Barraíocht acu anseo

Ciarán Ó Pronntaigh

Is ea, dúirt mé é. Tá barraíocht acu anseo. Daoine atá róshásta leithscéal ar bith a úsáid agus foréigean a chleachtadh in éadan daoine de dhath sa tsochaí seo. Daoine a rachaidh amach ar na sráideanna agus a chuirfidh scaoll sa phobal eitneach. Daoine a bhrisfidh isteach i dteach ár gcuid oibrithe sláinte nó i ngnólachtaí chun iad a dhó go talamh.

Chuir an t-ionsaí a rinneadh ar Stephen Ogilvie i dtuaisceart Bhéal Feirste an tseachtain seo a chuaigh thart olc orainn uilig agus is cinnte gur shábháil daoine cróga a bhí ag dul thar bráid a bheatha. Ach ní haon leithscéal é sin dul ar an ionsaí ar na pobail eitneacha atá ina gcónaí agus ag obair go dian sa chuid seo den tír. Gan aon fhiacail a chur ann, ionsaithe ciníocha a bhí iontu seo agus ní maithfidh aon fhocail phatuara ó pholaiteoirí go bhfuil an pobal anseo buartha faoi inimirce rábach, mar dhea, an méid sin.

Tá sé ráite go minic roimhe seo ach is fiú é a lua arís – tá cuid den phobal faoi thionchar leagan amach den saol ina n-insítear an scéal dóibh go bhfuil an cine geal á loiteadh ag ciníocha eile atá ag teacht ina rabhartaí anseo. Tá comhcheilg idirnáisiúnta ar siúl, dar leis an scéal seo, le go nglacfaidh Moslamaigh áit na gCríostaithe sa tír agus go mbeidh dlí Sharia i bhfeidhm go luath. Seafóid den chineál is measa atá ann nó is é is aidhm leis na trópaí seo go mbeidh amhras ann faoinár gcomharsana de dhath. Is cuma má tá polaiteoirí áirithe sásta leas a bhaint as an amhras seo ar mhaithe le vótaí – ní mór ciníochas a thabhairt ar chiníochas cibé áit as a dtagann sé.

Níl aon bhunús leis an leagan amach seo, ar ndóigh, nó tá sé bunaithe ar aineolas agus eolas bréige a thagann ó na meáin shóisialta. Tá na sé chontae ar an áit is lú inimirce sna hoileáin seo agus meastar nach bhfuil ach thart ar 3% den phobal anseo nach daoine geala iad.

Léirigh léirsiú an tSathairn i mBéal Feirste, léirsiú ag a raibh na mílte duine i láthair, go bhfuil sciar mór den phobal bréan den fhuath gan chiall seo. Tá siad bréan de bheith ag amharc ar phictiúir de theaghlaigh ar crith agus iad á gcur isteach ar chúl feithiclí de chuid an PSNI lena dtarrtháil ón bhás. Bréan den eagla atá ar dhaoine sa phobal seo nach bhfuil ábalta imeacht óna dteach féin. Agus bréan de na focail chama a thugann leithscéal do na trodaithe seo a ghlac seilbh ar ár gcuid bóithre.

Cén ceart atá ag na daoine seo cur isteach an oiread sin ar shaol daoine? Cén dóigh a bhfuil an ceart acu an chathair a dhruidim? Cé a thugann cead dóibh daoine a fhágáil gafa san aerfort gan seirbhís bus nó coinní san otharlann curtha ar ceal cionn is nach raibh cuid den fhoireann in ann teacht isteach?

B’fhéidir go bhfuil na péas den bharúil gur leor na scliúchais seo a shrianadh san áit a raibh siad. An amhlaidh go measann siad gur fearr cead a thabhairt do na daoine seo a racht a ligean ag dúil leis nach nach rachadh an scliúchas níos faide? An bhfuil eagla orthu go lasfadh siad an bhladhm in áiteanna eile dá nglanfadh siad den tsráid iad? Cén dóigh a dtiocfadh leo peataireacht a dhéanamh ar dhronga in éide dhubh agus maisc orthu agus an lámh láidir a úsáid le daoine a sheasann in éadan an chinedhíothaithe atá ar siúl sa Phalaistín?

Mura seasaimid in éadan an ghalair seo anois agus dúshlán na gciníoch a thabhairt go láidir, beimid uilig thíos leis. Is coimhlint í nach féidir linn a chailliúint má tá sochaí shibhialta ag dul a bheith againn amach anseo.


Grianghraf le Luke Butterly, The Detail

Close
Close