ábhar imní é an foréigean atá ag méadú ar imeall na léirsithe. Ach diúltaíonn an tUachtarán Emmanuel Macron agus a Rialtas glan an bille a aistarraing. Dar leisean go bhfuil sé riachtanach siocair go bhfuil daonra na Fraince ag éirí sean agus nach mbeidh go leor airgid le fáil amach anseo ag an Stát muna ndéantar leasú ar an gcóras anois díreach. Ach cuireann na léirsitheoirí ina leith go bhfuil Macron ag géilleadh do bhrú ón Choimisiún Eorpach an t-easnamh i mbuiséad an Stáit a ísliú go 3%.

Tá imní ar na ceardchumainn go n-éireoidh an foréigean níos measa agus go gcaillfidh siad smacht ar na léirsitheoirí. Tá grúpaí cearta daonna chomh maith le Comhairle na hEorpa ag rá go bhfuil an lámh láidir á húsáid ag na póilíní le linn na léirsithe nuair a gabhadh níos mó ná 1,200 duine.

Tá tuairim ag an Rialtas go gcuirfidh tuirse,  eagla, agus easpa airgid isteach ar na léirsitheoirí i ndeireadh na dála ach níl cuma ar chúrsaí go bhfuil seo ag tarlú. Thosaigh na léirsithe agus na stailceanna ar an 19ú Eanáir agus tá siad ag dul i méid ó shin. Tá an tír ina cíor thuathail. Bíonn stailceanna rialta sa chóras iompair, sa chóras oideachais, sna scaglanna ola, sa chóras leictreachais, sna haerfoirt, agus sa chóras bailiúcháin bruscair. I bPáras tá níos mó ná deich dtonna dramhaíola ar shráideanna na cathrach ag cothú na milliún luchóga móra agus ag cur isteach ar earnáil na turasóireachta agus ag dúnadh bialanna. Tá foireann an Louvre ar stailc. Agus b’éigean don Rí Séarlas cuairt ar an Fhrainc a chur ar ceal de thairbhe na hagóidíochta. Ní fios go fóill an mbeidh 45,000 reathaí in ann páirt a ghlacadh i Maratón Phárais De Domhnaigh.

Go dtí seo níl ach buaiteoir amháin sa choimhlint seo. Tá tacaíocht Marine Le Pen agus a páirtí radacach ar an eite dheis, le Rassemblement National (an Slógadh Náisiúnta), ag méadú agus bheadh tromlach acu i gcás toghchán luath. Dá dtarlódh a leithéid de vóta Dé Domhnaigh seo chugainn, bheadh 26% den vóta acu, ardú de bheagnach 7 bpointe i gcomparáid le toghcháin mhí an Mheithimh 2022. Tá ceithre bliana le caitheamh ag Emmanuel Macron i bPálás an Élysée go fóill agus níl cead bunreachtúil aige téarma eile a dhéanamh. Theip ar Marine Le Pen an t-am deireanach ach beidh seans aici an chéad uair eile. Tá an tUachtarán Macron san fhaopach mar ní léir go mbeidh sé in ann leasaithe eile atá geallta aige a chur i bhfeidhm sa chóras oideachas, sa chóras sláinte agus sa pholasaí inimirce ach go háirithe. Níl tromlach glan aige san Assemblée Nationale, Dáil na Fraince, agus níl aon pháirtí eile ag tacú leis. Ó tharla nach bhfuil tromlach ag an Rialtas, b’éigean dó Alt 49.3 den Bhunreacht a úsáid chun bille an phinsin a rith, rud a chuir leis an agóidíocht agus leis an achrann sa tír. Tugann Alt 49.3 cead do Rialtas dlí a rith gan vóta san Assemblée Nationale agus seo an céadú uair a úsáideadh é. Bhí tromlach na bhFrancach ar mire agus chuir siad i leith an Rialtais go raibh feall déanta acu in éadan an Daonlathais. Sna pobalbhreitheanna áirithe tá tuairim is 70% de mhuintir na Fraince i gcoinne an Uachtaráin agus an Rialtais. Creideann formhór na bhFrancach gur chuir Macron sluasaid faoi chac gé. 

Close
Close