Cén treo do na Tóraithe?

Ciarán Ó Pronntaigh

Tá daoine ann a mheasann nach féidir an jab a dhéanamh gan gach rud a fhágáil ina smionagar le go dtiocfadh leo iad a thógáil arís ar a ndóigh féin. Agus shíl Liz Truss, agus a lucht tacaíochta, gur fiú an glantachán mór le go mbeadh réimeas nua ann – réimeas a chuideodh leis an mhargadh shaor agus a bheadh beag beann ar an ghnáthdhuine.

Níl a fhios againn ar shíl a lucht tacaíochta, na liobraígh, go raibh Liz Truss inchurtha leis an chúram. Ba chuma, nó bhí an scrios le déanamh ar dtús. Is fanaicigh cuid de na liobraígh seo a chreideann nár chóir cáin ar bith a bheith ann agus ag an am céanna gan seirbhísí sóisialta, otharlanna poiblí agus a leithéid. Tá an dream seo glórach sna Stáit, le daoine amhail Rand Paul i dtús cadhnaíochta sa ghluaiseacht, ach, go dtí an Breatimeacht, ní raibh siad chomh glórach sa Bhreatain.

Do chuid de na daoine sa European Research Group (ERG), ní raibh sa Bhreatimeacht ach eochair le domhan nua liobraíoch a oscailt dóibh agus bhí d’uaillmhian acu an deis a thapú agus Liz Truss a chur isteach i Sráid Downing. Cé nach raibh Truss ar son an Bhreatimeachta ag an am, léirigh sí a dintiúir i bhfad roimhe sin sa Free Enterprise Group agus sa leabhar Britannia Unchained.

Tá a fhios againn uilig cad an cineál deiridh a tháinig leis an aislingeacht sin. Ní dhéanann sin difear do na fanaicigh seo. Tá rud amháin cinnte, níl aon mhaolú ar uaillmhian an ERG ná ar an chlár s’acu. An t-aon léaró dóchais atá ann do na Tóraithe nach móramh iad na fanaicigh seo sa pháirtí agus anois tá rogha le déanamh acu, vótáil ar son na heagna nó vótáil ar son an chroí.

Agus mise á scríobh seo, is é Rishi Sunak guth na heagna sa pháirtí – eisean a thug rabhadh nach raibh i bplean eacnamaíoch Truss ach fantaisíocht. Mura raibh a leathbhádóirí Suella Braverman nó Kemi Badenoch le seasamh mar cheannaire, bhí baol ann go gcaillfeadh an ERG a thionchar ar an pháirtí. Dhírigh cuid acu a n-aird ar Boris Johnson ach d’aithin an chuid eile go mbeadh fadhbanna ag príomh-aire a raibh ceisteanna móra fós le freagairt aige maidir le cóisirí le linn na paindéime.

Shíl Coiste 1922 gur chuir siad an bhagairt sin as an áireamh ach cosúil le Banquo sa dráma Macbeth, bhí taibhse Boris fós ag an chóisir, cé gur ag déanamh bolg le gréin a bhí sé i Muir Chairib. Ach b’fhéidir go bhfuil ciall cheannaithe ag lucht an ERG anois nó tá cuid acu ag úsáid focal amhail ‘comhaontú’ agus ‘cobhsaíocht’, focail nach dtagann go furasta ó bhéal Steve Baker, mar shampla. Focail le gaoth a déarfadh an soinicí.

Ar bhealach, is ceist acadúil é cé a bheas mar an chéad cheannaire eile nó tá an oiread sin dochair déanta ag Johnson agus Truss go mbeadh sé mórán as an cheist go mbeadh na Tóraithe ar ais ag an chéad olltoghchán eile. Iarracht le srian a chur ar an dochar an polasaí is inmholta agus creidiúnacht éigin a thabhairt ar ais don pháirtí. Níos mó agus níos mó, le linn an tsamhraidh, chonaic muid nach páirtí atá sna Tóraithe ach roinnt faicsean agus gan a lán measa acu ar a chéile.

Ní féidir leis an ERG maireachtáil leo féin – is cineál de pharaisít é a mhaireann taobh istigh den pháirtí agus a shúnn fuinneamh den pháirtí. Dá mbeadh siad le seasamh ar an chlár polaitíochta atá acu, ní bheadh ach dornán feisirí acu in Westminster agus ní bheadh tionchar ar bith acu ar chúrsaí. Tá an páirtí de dhíth orthu nó tugann sé feithicil dóibh a ndéanann siad iarracht í a thiomáint ó am go chéile.

Go dtí go dtuigeann an Páirtí Coimeádach sin agus go dtí go ndéanann siad rud éigin faoi beidh an baol ann i gcónaí go mbeidh ceannairí ar an pháirtí atá sásta smionagar a dhéanamh de rudaí sa dóigh go mbeidh deis acu é a thógáil ar a ndóigh féin. Mura nglacann siad le Rishi Sunak is comhartha mór é go bhfuil an ceacht sin le foghlaim ag na Tóraithe go fóill.

Close
Close