Cá bhfuil na páistí a bhfuil an Ghaeilge mar theanga tí acu ó thuaidh?

Ciarán Dunbar

Léirigh Meon Eile an tseachtain seo caite go bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an tí ag 529 bpáiste i scoileanna ó thuaidh i mbliana, ach cá háit a bhfuil siad agus an bhfuil na staitisticí seo iontaofa?


Is é Béal Feirste croílár athbheochan na Gaeilge ó thuaidh sa mhéid gurb ann atá an líon is mó páistí a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an tí acu.

Is ann a chónaíonn thart ar leath na bpáistí sna Sé Chontae a labhraíonn an Ghaeilge sa bhaile, de réir staitisticí úra ó Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann do 2020/21.

De réir na bhfigiúirí seo, is i mBunscoil Phobal Feirste ar Bhóthar Seoighe in Iarthar Bhéal Feirste atá an líon is mó páistí ag a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga.

Tá Gaeilge mar theanga tí ag 91 dalta atá ag freastal ar an scoil sin, ardú 40 dalta ó 51 in 2017/18, de réir an eolais a bhailigh an Roinn.


Bóthar Seoighe

Is í Bunscoil Phobal Feirste an Ghaelscoil is faide ar an fhód ó thuaidh - bhunaigh muintir Bhóthar Seoighe í mar chuid den chomharsanacht a thóg siad ó 1969 ar aghaidh.

Is é an dara scoil is láidre ná Bunscoil an tSléibhe Dhuibh i mBaile Uí Mhurchú in Iarthar Bhéal Feirste, áit a bhfuil 95 dhalta ag a bhfuil an Ghaeilge mar theanga an tí, ardú ó 66 in 2017/18.

Tá an Ghaeilge mar theanga tí ag 38 ndalta i gColáiste Feirste (scoil dara leibhéal), in Ard na bhFeá in Iarthar Bhéal Feirste, líon atá ardaithe ó sheachtar sa bhliain scoile 2017/18.

Tá 33 dhalta le Gaeilge ón teach ag Gaelscoil na bhFál sa cheantar céanna.

Is scoileanna fadbhunaithe iad seo a bhfuil dlúthcheangal acu le Gaelphobal Bhóthar Seoighe agus le gníomhaithe radacacha eile in Iarthar Bhéal Feirste.


Carn Tóchair

Daingean eile de chuid na Gaeilge ná deisceart Chontae Dhoire, ceantar tuaithe a bhfuil clú na Gaeilge agus na gníomhaíochta air le fiche bhliain anuas, ceantar Charn Tóchair go háirithe.

Tá 23 pháiste ar Scoil Naomh Bríd, Tír Chiana (Carn Tóchair), a bhfuil an Ghaeilge acu mar theanga tí, líon atá i ndiaidh dul in airde beagáinín ó 22 in 2017/18.

Tá 24 dhalta a bhfuil an Ghaeilge acu sa bhaile ag freastal ar Ghaelcholáiste Dhoire i nDún Geimhin, ardú ó 14 in 2017/18.

Ní léir ó na figiúirí seo go bhfuil an rath céanna ar an teanga i gCathair Dhoire is atá i mBéal Feirste, cé go bhfuil an Ghaeilge sa teach ag 16 pháiste a fhreastalaíonn  ar Ghaelscoil na Daróige.


Amhras

Léiríodh amhras an uair dheiridh a foilsíodh na staitisticí seo ón Roinn Oideachais ar Meon Eile, i mí na Samhna 2018.

Ar lámh amháin, bhí iriseoirí ar nós Fhachtna Uí Dhrisceoil in amhras faoi chuid de na figiúirí, go háirithe an líon a bhain le Scoil Chlochar Naomh Iósaef i nDomhnach Mór i dTír Eoghain.

'Teanga an tí: “Bhí an ‘Fíoras Dubh’ inár n-aghaidh gach uile áit'

'Titim ar líon na ndaltaí scoile ó thuaidh a bhfuil an Ghaeilge mar theanga an tí acu'

Bhí 73 dhalta cláraithe le Gaeilge mar theanga an tí ann in 2017/18. Tá an scoil sin imithe ón liosta go hiomlán anois, rud a léiríonn slad nó botún riaracháin.

