Caillte san aistriúchán?

Concubhar Ó Liatháin 

Is iomaí ciall a chailltear san aistriúchán, deirtear. Agus is cinnte go bhfuil sin fíor nuair a bhímid ag trácht ar chaipéisí oifigiúla agus a leaganacha Gaeilge. 

Go minic, áfach, ní ar mhaithe le leagan Gaeilge de chaipéis a chur ar fáil a bheadh á léamh go forleathan ag pobal na teanga a dhéantar an t-aistriúchán ach chun riachtanas dleathach a shásamh.

De bhrí gur le haghaidh bosca a thiceáil a dhéantar seo, i gcásanna áirithe ní bhíonn aon suim a chinntiú go bhfuil an teanga a úsáidtear i nGaeilge inléite nó intuigthe ar chor ar bith.

Le déanaí d’fhoilsigh Rialtas na hÉireann suíomh nua idirlín chun an tír agus a cultúr is a tírdhreach a chur i láthair thurasóirí na cruinne chun iad a mhealladh le teacht anseo ar chuairt. Tá sprioc eile ag an suíomh freisin - fiontraithe ó ar fud an domhain a mhealladh go hÉirinn chun gnónna a bhunú anseo agus postanna a chruthú.

Is é Ireland.ie an suíomh sin agus tá go leor ann le moladh - griangrafanna den scoth agus físeán álainn, mar shampla.

Is dócha nár cheart bheith ag gearán.

De ghnáth ní bheadh leagan Gaeilge dena leithéid seo de shuíomh - nó, dá mbeadh, bheadh sé i bhfad ar chúl an leagain Béarla ar go leor bealaí.

D’fhoilseofaí i bhfad Éireann níos moille é, mar shampla.

Ní mar a chéile é, is dócha, ach léiríonn mo thaithí ón am gur chaith mé seal i m'eagarthóir ar an nuachtán Lá an dearcadh a bhí ag an Rialtas ar an nGaeilge nó tráth go raibh an cháinaisnéis á foilsiú, dúradh liom go mbeadh preasráiteas ann i nGaeilge faoi... tháinig sé faoi dheireadh, sé mhí nios moille!

Rud eile a tharlaíonn ná go n-úsáidtear Google Translate chun aistriúchán a dhéanamh.

Deirtear linn go bhfuil an costas ar aistriúchán gairmiúil ródhaor agus b’fhéidir go bhfuil sin fíor - ach is minic a bhíonn caint ar bhuiséid ollmhóra do shuíomhanna ar nós Ireland.ie, i bhfad níos mó mar shampla ná mar a chuirfí ar fáil do ghnath-shuíomh idirlín. 

Mar shampla den chineál airgid a bhfuilim ag caint faoi, bhí an Seanadóir Fintan Warfield as Sinn Féin ag gearán le déanaí nach raibh ach trian de bhuiséad Creative Ireland á chaitheamh ar an ealaíon is an chruthaitheacht is go raibh an chuid eile de bhuiséad thart ar €5m á chur amú ar mhargaíocht, €192,000 ar dhá shuíomh idirlín san áíreamh sa mhéid sin.

Ná bí ag rá liom mar sin nach bhfuil go leor airgid ann chun aistriúchán fónta a dhéanamh.

Fillfimís ar Ireland.ie agus díreoimid ar chuid den teanga a úsáidtear ann chun na deacrachtaí a léiriú.

Ar an leathnach baile, fáiltítear romhainn i mBéarla: "Ireland. Here, we live."

As Gaeilge deirtear, "Éire. Anseo a bhfuil cónaí orainn."

Tá an chosúlacht ar an scéal gurb é Yoda an té atá ar chúl theanga na margaíochta de réir mar atá sé breactha anseo nó bhí an cháill ar an Maistir Jedi ó Star Wars mar gheall ar an ord aisteach a chuirfeadh sé ar na focail ina chuid abairtí.

Anuas air sin, ní fheadar an bhfhuil gá leis an gclásal coibhneasta sa leagan Ghaeilge - nach ndéanfadh “Éire. Anseo, tá cónaí orainn” cúis?

Tá duine nó comhlacht éigin ag saothrú tuarastal as an aistriúchán lofa atá á dhéanamh ar chaipéisí is ar shuíomhanna oifigiúla.

Go n-éirí leo ach go minic níl siad ag déanamh aon leas don teanga ná lucht a labhartha nó don saothar atá idir lámha acu.  

Nach bhfuil sé thar am go mbeadh Caighdeán Simplí Gaeilge ann le go mbeadh caipéisí oifigiúla inléite as Gaeilge (fiú mura bhfuil siad inléite as Béarla, mar a tharlaíonn go rómhinic?).

Uaireannta shamhlófá nár mhaith leo go léighfí na caipéisí oifigiúla seo - b’fhéidir gurb é sin an fath, ó am go chéile, a mbíonn státseirbhísigh ag sceitheadh eolais faoin mhéid airgid a caitheadh ar an bplean seo nó siúd - an cháipéis chéanna nár léigh éinne, tugann siad le fios faoi choim.

Amhail is gurb é a dtuiscint go mbeadh a saol i bhfad níos simplí gan an Ghaeilge agus dá mbeadh ar a gcumas naimhdeas a spreagadh i measc an phobail don airgead - pinginí suaracha nuair a chuirtear i gcomhthéacs mór - a chaitear ar aistriúchán.

Ní duine mise atá tugtha do theoiricí comhchéilge, bíodh a fhios agaibh...

Close
Close