An Lámh Dhearg in uachtar

Fearghal Mag Uiginn

Tá Corn Shomhairle Mhig Uidhir ar ais i seilbh Thír Eoghain.  Éacht iontach ach sa mhullach air sin, turas neamhghnách peile is daonna. Contae mór Gaelach a bhí ‘sásta’ tarraingt amach as Craobhchomórtas Peile na hÉireann 2021 mí ó shin, ach gur thuig Cumann mór Gaelach an cás peile agus daonna. Seanchas.

Agus nach ag CLG a bhí an ceart le go mbeadh faill ag lucht leanúna na peile ar fud na cruinne buanna agus scileanna Thír Eoghain a fheiceáil ar an ardán is airde Dé Sathairn. Cumas peile na nUltach a bhain an lá – ná bíodh lá amhrais ort fá dtaobh de sin.

Ná lig dá chuma os comhair ceamara dallamullóg a chur ort – tá dearglúcháir ar Bhrian Ó Dúchair. Agus níl a dhath le foghlaim ag a chomhbhainisteoir, Fearghal Ó Leocháin, faoin dóigh le plean a cheapadh. Tréidlia agus dlíodóir. Tugadh an tréad go barr an chnoic ar an Satharn, idir imreoirí agus ghnáthmhuintir Thír Eoghain.

Ba mhinic an aird ar chur chuige éifeachtach cosanta Thír Eoghain i mbliana ach nuair a bhí an modh díreach de dhíth sa chluiche ceannais seo agus na bunscileanna peile leis an bheart a dhéanamh, bhí na hUltaigh breá ábalta an buille marfach a thabhairt.

58ú bomaite – ‘pas’ amach 70 méadar ó Niall Ó Muireagáin, a bhí mar laoch na himeartha agam féin, ceapadh ard glan san aer le barr a mhéar ag Conn Mac Giolla Phádraig, pas láimhe chuig cangarú na hEaglaise, pas na clisteachta go Darán Mac Gothraidh agus bhí an liathróid ina suí go snasta san eangach arís. Tréimhse ghairid peile ardchaighdeáin ar cuireadh tús, lár agus deireadh léi in Éadan na dTorc. Torc órga le bronnadh ar an triúr acu as a dtionchar ar an bhua seo. Peil na gcos agus na lámh fite fuaite ina chéile go gleoite le scór an lae a chruthú. Buille marfach.

Is beag saineolaí a cheap go mbeadh cúig chúilín idir na foirne seo ar an fheadóg dheiridh ach is beag acu nach mbeadh ag teacht leis an bharúil go raibh an lámh in uachtar ag Tír Eoghain i bPáirc an Chrócaigh agus an ceathrú craobh tuillte is tuillte go maith. Tá cúig chúilín mar léargas beacht go leor ar an bhearna idir na foirne ar an lá.

Taobh amuigh den chéad cheathrú, nuair a bhí an imirt ina cíor thuathail agus buntáiste luath ag Maigh Eo, d’fhéadfá a rá go raibh smacht ag na buaiteoirí ar thoradh an chluiche ceannais seo. Chuir Tomaí Ó Conraoi (0-2) fir an Iarthair chun tosaigh taobh istigh de 16 shoicind agus níorbh fhada go raibh Maigh Eo dhá chúilín chun tosaigh, a bhuí le cic saor Riain Uí Dhonnchú (0-8, 0-1 ón imirt).

Iteach sa scéal mar is ceart ansin le Niall Ó Muireagáin (0-3). Shocraigh cúl báire Thír Eoghain Curaidh Uladh agus dhírigh cic saor 47 méadar idir cuaillí Ardán Uí Dhaimhín. Más gríosú a tháinig leis an scór sin, is muinín agus féinchreidiúint a chothaigh an dara scór a fuair Tír Eoghain – cúilín gleoite ó chaptaen na foirne, Pádraig Ó hAmhsaigh (0-1). Bhí ceannairí na nUltach feiceálach agus lárnach ó thús deiridh. Ba mhinic an cheannasaíocht chéanna in easnamh in imirt snagach Mhaigh Eo. Cic saor ó Mhac Gothraidh (1-4) agus bhí Tír Eoghain chun tosaigh den chéad uair. Ní raibh siad chun deiridh sa chluiche ina dhiaidh sin.

