Ceist chasta na máinliachta cosmaidí

Michelle Nic Pháidín

Léiríonn figiúirí ón American Society of Plastic Surgeons go bhfuair 8,333 déagóir ón tír máinliacht chosmaideach le brollach níos mó a bheith acu in 2019.

Cé gur figiúr suntusach é sin is titim 4% é ón bhliain roimhe. Tá cuma ar an scéal go bhfuil déagóirí áirithe idir 13 bliana agus 19 mbliana ag tabhairt cuairt ar an chlinic níos minicí ná a chuaigh muidne chuig an fhiaclóir ag an aois sin.

Caithfear an cheist a chur: cad chuige an bhfuil seo ag tarlú? An bhfuil ról againn féin ann? Agus ag deireadh na dála an rud maith nó rud olc é?

Ón bhomaite a thagann tú ar an saol, bíonn daoine ag rá caide chomh dóighiúil leat. Is gan tú ach i do phóirín slogtha istigh i mblaincéad beag gorm nó bándearg, agus achan scread dhearg agat, deirtear go bhfuil tú galánta. Seans maith gur sin na chéad fhocail a deirtear leat, mar mholadh, i dtús do shaoil. Agus tú ag éirí aníos deirtear na focla; “nach dóighúil í”, agus tú i bhfolach go cúthaileach ar chúl sciorta do mhathára agus eagla an bháis ort roimh gach duine sean-aimseartha atá ag drannadh leat.

Sin an moladh is mó a thugann daoine dá chéile ar chúis amháin nó ar chúis eile. Castar cara leat nach bhfaca tú leis na blianta agus an chéad rud a deir sibh le chéile, seans, nó “tá cuma mhaith ort” nó “amharcann tú go maith”.

Feiceann muid cairde ar na meáin shóisialta agus aoibh an gháire ag briseadh trasna a n-aghaidheanna nuair a thagann siad ar dhuine a bhí san rang céanna leo ar an scoil agus cuma níos sine orthu ná iad. Feiceann muid daoine eile agus iad ag amharc ar réaltaí ar an idirlíon agus iad ag déanamh cur síos ar cé chomh ramhar, caol nó óg agus atá siad ag amharc.

Ach i ndáiríre, is é an cheist is cóir duinn a bheith a chur ná cad chuige a bhfuil cara a bhí ar an scoil leat ag amharc sean go leor le bheith ina máthair nó ina athair agat? An é go raibh drochshaol aige nó aicí? An raibh fadhbanna acu a tharraing an t-anam astu? An bhfuil drochshaol acu anois? An ndeachaigh siad nó ar cuireadh ar strae iad?

Agus má bhí an saol olc acu, caithfear smaoineamh go bhfuil níos mó de thaithí saoil acu ná mar atá ag daoine a fuair achan rud go reidh sa tsaol. Is iomaí ceacht atá foghlamtha acu - seans nach san ollscoil a d’fhoghlaim siad iad ach áit níos tábhachtaí fós sa tsaol.

Tugann muid breithiúnas ar dhaoine de bharr na cuma atá orthu. Ag an phointe seo is nádúr an duine é. Ní rómhinic a fheiceann tú cúpla le chéile nach bhfuil chomh dóighiúil céanna le chéile. Is slat tomhais atá ann faoin am seo.

Léiríonn fíricí ó shuíomh amháin gur mó seans gur mná nach bhfuil ardmheas acu orthu féin a fhaigheann máinliacht chosmaideach. Léiríonn an suirbhé céanna go bhfuil na mná den bharúil nach bhfuil siad mealltach, nach bhfuil suim láidir i gcúrsaí creidimh acu agus go bhfuil suim mhór sna meáin acu.

Is cinnte go bhfuil tréithe na mban seo ionainn uilig ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile. Seans gur mhaith linn uilig a bheith níos óige, níos raimhre nó níos caoile. Is iomaí páirt sin dár gcorp a d'athródh muid dá mbeadh deis againn. Mar sin cad chuige nach n-athraíonn? Sílim go mbaineann seo le cá háit a bhfuil muid ar ár n-aistear sa tsaol. Braitheann sé orainn uilig go pearsanta. Má thugann sé ardú meanman nó ardú brí duit? Cén dochar. Tá an deis againn anois agus i gceann scór bliain is beag duine nach mbeidh obair de chineál inteacht faighte acu.

An áit a bhfuil an dochar ná nuair atá déagóirí ag iarraidh a bheith níos aibí go róluath. Caithfear a bheith socar i do cheann féin sula dtugann tú faoi do chorp a athrú. Sílim gur sin an tslat tomhais is ceart a leagan síos.

Close
Close