Buiséad leamh go maith sa deireadh ach cad iad na himpleachtaí?

Jack Mac Íomhair

Lá aisteach a bhí ann nuair a d’fhógair Seansailéir an Státchiste na Ríochta Aontaithe Buiséad an Fhómhair. Bhí an buiséad fógartha ag an Oifig um Freagracht an Bhuiséid (OBR), trí thimpiste, beagnach uair an chloig sula raibh Rachel Reeves ina seasamh i bparlaimint.

Tá Cathaoirleach an OBR i ndiaidh éirí as mar gheall ar an eachtra. Roimhe seo rinne an OBR gearán le hOifig an Státchiste faoi roinnt eachtraí de sceitheadh eolais.

Taobh amuigh den dráma a tharla, cad é a bhí ann sa bhuiséad don ghnáthdhuine? An raibh Páirtí an Lucht Oibre ag seasamh don Lucht Oibre? Nó an raibh gnólachtaí móra ar intinn acu agus an buiséad seo á ullmhú?

Ceann de na rudaí is mó a fógraíodh mar chuid den bhuiséad seo ná an uasteorainn a bhaineann le sochar linbh. Gheofar réidh leis an uasteorainn ar dhá pháiste i mí Aibreáin.

Is gníomh suntasach é seo agus táthar ag súil gur féidir leis thart fá 50,000 páiste a bhaint ó bhochtaineacht sna sé chontae, ach an dtéann sé fada go leor?

Is cineál de mhicreacosma é an cinneadh seo fosta de rialtas Pháirtí an Lucht Oibre. Beagnach bliain go leith ó shin cuireadh seachtar ball parlaiminte ar fionraí ar feadh sé mhí mar gheall gur chaith siad vóta in aghaidh an rialtais maidir leis an pholasaí seo.

Is léir go bhfuil an rialtas ag iarraidh an pobal a fháil ar a dtaobh arís, i ndiaidh dóibh scéal chailleach an uafáis a dhéanamh den gheilleagar ó tháinig siad chun cumhachta.

Tá an Seansailéir ag reo cáin ioncaim agus árachas náisiúnta, ag cur go mór leis an phá maireachtála náisiúnta, ag gearradh cáin nua ar fheithiclí leictreacha agus ar chomhlachtaí cearrbhachais.

Tá an cháin ar chearrbhachas suntasach agus méadú 19% ag teacht ar na comhlachtaí sin. Beidh le feiceáil an tionchar a bheas aige seo agus an dioscúrsa faoi chearrbhachas ar líne go mór i mbéal an phobail.

Chuir an tAire Airgeadais ó thuaidh John O’Dowd fáilte roimh an mhaoiniú bhreise, ach dúirt sé nach leor é. Uaireanta is é rialtas na Breataine an t-aon dream atá in ann páirtithe sna sé chontae a tharraingt le chéile, agus Ball Parlaiminte de chuid an DUP, Sammy Wilson, ag aontú leis an Aire ag rá go bhfuil an buiséad míchothrom dóibh siúd atá ar an ioncam is ísle.

Tá an tAire O’Dowd ag cur in iúl go bhfuil géarghá leis an dílárú fioscach.

Mar a dúirt an Rúnaí Stáit Hilary Benn, agus tá sé á rá fós, caithfidh an Tionól anois amharc ar na dóigheanna ar féidir leo ioncam a bhailiú.

Cad é na roghanna atá acu, áfach, agus an mbeidh an Tionól, atá ag iarraidh níos scoilte de réir a chéile agus muid ag tarraingt ar thoghchán, in ann aon ghníomh a chomhaontú?

Tá cuma ar an scéal nach mbeidh, agus tá Benn go mór den bharúil go bhfuil athrú mór de dhíth chun seirbhísí poiblí a fheabhsú sna sé chontae.

Ag deireadh an lae, ní chuideoidh an buiséad seo leis na daoine is boichte sna sé chontae, na daoine sin a gcaithfidh muid aire a thabhairt dóibh. Tá thart fá thriúr as gach 20 duine fásta ag maireachtáil i mbochtaineacht. Ní hamháin sin, ach, tá páiste as gach ceathrar ag fás aníos sna sé chontae ag maireachtáil i mbochtaineacht agus ní chuideoidh na hathruithe ar shochar linbh ach leis an leathchuid acu.

Ní chuirfidh an buiséad seo airgead i bpócaí agus de réir cosúlachtaí beidh na sé chontae ar chúl go deo ó thaobh airgeadais de go dtí go mbeidh athrú suntasach ar an dóigh a bpléitear leis an pholaitíocht trí chéile anseo. 

Close
Close