Ar an lámh eile, léirigh gníomhaithe Gaeilge go poiblí gur shíl siad go raibh figiúirí na Roinne i bhfad ró-íseal agus gurbh fhéidir go raibh bolscaireacht oifigiúil i gceist go fiú.

Go príobháideach, áfach, léirigh Gaeilgeoirí mór le rá iontas liom, ag rá nár chreid siad go raibh an líon a bhí i gceist an t-am sin, 481 pháiste, fíor ar chor ar bith.


Hamely spakin childer

Níl ach seachtar páiste ann a labhraíonn Albainis Uladh mar theanga tí, de réir an daonáirimh seo.

Tá siad ar fáil in Ampertaine Primary School, Machaire Rátha, Contae Dhoire, Dunseverick Primary School, Muileann na Buaise,  Armoy Primary School agus Ballycastle High School, Contae Aontroma.


Anailís

Caithfidh amhras a bheith ann maidir le scoileanna áirithe ar liosta na bliana seo, cuir i gcás Our Lady of Lourdes Primary School i dTuaisceart Bhéal Feirste – scoil Bhéarla.

An bhfuil 16 pháiste a bhfuil an Ghaeilge mar theanga tí acu ag freastal ar an scoil sin i ndáiríre? Tá mé go mór in amhras.

Mar sin féin, is suimiúil go bhfuil líon beag páistí le Gaeilge scaipthe ar scoileanna Béarla ar fud an tuaiscirt. Cad is cúis leis sin?

An é nach raibh Gaelscoil ar fáil don teaghlach sin, nó an é gur roghnaigh tuismitheoirí na bpáistí sin scoil Ghaeilge a sheachaint ar chúis éigin?

Polaitíocht, cúrsaí aicme agus buaireamh faoin ‘bhlas’ teanga a bhíonn i gceist in amanna, i mo thaithí féin.

Dar liomsa, cé go bhfuil fiúntas leis na figiúirí seo, níl siad iomlán iontaofa.  Má ghlacann muid Bunscoil an Iúir mar shampla, léirítear go bhfuil 21 pháiste ann a bhfuil an Ghaeilge mar theanga an tí (bhí 12 ann in 2018). Tá a fhios agam féin nach bhfuil sé sin (iomlán) fíor.

Anois, creidim go bhfuil 21 pháiste sa scoil ag a mbeadh Gaeilge sa teach go dtí pointe áirithe, go cinnte. Ach ní bheadh sí mar ‘phríomhtheanga’ an tí ach ag tuairim ar dheichniúr de na páistí ann. Títear dom gurb amhlaidh an scéal i scoileanna eile.

Is é mo thuairimse gur féidir go bhfuil 529 bpáiste ann ó thuaidh a bhfuil an Ghaeilge acu sa bhaile go cinnte, nó seans beagáinín níos mó ná sin.

Ní chreidim go bhfuil 529 bpáiste ann a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an tí áfach. Is é sin le rá, an dá thuismitheoir ag labhairt Gaeilge leo, agus iad gan Béarla ag dul chun na scoile go bunúsach (óir sin an chúis leis an daonáireamh scoile seo, chun freastal ar riachtanais foghlama na n-imirceach agus a gcuid bpáistí).

Is dócha gurb é an dátheangachas atá ann den chuid is mó i gcás na Gaeilge.  Is annamh a bhíonn lámh in uachtar ag an Ghaeilge sa ‘dátheangachas’ seo, déanta na fírinne.

Léiríonn na figiúirí seo go soiléir áfach go bhfuil ag éirí le trí ghrúpa Gaeilge an-difear a dhéanamh, thar dhreamanna eile: muintir Bhóthar Seoighe agus múinteoir Uachtar Chluanaí in Iarthar Bhéal Feirste agus muintir Charn Tóchair i ndeisceart Dhoire. Is eiseamláirí iad, agus eisceachtaí leis, faraor.

