An t-aon mholadh atá agam duit do mhí Eanáir

Becky Nic Ainmhire

Ag an am galánta seo den bhliain is dócha go bhfuil na comhráite faoi rúin na hathbhliana faoi lán seol sa bhaile agus i d’áit oibre anois. Tá muid buailte leis an tráth a mbíonn teachtaireachtaí féinfheabhsaithe ag eitilt thart maidir le dul chuig an ionad aclaíochta agus toiseacht ar aistí bia sriantacha: amhail is go bhfuil céasadh coirp de chineál éigin a dhíth orainn mar gheall ar an droch-iompar’ ag an Nollaig. Ach an bhfuil duine ar bith eile den bharúil go bhfuil barraíocht féinmheasúnaithe ag dul ar aghaidh faoi láthair? 

Ní féidir liom mo ghuthán a oscailt gan a bheith buailte le heolas ar na cúig chomhartha grá agus cén dóigh le hiad a aimsiú ionat féin, sin nó físeán spreagthach a fheiceáil ar YouYube dar teideal ‘Lean na trí chéim seo chéad rud ar maidin agus athróidh tú do shaol go deo’ agus ceann acu taobh thiar de bhalla íocaíochta… Agus ná tosaigh mé ar chuid de na podchraoltaí atá amuigh ansin faoi láthair.

Tá seans ann anois go bhfuil mé ag nochtadh m’algartaim féin anseo mar is cinnte go mbím ar an aistear féinfheabhsaithe seo go minic. Níl a fhios agam cá mhéad uaireanta a chaith mé ag léamh faoi nósanna folláine, uisce te agus líomóid a ól achan mhaidin le tús ‘ceart’ a chur le do lá cuir i gcás, nó ag amharc ar fhíseáin faoi na cúig chéim ba chóir glacadh le forbairt a dhéanamh ar do fhéinmhuinín. 

Is cinnte gur féidir leat leideanna iontacha a fháil sna háiteanna seo, ach tá mise den bharúil go bhfuil go leor foghlamtha agam óna leithid anois! Má léim trí chéim eile atá de dhíth leis seo agus siúd a dhéanamh tá achan seans ann go bpléascfaidh mé!

Sílim gur chóir dúinn níos mó ama agus measa a thabhairt don amaidí agus don tseafóid, gan a bheith ag smaoineamh orainn féin an t-am ar fad. Chan mar bhealach éalaithe ón fhíorfhorbairt phearsanta a chuidíonn leat mar dhuine (go háirithe má tá stíl ceangail seachanta agat!), ach ar bhealach chun cur leis an saol.

Is cinnte gur rud dearfach fiúntach é a bheith ag amharc ar chlár atá amaideach nó éisteacht le podchraoladh nach bhfuil teachtaireacht ar bith faoi do shaol a shábháil ar an diabhal nó aiste bia de chineál éigin a mholadh duit. Ba chóir duit scéalta aigeanta nó leabhair éadrom a léamh ó am go ham nó fiú arís agus arís eile. 

Deir mo mhúinteoir ióga le linn an chleachtaithe nach mbíonn an seans againn casadh thart ar an talamh go minic agus gur chóir sult a bhaint as. Seo an bealach a bhfaighim féin greim ar an amaidí, rud a chuidíonn liom a bheith ceangailte leis na daoine thart orm agus leis na cúrsaí atá níos dáiríre sa saol.

Ní raibh mé ag magadh nuair a scríobh mé gur am galánta den bhliain atá ann anois. Thig le mí Eanáir a bheith iontach, má thugann tú aire duit féin le linn na tréimhse féinfheabhsaithe seo. Leoga, an t-aon rún atá mise ag dul a mholadh duit i mbliana ná tóg go bog é agus le níos lú a dhéanamh - tá sé tuillte agat!


Close
Close