Bealaí éagsúla amach as an dianghlasáil

Ciarán Ó Pronntaigh

Tá trí phlean againn anois. Trí dhóigh le héalú ón dianghlasáil, thuaidh, theas agus i Sasana. Ach an bhfuil gach plean inchurtha lena chéile? An bhfuil gach ceann acu saindeartha don limistéar ina bhfuil siad nó an bhfuil lámh ghránna na polaitíochta ag imirt a tionchair ar rudaí?

Tá a fhios againn go bhfuil na cúrsaí seo thar a bheith casta agus go mbeidh gach plean ag brath ar níos mó ná an Figiúr ‘R’, ráta scaipthe an víris, a choinneáil faoi 1. Tá cúlú eacnamaíochta teicniúil ann agus brú mór ar na rialtais na tíortha a chur ar ais ag obair, dóigh amháin nó dóigh eile. Má bhogtar rómhall, caillfear muinín an phobail. Bog róluath agus tá baol ann go mbeidh athráig ann.

Ba é an Dr Varadkar a bhí i dtús cadhnaíochta sa ghéarchéim seo – eisean ba thúisce leis an druidim síos – eisean arís ina threoraí amach as an tsáinn. D’éirigh go breá leis an dianghlasáil ó dheas agus chloígh an pobal léi den chuid is mó. Anois, tá plean ann leis an dianghlasáil a mhaolú céim ar chéim agus dátaí againn do na rudaí is ansa linn – an bearradh gruaige, an pionta nó fiú an chuairt ar ghaol nach bhfuil ar fónamh.

Ní raibh an t-ádh céanna ar Boris Johnson. An té a thug an chraobh leis mí na Nollag anuraidh le sluaghairm shimplí faoin Bhreatimeacht, theip glan air nuair a tháinig an crú ar an tairne an iarraidh seo. Rámhaille an cur síos is trócairí a tugadh don óráid shollúnta a thug sé an tseachtain seo a chuaigh thart; meascán mearaí contúirteach de theachtaireachtaí breithiúnas daoine eile. Chuir Matt Lucas as Little Britain a mhéar air i gceart: ‘Fan sa bhaile . . . ná fan sa bhaile.’

Sin go díreach an áit a raibh an fhadhb. Is mana simplí glan é ‘Fan sa Bhaile’. Is ceann measartha doiléir é ‘Bí ar d’airdeall’. Bímis airdeallach ar mhanaí leisciúla polaiteoirí, b’fhéidir! An baol is mó atá ann nó nuair a scaoiltear an pobal saor ón teach gur geall le rud dodhéanta é iad a fháil ar ais sa teach arís más gá le hath-dhianghlasáil. Cuireadh brú ar dhaoine dul ar ais ag obair ach sna cathracha móra, is ionann sin agus úsáid a bhaint as an iompar poiblí ar an mhórchóir. Níl aon scaradh sóisialta ar an iarnród faoi thalamh. Tá caint ann anois go n-osclófar cuid de na scoileanna i mí an Mheithimh. Ní plean atá ann, i ndáiríre, ach mianliosta atá ag athrú gach uair a labhraíonn ball eile den chomh-aireacht.

Is cosúil nár smaoinigh Johnson gur gá comhaontú ar bith a fháil dá phlean ó na rialtais eile sa Ríocht Aontaithe. Ní hamháin go raibh fearg shoiléir ar na ceannairí in Albain agus sa Bhreatain Bheag, ach dhiúltaigh siad glan an plean a chur i bhfeidhm ina ndlínsí féin. Dúirt Nicola Sturgeon go pointeáilte go raibh an plean ag teacht salach ar a plean féin.

Mar aon leis an Bhreatain Bheag agus Albain, tá a phlean féin ag Stormont, rud a d’fhoilsigh siad an tseachtain seo caite. Rud suntasach faoin phlean seo go raibh leibhéal ard comhaontaithe ann ó na páirtithe san fheidhmeannas, rud nach raibh fíor ag tús na géarchéime i mí an Mhárta. Níl siad ag sodar i ndiaidh Boris Johnson a thuilleadh. Ciall cheannaithe, thiocfadh leat a rá.

Ba dhoiligh aithris ghlan a dhéanamh ar threoir Londan cibé nó níl cúrsaí mar an gcéanna. Tagann saoire an tsamhraidh, mar shampla, níos luaithe i scoileanna na hÉireann. Níl sé praiticiúil, mar sin, a bheith ag amharc ar pháistí a chur ar ais ar scoil roimh an samhradh. Cáipéis measartha coimeádach a chuir Stormont le chéile a thugann plean oibre tomhaiste amach as dianghlasáil don phobal. ‘Céimeanna an linbh’ a tugadh ar an chur chuige atá acu. An próiseas seachas dátaí, rud a cháin lucht na mbeár agus na n-óstán.

Tá geilleagar na hÉireann trí chéile ag brath go mór ar an turasóireacht agus is í an earnáil sin is mó atá thíos leis an víreas seo. Má théann rudaí de réir phlean Leo beidh na hóstáin agus na beáir ar ais ag obair, fiú ar scála i bhfad níos ísle, i mí Iúil agus mí Lúnasa. Cé nach bhfuil dátaí leagtha amach ó thuaidh, tá plean Stormont solúbtha go leor le gur féidir leo comhordú a dhéanamh leis an deisceart más mian leo. Plean comhtháite uile-Éireann, b’fhéidir, gan plean comhtháite uile-Éireann a thabhairt air.

Close
Close