AN TRUMPA SA TEACH BÁN

Tá sé deacair a chreidiúint nach bhfuil fiú mí caite ó insealbhaíodh Donald Trump ina 45ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá an oiread atá déanta aige ón lá dorcha sin os comhair Theach Chomhdháil na Stát Aontaithe.   Bhíos i measc na milliún ar fuaid an domhain a bhreathnaigh ar an searmanas stairiúil agus, seans, mar sin, go raibh an lucht féachana domhanda, beo ar theilifís nó ar líne, is mó riamh ag an insealbhú áirithe sin, de réir mar a mhaígh lucht leithscéil an Uachtaráin nuabhaiste ina dhiaidh sin. 

Ni hé gur chreid mé gur naomh de shórt éigin ab ea a réamhchomharba Barack Obama – “Barack cé?” a fhiafraíonn tú – nó rinne sé go leor dochair le beartais is le heaspa gnímh i gcaitheamh a réimis ó thaobh ionsuithe dróin is scrios na Siria is na Libia.    Ach níl náire orm a rá gur chreid mé gur dhein sé a dhícheall níos mó tairbhe ná dochar a dhéanamh le linn na n-ocht mbliana agus é i réim sa Teach Bán. 

Ní raibh an oiread sin dúile agam i Hillary Clinton a raibh sa rás in éadan Donald Trump – ach dá mbeadh sí i gcumhacht anois, ní doigh liom go mbeadh an chíor thuathail atá ann le tabhairt faoi deara. 

Is cuma i bhfírinne cad a cheapann tusa nó mise nó leitheoirí uile an ailt seo ar Meon Eile faoi Donald Trump nó Barack Obama nó Hillary Clinton.  Nílimid chun rud ar bith a athrú trínár gcnáimhseáil nó máirseáil ar na sráideanna.   Ag an am céanna ní gá dúinn an bholscaireacht atá á scaipeadh in altanna ar nós cholún Eoin Uí Mhurchú an tseachtain seo caite a shlogadh ach an oiread. 

Is ea, cinnte, toghadh Donald Trump mar gheall ar mhíshásamh i measc sciar mór cumhachtach de phobal SAM, an dream sin a bhíodh obair acu fadó ach atá na monarchana sin anois bailithe leo go tíortha ar nós Mheicsiceo agus na Síne.   Chreid siad sin Donald Trump agus é ag maíomh go raibh sé chun postanna a thabhairt ar ais go dtí stáit ar nós Michigan agus Pennsylvania is eile i lár Mheiriceá ó na tíortha sin.    Dúirt sé, de réir tuairisce, le dream d’fheidhmeannaigh ó Ford dá lonnódh siad monarchana nua ó dheas den Rio Grande (Meicsiceo), bheadh siad thíos leis nó ghearradh sé sárdhleacht 30% ar na gluaisteáin a thiocfadh aduaidh go dtí SAM, rud a d’fhágfadh go leor carranna Ford ag meirgiú leo i gclósanna na ndíoltóirí. 

Beart de réir briathair, áfach, atá ag teastáil ó Trump é féin nó is ó dheas den Rio Grande a dheintear na cultacha a bhfuil a ainm féin orthu – agus ón tSín a tháinig na caipíní ‘Trump – Make America Great Again’ a bhí á chaitheamh aige roimh thoghchán.    Is sa Chianoirthear freisin a dheintear éadaí a iníne, Ivanka.   

Ritheann sé liom nuair a amharcaim siar ar ré Obama gur thug sé dea-shampla – nó gur dhein sé a dhícheall é sin a dhéanamh.   Ba bheag eile a d’fhéadfadh sé a dhéanamh nó bhí sé i sáinn don dara téarma de bharr cumhacht a bheith sa tSeanad agus sa Chomhdháil ag na Poblachtánaigh agus chuir siad rompu gach beartas uaidh a stopadh – cuma an raibh go maith nó go holc.

Tá an chuma ar Trump nach bhfuil sé ag brath ar an gComhdháil fós – tá sé tar éis rialú tré orduithe feidhmeacha (nó de réir deachtóireachta) go dtí seo.  Luath nó mall beidh air a chuid mianta a chur roimh an Chomhdháil – agus ansin cá bhfios cad a tharlóidh.   

Mura raibh an méid atá á dhéanamh ag Trump chomh díobhálach don domhan ina iomláine – bí ag caint ar a naimhdeas don trádáil idirnáisiúnta nó don imní go bhfuil téamh domhanda ag cur todhchaí an chine daonna i mbaol ár mbáite – bheadh sé ina shiamsaíocht mhór.  Is cinnte go bhfuil go leor spóirt á bhaint againn as an aoradh atá á dhéanamh ar Trump ar a leithéidí Saturday Night Live, an clár grinn ó Nua-Eabharc atá go mór i mbéal an phobail. 

Ní duine deas é Trump, a deir Eoin Ó Murchú linn.  Cinnte. Is duine dainséarach é a bhfuil cumhacht aige anois ar chnaipí agus má bhrúitear iad d’fhéadfadh siad an t-uafás dochair a dhéanamh don gheilleagar domhanda, gan trácht ar aeráid nó slándáil idirnáisiúnta.   Ní áirím fiú an cnaipe mór atá ceangailte leis na diúracáin núicléacha.    Dar liomsa is é Trump féin an cnaipe is dainséaraí – tá vótálaithe Mheiriceá tar éis é a bhrú agus leis an vóta sin, tá siad tar éis crith talún éiginnteachta a chur timpeall na cruinne, crith talún a thagann sna sála ar vóta amaideach na mBriotanach ar son Sasamach/Breatimeacht/Brexit.   

Bíodh is nach olc an rud athrú go tráth rialta, is cinnte gur olc an rud éiginnteacht don tseasmhacht dhomhanda.   Nuair atá seasmhacht dhomhanda ann is féidir aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna domhanda.  Nuair nach bhfuil sé ann is féidir le hainriail nó deachtóireachtaí teacht i réim.   Mar atá sa Rúis faoi láthair, fé Vladimir Putin.   Níor luaigh Eoin an Rúis nó Putin ina alt, rud is ionadh liom, nó is cinnte gur ar leas na Rúiseach a bheadh sé dá mbeadh SAM ag sleamhnú óna ról mar an tír is cumhachtaí ar domhan, go háirithe de bhrí go raibh duine gan taithí nó ciall taobh amuigh dá leas féin i réim ann.   Ní fiú an toghchán a throid arís – ach ní sin le rá nár cheart bheith in amhras faoin ról a raibh ag an Rúis ann.  Má éirigh leis an Rúis sin a dhéanamh i SAM, an córas daonlathach a chur as a riocht sa tír is cumhachtaí ar domhan, cé a stopfaidh iad amhlaidh a dhéanamh in aon tír eile ar fud na cruinne?

Tá sé in am bheith ar an airdeall.

Close
Close