0-4/0-3 chun tosaigh nuair a chuaigh na himreoirí chun tobair den chéad uair, 0-10/0-8 chun tosaigh ag leathama. Cúilíní ón imirt ag Ó hAmpsaigh, Mac Gothraidh, Mac Gadhra (0-1), Ó Sludáin (0-2) agus Ó Donnaile (0-1). Bhí cuma ní ba throime ná dhá chúilín ar bhuntáiste leathama Thír Eoghain agus Maigh Eo ag streachailt anois le smacht a choinneáil ar thosaithe na nUltach – bhí Pádraig Ó hÓra ar thairseach an chárta dhuibh cheana féin.

Lena chois sin ar fad, bhí lár páirce Thír Eoghain, Brian Ó Cinnéide agus Conn Mac Giolla Phádraig, ag déanamh scoith oibre agus is beag tionchar deimhneach a bhí Ó Ruáin agus Ó Lachtnáin ar an imirt. Tháinig an bheirt Eoghanach in aibíocht os comhair na súl agus bhí an ghuaim is an stuaim ag fir na taithí leis an chinneadh cuí a dhéanmh nuair ba chuí – Conchúr Mac Maoilir agus Peadar Ó hAirt (0-1) a bhfuil an bonn a raibh sé sa tóir air le fada anois aige – an chéad cheann acu ar fad.

Chuir Maigh Eo cúpla caolseans cúil amú sa chéad leath sin ach ag Mac Gothraidh Thír Eoghain a bhí an seans cúil ba shuntasaí, a bhuí le fís iontach Uí Mhuireagáin. Rinne Rob Ó hIonnaille (0-1) sábháil ar dóigh lena bhróg, a bhí san áit cheart.

Sa dara leath, agus ar an drochuair do Mhaigh Eo, ba san áit mhícheart a bhí Ó hIonnaille, faoi dhó. Agus rinne Tír Eoghain na deiseanna sin a thapú le cúil an bhua a aimsiú. Arís eile bhí tionchar na bhfear ionaid cinniúnach – ní raibh Cathal Mac Seáin ach trí bhomaite ar an fhaiche nuair a d’aimsigh sé cúl eile craoibhe lena dhorn. Fuair Dara Ó Ceannubháin cúilín lena dhorn, fuair fir ionaid Mhaigh Eo faic.

Dhá bhomaite roimh an chúl sin, thuill Maigh Eo cic pionóis. Lagiarracht ó Rian Ó Donnchú le fírinne a raibh an t-ádh uirthi an chraiceann a bhaint den chuaille.  Táthar ann a déarfadh go raibh ríthábhacht ag baint leis an chur amú sin agus ní féidir a shéanadh go mbíonn tábhacht le cic pionóis i gcluiche ceannais ar bith. Ach an dóigh a raibh plean Thír Eoghain á chur i gcrích, creidim go mbainfeadh na hUltaigh an cluiche cibé, fiú dá gcuirfeadh Ó Donnchú bolg san eangach ón spota.

Cad chuige? Faoin am seo bhí leagan amach na himeartha faoi smacht ag taispeántas oilte foirne ó Thír Eoghain agus an cic amach fada ag éirí níos éifeachtaí agus níos contúirtí. Iarrachtaí aonaracha is mó a bhí ar bun ag Maigh Eo i rith an lae – Oisín Ó Maoláin (0-1), Lee Mac Aogáin (0-1), Caoimhín Mac Lochlainn (0-1), Pádraig Mac Dhuarcáin (0-1), Stiofán Ó Cadhain (0-1) agus bhí Aodhán Ó Sé gan faobhar áit ar bith ar an pháirc agus an chuma air fiú nach raibh sé go hiomlán aclaí.

Agus seans an bhua ag éalú ó Mhaigh Eo, agus frustrachas ag bailiú nirt, bhronn an réiteoir, Seosamh Mac Uilín an Chabháin a raibh cluiche stuama, ciallmhar aige, cárta glan dearg ar Ó Ruáin.

Bhí cosa Mhaigh Eo nite agus a bport seinnte – arís.

Chríochnaigh aimsiú Thír Eoghain san áit ar thosaigh – Niall Ó Muireagáin ó chic eile talaimh. A chuid oibre déanta agus aisling na hóige taobh leis.

Ní dhéanfar dearmad go brách fá Thír Eoghain ar bhliain eisceachtúil peile 2021 – ar an turas peile ná ar an turas daonna.

2003, 2005, 2008 agus tá an ceathrú réalta anois ag lonrú os cionn lámh dhearg Uí Néill. Sonas uirthi!

Close
Close