Farage and Reform: ó scannal go scannal agus ó mhaoil go mullach

Jack Mac Íomhair

Samhradh lán de scannal a bhí ann do Nigel Farage agus Reform UK. Tháinig ceisteanna chun cinn arís maidir le tabhartas don pháirtí de chuid na heite deise ar chuir Farage tús leis beagnach seacht mbliana ó shin. 

D’éirigh Farage as mar Theachta Parlaiminte (TP) ag tús mhí Iúil, nuair a thosaigh fiosrúchán maidir le tabhartas nár fhógair sé le linn na tréimhse sula raibh sé ina TP. Bhuaigh Farage an fothoghchán in Clacton, agus cuirfear tús leis an fhiosrúchán faoin tabhartas arís i ndiaidh an tseó ar fadChuir cinneadh Farage imeacht agus teacht ar ais arís mearbhall ar roinnt daoine, agus nuair a dfhógair na príomhpháirtithe i Sasana nach mbeadh siad ag rith san fhothoghchán, bhí an chuma air go ndearna Farage amadán de féin. 

Bhí rudaí ag dul go maith do Reform nuair a bhí Keir Starmer fós ina phríomh-aire, ach i ndiaidh teacht chun cinn Andy Burnham, níl an scéal chomh rathúil céanna. Is cinnte go dtaitníonn sé le Farage agus Reform daoine a bheith ag labhairt fúthu, go háirithe sna meáin. Ní hann don drochphoiblíochtdeirtear, ach bfhéidir nach fíor é sin an iarraidh seo. 

Díreach cúpla lá sula raibh Farage ar ardán chomhdháil Reform in Birmingham, tháinig anscéal amach gur phléigh a phríomhshainchabhróir, Dan Jukes, dóigheanna ar féidir dlí toghcháin a sheachaint chun tabhartas eachtrannach £500,000 a fháil don pháirtí. 

Chuaigh iriseoir ó Channel 4 faoi cheilt, agus aisteoir ag feidhmiú mar a athair, le labhairt le Jukes. Bhí siad ag cur i gcéill go raibh an mac lonnaithe sa Bhreatain agus an t-athair sna Stáit Aontaithe, agus go raibh seisean ag iarraidh airgead a thabhairt don pháirtí. Faoin dlí, ní bheadh cead ag an athair an t-airgead a thabhairt ach bhí réiteach ag Jukes ar an scéal, ag rá gur féidir leis an airgead teacht tríd an mhac. Ní hamháin sin, ach mhaígh Jukes go raibh sé déanta acu roinnt uaireanta roimhe. 

Ar a bharr sin, mhol James Orr, Ceannasaí Polasaí Reform, san fhíseán gurbh fhéidir leis an athair Meiriceánach íoc as pobalbhreith don pháirtí chun cuidiú le feachtas Reform.

Mar fhreagra ar an fhíseán, tá Reform i ndiaidh a rá go raibh siad mar thargaid i gcleas de chuid gníomhaithe athraithe aeráide atá maoinithe ón iasacht agus ag cur i gcéill gur deontóirí iad don pháirtí. Diúltaíonn Reform go ndearna siad aon rud mícheart.

irt Farage, áfach, nach raibh ann ach pubchaint bhéalscaoilte. Tá fiosrúchán tosaithe ag an pháirtí maidir leis agus sheas James Orr agus Dan Jukes siar óna róil sa pháirtí.

De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí i Sasana, tá Reform anois gob ar ghob leis an Pháirtí Choimeádach. Má amharcann tú siar ar an áit a raibh Reform sular tháinig Burnham isteach, bhí siad gob ar ghob le Páirtí an Lucht Oibre, agus i roinnt pobalbhreitheanna bhí siad chun tosaigh orthu fiú.

Ní bheidh an chéad olltoghchán eile ann go dtí 2029. Fágtar an cheist mar sin an mbeidh Reform in ann aon mhóiminteam a choinneáil agus na conspóidí seo ar fad ag titim amach thart orthu.

Rud eile nach gcuideoidh le Farage agus Reform ná an smacht atá acu ar na comhairlí áitiúla i Sasana. Tá seilbh acu anois ar 24 chomhairle áitiúla i ndiaidh an toghcháin i mbliana. Tá easpa rialachais i roinnt de na comhairlí seo agus, chomh maith leis sin, thit achrann inmheánach amach - d’éirigh roinnt comhairleoirí as nó chuaigh siad isteach i bpáirtí eile.

Tá sé soiléir go bhfuil an rialú damáiste tosaithe ag Reform anois. Chuir Robert Jenrick a litir éirithe as chuig Farage ag gealladh go n-éireodh sé as a ról mar Sheansailéir an Státchiste (ról nach bhfuil aige agus nach mbeadh aige go dtí go mbeadh Reform i gcumhacht, dá dtarlódh a leithéid) dá mba rud é go dteipfeadh air athruithe suntasacha a chur i bhfeidhm ina chéad 100 lá sa ról.

Leanfaidh an fiosrúchán Parlaiminte ar aghaidh maidir le Farage, agus beidh le feiceáil cad a tharlóidh leis an ghéarchéim is déanaí. Tá rud amháin cinnte áfach: is é sin gur trí bliana fhada atá os comhair Reform agus Nigel Farage. 

Close
Close