Beag a tháinig as cuairt Uí Mháirtín ar an Tuaisceart ach dearbhú ar a naimhdeas do Shinn Féin

Eoin Ó Murchú

Ní rabhthas ag súil le mórán as cuairt Mhicheál Martin, an Taoiseach Sealadach, ar an Tuaisceart.  Agus ba mhaith sin mar is beag a tháinig as ach léireasc is torann seanchaite.

I ndiaidh na gcruinnithe le hArlene Foster is Michelle O'Neill, an Céad-Aire is an LeasChéad Aire faoi seach, agus na cruinnithe leis na mionpháirtithe, ní raibh le maíomh ag Martin ach gur léiriú dea-chomharsanachta a bhí ann, agus go mbeadh cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas ann ag deireadh na míosa.

Is léir ón gcaint sin nach bhfuil sé ag tnúth le haon athrú mór sa nasc idir an dá chuid den tír.

Leanfaidh an dá riarachán, a dúirt Martin, le comhoibriú eatarthu maidir le COVID-19 agus iarrachtaí le cinntiú go mbeidh socrú trádala ann idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Toisc go bhfuil na difríochtaí soiléir i dtaobh na gceisteanna sin, agus difríochtaí móra idir príomhpháirtithe an Tuaiscirt, Sinn Féin agus an DUP, ní raibh sa gcaint sin ach iarracht le bheith béasach.

Ach is é an rud is tábhachtaí, agus is práinní, maidir leis an gcaidreamh idir an Tuaisceart agus an chuid eile den tír, ná cén chaoi a dtiocfadh an dá thaobh le chéile i dtéarmaí praiticiúla.

Mar shampla, céard a bhí le moladh aige maidir le COVID-19, nó cén freagra a fuair sé?

Agus cén iarracht atá ar siúl ag rialtas Bhaile Átha Cliath le cinntiú lena gcomhghuaillithe san Eoraip go mbeidh socrú trádála ann idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach?  An mbeidh Baile Átha Cliath sásta tacú le ceart na Breataine cúnamh stáit a chur ar fáil le tionscail (is jabannaí) a chosaint agus a chur chun cinn (rud atá riachtanach má tá socrú ar bith eile le bheith ann)?

Tá a leithéid fíor-riachtanach, ní hamháin don Bhreatain ach don Tuaisceart freisin. Go deimhin, i gcomhthéacs na gcostas breise a d'fhéadfadh a bheith ag baint le hearraí a chur go dtí an Bhreatain nó a thabhairt isteach uaithi, tá sé tábhachtach go mbeadh plé ann idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste ag iarraidh teacht ar aon chur chuige ina leith.

Tá sé sin fíor freisin maidir leis an gcáipéisíocht a bheidh riachtanach d’earraí na hÉireann ag dul go Sasana agus earraí an Tuaiscirt ag dul tríd an Deisceart go dtí an Eoraip nó go dtí na 26 Chontae féin.

Agus ná ligimis ceist na hiascaireachta i ndearmad, agus an tAontas Eorpach ag iarraidh an comhbheartas iascaireachta a choinneáil i bhfeidhm in uiscí na Breataine. Má táthar ag caint faoi dhea-chomharsanacht ba chóir iarracht a dhéanamh teacht ar shocrú ar son iascairí, thuaidh is theas. Ach ní raibh tada le rá ag Martin faoi sin ach an oiread.

Cén fáth mar sin a ndeachaigh Martin ar aon chuma? I ndáiríre ní fheicim go bhfuil dearcadh ar bith aige i dtaobh an Tuaiscirt ach leas a bhaint as gach scéal le dochar a dhéanamh do Shinn Féin más féidir.

Ní chreideann sé go bhfuil Éire Athaontaithe le baint amach agus é beo, agus tá sé ag cur go láidir i gcoinne aon phobalbhreith faoin teorainn. Bheadh a leithéid deighilteach is achrannach, a deir sé, toisc nach bhfuil an pobal Aontachtach oscailte dá leithéid.

Aontaím leis, ag an bpointe seo, ach níl aon phlean aige le tús a chur le díospóireacht faoi athaontú na hÉireann. Níor bhac sé fiú le duine ar bith ón Tuaisceart a cheapadh mar sheanadóir, Aontachtach nó Náisiúnaíoch. Tá beirt seanadóirí ón Tuaisceart ann, ceart go leor, ach is baill de Shinn Féin iad a fuair ainmniúcháin óna bpáirtí féin.

Mar chúiteamh, mar dhea, tá aonad le bunú in oifig an Taoisigh a fhéachfaidh i ndiaidh oileán roinnte a phlé.

Is dócha go gcuireann a naimhdeas don phobalbhreith faoin teorainn sásamh éigin ar na hAontachtóirí (agus olc ar Shinn Féin), ach tá athscríobh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta ar siúl aige nuair a deir sé nach leor móramh glan le hathaontú a dheanamh, is go gcaithfidh sciar mór de na hAontachtóirí a bheith ag toiliú leis.

Bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh an toiliú sin ann, ach is móramh móramh, agus sin a bhfuil sa gComhaontú.

Níl aon chros ag Aontachtóirí ar athaontú na hÉireann, fiú más mar thoradh ar fhás na ‘neamh-Aontachtóirí’ a bheadh móramh ann.

Is gá a bheith soiléir – ní hamháin ar mhaithe leis an dea-chomharsanacht ach leis an tuiscint – go bhfuil athaontú na hÉireann ag teacht agus nach miste labhairt faoi, na deacrachtaí a phlé agus iarracht a dhéanamh rudaí a shocrú sa gcaoi nach mbeidh aon mhórfhadhb ann nuair a tharlaíonn sé.

Ní leor a bheith naimhdeach do Shinn Féin, ach is sin é an t-aon chur chuige atá ag Martin faoi láthair.

Close
Close