CaiLleach an airGid

Breatimeacht. Ceapachán Trump. Na cinntí is déanaí a rinneadh ag Comhdháil CLG ag an deireadh seachtaine. Dá mbeadh agam leis na trí eachtra seo a chur in ord uafáis agus uamhain bheadh obair agam ... an dara agus an tríú háit a shocrú.

CaiLleach an airGid

Le Colm Duffin

Breatimeacht. Ceapachán Trump. Na cinntí is déanaí a rinneadh ag Comhdháil CLG ag an deireadh seachtaine. Dá mbeadh agam leis na trí eachtra seo a chur in ord uafáis agus uamhain bheadh obair agam ... an dara agus an tríú háit a shocrú.

Bhí baint agam le Cumann Lúthchleas Gael sula raibh mé ag lámhacán thart faoin bhaile go fiú. Mo sheanathair ba chúis leis sin, nó camán a rinne sé lena lámha féin ar mo shonsa ba chiontaí leis ba chirte dom a rá. Is minic a shamhlaím é agus samhail an chamáin á tarraingt agus á gearradh aige agus é ag plánáil an chamáin go bláfar, foighneach grámhar - gan ar a aird aige ach an leas agus an t-aiteas a bhainfinn féin as.

Is iomaí lá sa ghairdín cúil agam agus an camán céanna á luascadh agus á tharraingt agam agus mé ag ligean orm gur ag déanamh gaisce i bPáirc an Chrócaigh a bhí mé agus cúilín na cinniúna á scóráil agam agus gach gáir liú ó na sluaite síoraí.

Ach bíodh sin mar atá, níor bhronntanas ná bréagán ar bith é an camán céanna.

Ar ndóigh bhí mo sheanathair ag iarraidh an grá dár gcluichí Gaelacha a chothú ionamsa, go díreach mar a cothaíodh ann féin.

Agus ba é a ghuí gan amhras go n-imreoinn féin ár gcluichí Gaelacha agus mé i mbun mo mhéide.

Ach dar liom go raibh níos mó ná sin i gceist leis.

Bhí sé ag iarraidh ceacht a theagasc dom.

Ceacht ar na bunchlocha agus ar na luachanna sin ar ar tógadh Cumann Lúthchleas Gael.

Am. Cúram. Flaithiúlacht. Gur tábhachtaí agus gur fiúntaí rud a thabhairt uait ná rud a fháil. Grá. Spiorad na meithle. Baile. Teaghlach. Pobal.

Sin na luachanna ar ar tógadh Cumann Lúthchleas Gael.

Geansaithe foirne ar an líne i ngairdíní cúil lá samhraidh.

Na mílte carr timpeall na tíre agus iad lán le páistí agus iad ag dúil go mór le comórtas éigin ar pháirc imeartha éigin maidin Domhnaigh.

Imreoirí, ón leanbh ceithre bliana d’aois go dtí an Oisín i ndiaidh na bhFiann ar an fhoireann shinsearach agus é ar a dhícheall cos a choinneáil leis an mhuintir óga agus iad uilig ag dul chun páirce lá beag fuar geimhridh agus an pháirc mar a bheadh díog ann.

An seanduine liath ag baint taca as an sconsa, loinnir ina shúile agus é ag scéalaíocht agus ag seanchas ar na laethanta móra a bhí aige féin agus a chairde ar pháirc na himeartha ina óige féin.

Am. Cúram. Flaithiúlacht. Gur tábhachtaí agus gur fiúntaí rud a thabhairt uait ná rud a fháil. Grá. Spiorad na meithle. Baile. Teaghlach. Pobal.

Sin na luachanna ar ar tógadh Cumann Lúthchleas Gael.

Ach tá na luachanna sin á ligean i ndearmad le tamall anuas. Táthar á dtreascairt agus á mbascadh ag an treo úr atá faoi Chumann Lúthchleas Gael le tamall de bhlianta anuas, treo nach samhlódh agus nach gcreidfeadh mo sheanathair agus a mhacasamhail riamh.

Tá dia beag á dhéanamh den séasúr idirchontae agus gan de chinniúint ag an ghnáthimreoir club ach corrchluiche anseo is ansiúd i míonna an tsamhraidh; comórtais chraoibhe na gclubanna á n-imirt faoi dheifir laistigh de chúpla seachtain; clubanna nach bhfeiceann a n-imreoirí idirchontae ó mhí Eanáir go deireadh mhí Mheán Fómhair.

B’aisteach mar sin gur chuir údaráis Chumann Lúthchleas Gael gobán san imreoir club ag an deireadh seachtaine nuair a baineadh an rún chun aitheantas oifigiúil a thabhairt don CPA de chlár na Comhdhála.

Bhí deis ag údaráis CLG a chur in iúl d’imreoirí club ar fud na tíre go raibh fáilte rompu féin agus an CPA.

Ach ní fáilte a bhí rompu ach doicheall.

Ní beannú a tugadh dóibh ach cur ó dhoras.

Ní meas a léiríodh ach múisiam.

Ní rannpháirteachas a rinneadh ach ruaigeadh.

Níor fhan baill na Comhdhála ina mhuinín sin, áfach, nuair a caitheadh na vótaí ar Rún 4 chun leagan amach chraobh idirchontae na peile a athrú.

Ní raibh ceachtar den CPA ná an GPA ar a shon - ba é an mana a bhí ag an CPA ó tháinig ann dóibh go raibh siad dubh in éadan athrú den chineál seo agus thug an GPA le fios go raibh 70% dá gcuid imreoirí ina éadan chomh maith.

Ach glacadh leis an rún. Glacadh leis in ainneoin mianta imreoirí club agus idirchontae araon.

Cad é sin mar dhaonlathas. Bí ag caint ar spiorad na meithle, ar chomhghuaillíocht, ar a bheith ag obair as lámh a chéile, ar phobal.

Níl sa Rún seo ach méadú i líon na gcluichí idirchontae ag na foirne is láidre agus bíodh an diabhal ag an 99.9% eile d’imreoirí ar fud na tíre. Sin an léamh atá le baint as an chinneadh seo.

Cuirfear le sparán Chumann Lúthchleas Gael ceart go leor agus le líon na gcluichí a chraolfar ar Sky. Agus baineadh giota eile den bhealach i dtreo na gairmiúlachta – an ghairmiúlacht chéanna atá á santú ag na húdaráis faoi láthair is cosúil.

Is é an t-aon luach ar ar bunaíodh an cinneadh seo, luach airgid.

An Corparáideachas. An tÉilíteachas. Airgead. Saint.

Sin na luachanna nua atá údaráis Chumann Lúthchleas Gael i ndiaidh glacadh chucu féin i bhfianaise na gcinntí a glacadh ag an Chomhdháil seo. Go bhfóire Dia orainn iad.

Tá cead a cinn ag CAiLleach seo an airGgid lena ‘luachanna’ nua agus treabhfaidh sí léi ar a caoithiúlacht agus neamhiontas á dhéanamh aici de thoil, de dheoin agus de leas a himreoirí féin.

Ach ní féidir toil, deoin ná leas a chuntas faoi mar is féidir na puint a áireamh agus níl luach ar bith níos tábhachtaí ná sin anois is léir.

Is é an ceacht is mó a bhí le foghlaim ón Chomhdháil bhliantúil seo nach bhfuil le déanamh ag an 99.9% den chumann ach ár mbealach a dhéanamh go ciúin déircínteach truacánta siar go háit na leathphingine. 


Close
Close