An mó luach foirgnimh ná luach an duine?

Dónall Mac Giolla Chóill

Agus tú á léamh seo, beidh Domhnach Cásca curtha díot.

Beidh an uaineoil ite ach, agus seo nós úr domsa, níor ith muid uaineoil ag an Cháisc i Mín an Chladaigh - ní chuirfeá uan amú sula bhfaighfeá go leor olla ón ainmhí bhocht.

An tseachtain seo caite, an tSeachtain Naofa, an tSeachtain Mhór, chuaigh ardeaglais Notre Dame de Paris trí thine.

Níor maraíodh duine ar bith mar gheall air.

An tseachtain seo caite níor tharla Breatimeacht.

Ní bhfuair duine ar bith bás dá dheasca.

I rith na seachtaine, chuir scaifte de ghníomhaithe éiceolaíochta bac ar an taisteal i lár Londan, agus níor cailleadh duine ar bith dá bharr.

Le seachtain anuas fuair na mílte duine bás, mar gheall ar sheanaois, de dheasca ocrais, mar go raibh taisme acu, agus níor bhac duine ar bith leis seo, tá na mílte básaithe ar fud na cruinne, ó thosaigh tú ag léamh an ailt seo, agus ní ormsa an locht.

Déardaoin seo caite bhí mé ag obair, agus d’inis mo chomhghleacaithe dom go raibh sé faoi dheifir le dhul 'na bhaile le haghaidh fáire aintín leis a fuair bás go tobann agus gan ach corr agus trí scór bliain bainte amach aici.

Anois agus mé breis agus dhá scór, tá trí scór óg.

Nuair a phillim ‘na bhaile ní chuirim ceist faoi chomharsanaigh, tá leath acu marbh, agus shíl mé gurbh fhearr gan tuairisc a chur ar an leath eile, ar mhaithe leo féin.

Ach leis an oiread sin a fuair bás ó thús an ailt seo, agus aithne ag gach duine den triúr agaibh a léann seo ar dhaoine a fuair bás le bliain anuas abair, nach iontach an rud é an freagra a fuair Notre Dame?

Maithe agus móruaisle an domhain seo, Eilís II Shasana, Donald Trump Mheiriceá - eisean a thug comhairle via Twitter ar an bhealach is fearr leis an tine a mhúchadh - agus go leor eile nach iad, atá chomh tógtha faoin ‘tragóid’ seo.

Gheall leithéidí Bernard Arnault, Francois-Henri Pinault agus a bhean céile Salma Hayek agus muintir Bettencourt ar leo an comhlacht smididh L'Oreal agus an comhlacht ola Total, na céadta milliún euro leis an ardeaglais a chóiriú.

A chóiriú, ní a atógáil, níor dódh go talamh é, níor loisceadh gach cloch di, dódh cuid de.

Agus níor maraíodh duine ar bith le linn na tine.

Ach tá choir a bheith billiún euro geallta, ag mórchomhlachtaí, a bheidh ag an am céanna ábalta cúiteamh cánach a fháil ar áis ón stát.

Ach cén dochar, ní bhfuair duine ar bith bás.

Ach tá airgead gann, níl go leor againn le maoineadh a chur ar fáil d’otharlanna, agus níl na comhlachtaí móra déanta leighis ábalta na drúgaí a chur ar fáil do na tíortha seo nach bhfuil an t-airgead acu le caitheamh ar na bochtáin.

Ach thig linn buamaí niúcleacha a cheannach sna tíortha céanna, agus thig linn cogadh a chur ar siúl ar fud na cruinne.

Ach tá breis agus billiún euro baillithe taobh istigh de sheachtain amháin le cóiriú a dhéanamh ar dhíon ardeaglaise.

Má thosaím abairt amháin eile le ‘ach’ scaoilfidh an t-eagarthóir mé, agus níor mhaith liom go fóill beag cur le líon na marbh.

Cén freagra a bhí ar Grennfell, áit ar maraíodh níos mó na seachtó duine?

Cén freagra a bhíonn ar aon mhórthragóid ach na gnáthdhaoine, an chosmhuintir ag cuntas na bpingineacha, ag bailliú airigid?

Cá mbíonn na billiúnaithe nuair atá an cine daonna ag caoineadh, agus ag glaoch ón duibheagán, ag iarraidh cuidigh?

Seo, an Cháisc thart, an tAiséirí curtha i gcrích, agus cá bhfuil muidne, mar phobal, agus uisce ár gcinn á dhoirteadh againn mar gheall ar Notre Dame?

Sín chugam ubh Chásca eile, má tá ceann ar bith fágtha.

Close
Close