Pé scéal é, seo na staitisticí is fearr dá bhfuil againn faoi láthair. An ábhar dóchais nó éadóchais iad? Braitheann sin ar do thuairim féin.

Primary, post primary and special schools with pupils who have a home language of Irish or Ulster Scots, 2020/21











School
School name

Irish







1010157
Rosetta Primary School

*







1010324
Stranmillis Primary School

*







1030326
Our Lady's Girls' Primary School

*







1036140
St Michael's Primary School

*







1046501
Bunscoil Phobal Feirste

91







1046571
Gaelscoil Na Bhfal

33







1046593
Bunscoil An Tsleibhe Dhuibh

95







1046596
Bunscoil Bheann Mhadagain

*







1046641
Scoil An Droichid

6







1046671
Gaelscoil na Mona

*







1046672
Gaelscoil an Lonnain

*







1056535
Forge Integrated Primary School

*







2016700
Gaelscoil Neachtain

*







2032737
St Colmcille's Primary School

*







2036415
Our Lady of Lourdes Primary School

16







2046638
Gaelscoil Uí Dhochartaigh

6







2046677
Gaelscoil na gCrann

*







2046687
Gaelscoil na Daroige

16







2046689
Gaelscoil Leim an Mhadaidh

*







3012229
Hezlett Primary School

*







3013323
Mossgrove Primary School

*







3030815
Moneynick Primary School

*







3032018
St Brigid's Primary School Tirkane

23







3032285
St Patrick's & St Joseph's Primary School

*







3036243
St Joseph's Primary School

*







3046685
Gaelscoil Eanna

15







3066568
Acorn Integrated Primary School

*







4036591
Our Lady Queen of Peace Primary School

*







4036618
Christ the Redeemer Primary School

*







4046600
Scoil na Fuiseoige

5







5031158
St Patrick's Primary School

*







5032558
Laghey Primary School

*







5036673
St Bronagh's Primary School

*







5046597
Bunscoil an Iuir

21







5046695
Gaelscoil Aodha Rua

18







1230155
St Genevieve's High School

*







1230321
Blessed Trinty College

*







1240291
Colaiste Feirste

38







2230099
St Fanchea's College

*







2230301
Holy Cross College

5







2240319
Gaelcholáiste Dhoire

24







3230203
Edmund Rice College

*







3230234
St Patrick's Co-ed Comprehensive College

9







3250149
Crumlin Integrated College

*







4230211
St Malachy's High School

7







5210047
Banbridge High School

*







5210231
Drumglass High School

*







5230157
St Paul's High School

*







5230218
St Catherine's College

*







5250216
Brownlow Int College

*







1410270
Wellington College

*







1420021
St Mary's Christian Brothers' Grammar School

9







1420022
Methodist College

*







1420029
St Dominic's High School

18







1420030
St Malachy's College

*







1420082
Dominican College

*







1420095
Rathmore Grammar School

*







1420277
Aquinas Diocesan Grammar School

*







2420287
Lumen Christi College

*







4420044
Sullivan Upper School

*







4420259
Our Lady and St Patrick's College

*







5420059
Abbey Christian Brothers Grammar School

*







5420076
Sacred Heart Grammar School

*







5420304
St Patrick's Academy

*







1310014
Harberton Special School

*







1316500
Park Education Resource Centre

*







1316582
Oakwood School and Assessment Centre

*







5316523
Sperrinview Special School

*







Total

529
















School
School name

Ulster Scots







3010726
Dunseverick Primary School

*







3012234
Ampertaine Primary School

*







3016040
Armoy Primary School

*







3210124
Ballycastle High School

*







Total

7

























Source: NI school census
















Notes:








The total figure exceeds the sum of the figures identified in the table due to the supression of figures less than 5 for confidentiality reasons.




Data is based on pupils enrolled on Census day i.e. The Friday of the first full week in October (In 2020/21 this was the 9 October 2020)




Figures include pupils in primary (including nursery, reception and year 1-7 classes), post primary and special schools. 














* denotes fewer than 5 pupils







Close
Close