Athghabháil an dúchais cois cuain

druma dilseach
druma dilseach

Dónall Mac Giolla Chóill

Dá ndéarfainn go raibh mé ag cur fúm seal ar An Sráidbhaile, bheadh do rogha agat de cé acu Sráidbhaile a bheadh i gceist: an ceann i gCiarraí nó i nGaillimh, i gCo Laoise nó i Luimneach, i bPort Láirge nó i dTiobraid Árann.

Ach an áit dheireannach a cheapfá mé a bheith ná ar an tSráidbhaile i mBéal Feirste, i ndlúthcheantar dílseach aontachtach.

Ach sin an áit a raibh mé ar na mallaibh.

Níl mórán caitliceach – fiú le ‘c’ beag – a bheadh ag siúl thart ar an cheantar seo, gan iomrá ar a bheith ag caitheamh ama ina gcónaí faoin áit, ach bíonn mo leithéidse i gcónaí le fáil in áiteanna saoithiúla.

Agus is iomaí sin áit ar chaith mé sealanna i mBéal Feirste le breis agus seacht mbliana déag anuas.

Ar feadh seal le linn an tsamhraidh bhí cónaí orm ar aon sráid le Will-i-am.

Anois ní an ceoltóir clúiteach úd, ach ceoltóir de chineál eile.

Glacaim leis gur Will-i-am an t-ainm atá air, mar gur sin an t-ainm a chloisim agus a mháthair ag screadaigh ina dhiaidh agus é ag barr na sráide ar a róthar.

Nó thiocfadh leis gur Wu’yum an t-ainm atá air, mar gur sin a ligeann a dheartháir uaidh agus é ag iarraidh é a choinneáil faoi smacht.

Tá Wu’yum thart ar cúig bliana d’aois, ‘thart air’ a deirim mar nach raibh agam ach fianaise mo shúile féin i dtosach.

Shiúil sé thart bunús an tsamhraidh – sans léine, is cuma cén aimsir amuigh- agus balbhán ina bhéal aige lena choinneáil ciúin, de réir dealraimh bíonn balbháin in úsáid ag páistí measartha aibí i gceantair éagsúla.

Ach le baint de thionchar an bhalbháin, bhíodh druma á bhualadh aige.

Druma beag, gorm, bán agus dearg.

Anois bhí an druma seo ag cur go mór le cóiriu na sráide, nó ó gach teach bhí (agus tá inniu) bratacha ar foluain, bratacha ag ceilliúradh ní amháin an dara lá déag ach Iubhaile Diamaint Eilís II agus Cúnat Uladh.

Shiúil Wu’yum suas síos an tsráid, ón mhaidin mhoch go dtí an tráthnóna mall, agus an druma seo á bhualadh aige.

Sin an fáth gur thug mé ceoltóir de chineál air ní ba luaithe.

Ní thig a rá gur aithin mé aon phort a bhí á bhualadh amach aige ón druma ceanna, ach tá sé óg go fóill agus go leor ama aige roimh go mbeidh air dul ar aon mórshiúl nó máirseáil.

B’fhearr i bhfad dó a chuid ama a chaitheamh anois ag tús a shaoil ag foghlaim an ‘batton’ nó an bata úd a chaitheann na Fir Bhuí san aer, agus a mbeireann siad air sula mbuaileann sé an talamh, nó cloigeann duine éigin eile den lucht féachana.

Ar an Dara Lá Déag seo chuaigh thart, chuaigh mé síos lár an bhaile le hamharc ar na bannaí ar maidin, ní raibh mórán eile le déanamh, ní bheadh an tábhairne oscailte go dtí am lóin – tráth beannaithe na mbannaí.

Chuir sé an t-iontas céanna orm i mbliana is a chuir an chéad bhliain a chonaic mé iad, páistí óga, idir bhuachaillí agus chaillíní agus iad ag caitheamh na mbataí seo in airde, agus an chuid is mó acu á gceapadh arís nuair a thuirling siad.

Dá mba sin mise bheinn ag siúl thart anois ar leathshúil agus páiste ar an cheann eile.

Seans go mbaineann an scil seo le cúrsaí reiligiúin nó claontacht pholaitiúil, b’fhéidir gur ceist rithime atá ann agus nach bhfuil sin agam, go bhfuil sé síothlaithe ionam mar gheall ar an fhuil chaidheach chaitliceach úd a thruaillíonn mo chorp ar de shíol phlandóirí é.

Seo rud nach bhfuil a fhios ag mórán fúm: tá fuil bhreá phlandóra ag rith tríd na féithe seo agam.

Sea, is bréag amach agus amach mé, ar thaobh mo mháthara ar a laghad, agus más ionann an teoiric a ritheann gur trí líne na máthrach a thagann an Giúdachas agus an Protastúnachas, fágann sin go bhfuil dúchas breá láidir Albanach agam, mar gur Williams ise roimh pósadh agus Austin sloinne a máthara féin roimh sin!

Chonaic mé scríofa áit inteacht na hainmneacha sin, ar taispeántas ag déanamh cur síos ar Phlandáil Uladh.

Agus más amhlaidh gur de shlíocht Phlandóirí mé, nach orm a bhí an mí-ádh gur thiontaigh roinnt de mo chuid sinsear, díreach in am lena bheith díshealbhaithe agus díbrithe go hiarthuaisceart Uladh agus go Tír Chonaill.

Thiocfadh a rá go bhfuil me ag athghabhail mo dhúchais agus mé ag siúl i measc na bProtasúnach anseo i mBéal Feirste, agus is cinnte go raibh mé riamh ábalta siúl ina measc gan aon amhras orthu ach gur duine dá dtreibh féin mé.

Bhí sin-seanathair agam a d’oibir lá den tsaol i longchlos Harland & Wolff i mBéal Feirste, agus chuir seisean in iúl chomh maith gur Albanach é, ionnas go bhfaigheadh é jab, ach sin scéal do lá eile.

Anois agus mé ag dul síos bóthar amháin nó suas bóthar eile, tá cleas beag agam ionnas go mbainfidh me deireadh an bhóthair amach; le casacht bheag, athrú gnúis agus corr bheag sa chosaíocht, cuirim Dónall Mac Giolla Chóill i bhfollach agus tagann guth breá meánaicmeach Dan Coyle chun tosaigh.

D’oibir sin níos mó ná uair amháin dom sna sé chontae seo againn.

Is minic mé ag cur fúm in áiteanna nach mbeifeá ag súil le Conallach, fear Gaeltachta ná naisiúnach, ach thig liom i gcónaí an béal bán a chur orm agus is minice ‘Sir’ a thabhairt orm agus fir i siopaí ag plé liom, nó ‘love’ agus na mná i mbun mo chuid gnóithe.

Mar an gcéanna ar an tsráid seo, agus fiú a chuid ‘ceoil’ á bhualadh amach aige, ní raibh fhios ag Wu’yum ‘riamh go raibh sé den mhian is mó i mo chroí scian bheag a shá tríd a dhruma.

Le cúpla seachtain anois agus seo á scríobh agam, bhí faoiseamh agam ón síor-bhualadh maidne, sin nuair a chuaigh Wu’yum chun na scoile.

Sea, tá sé ar scoil, rud a fhíoraíonn an méid a dúirt mé go raibh se thart ar cúig bliana d’aois.

Níl a fhios agam an dtig leis an druma a thógáil leis ar scoil, nó an gcaithfidh sé é a choinneáil faoi cheilt ina mhála scoile, mar a rinne mise le mo 10 Benson & Hedges na blianta ó shin, le diúl bheag shlíochanta a bheith agam ar chúl na ‘shelters’.

Close
Close