An dtiocfaidh dea-cháil na Rúise slán arís go deo as an náire thubaisteach seo?

Conchubhar Ó Dálaigh

Is Comhalta taighde é Conchubhar Ó Dálaigh i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bíonn sé ag tabhairt léachtaí faoi stair, cultúr, litríocht agus scannánaíocht thíortha na hEorpa Láir agus Oirthir.

Chaith mé an scoilbhliain 1981-82 mar mhac léinn in Institiúid Pushkin i Moscó. Bhí an tÚcráineach Leonid Brezhnev mar cheannaire ar an Aontas Sóivéadach ag an am. Bhí Cogadh na hAfganastáine faoi lán seoil. Is cuimhin liom cé chomh buartha is a bhí mo chomh-mhic léinn ón bPolainn - breis is 400 acu inár n-áras cónaithe ar sráid Volgina - ar an 13 Nollaig 1981, nuair a chuir Wojciech Jaruzelski an dlí míleata i bhfeidhm sa tír sin agus é ag iarraidh idirghabháil mhíleata mar a tharla san Ungáir in 1956 nó san tSeicslóvaic in 1968 a sheachaint.

In áit freastal ar ranganna leamha na hinstitiúide cosúil le ‘stranovedenie’ (staidéir réigiúnacha) b’fhearr liom dul ag taisteal... ar an traein ar fud Phoblacht Sóivéadach Sóisialach na hÚcráine ach go háirithe. Tharla go raibh mé i gCív Dé hAoine an dara lá Aibreán - an lá céanna a bhris amach Cogadh Fháclainne. Sna míonna ina dhiaidh sin thug mé cuairt ar chairde in Kharkiv, Yalta, Odessa, Khmelnitsky agus Kamianets-Podilskyi. Daichead bliain níos déanaí agus is beag cathair as mo shean-liosta taistil seo nach ndearnadh an Rúis ionsaí de chineál éigin uirthi nó nár bhagair réimeas Putin a leithéid amach anseo. Dá ndéarfá liom in 1982 – nó in 2021, nó trí seachtaine ó shin fiú - go mbuamálfadh aerfhórsa na Rúise cathracha na hÚcráine am éigin amach anseo - go scaoilfeadh a hairtléire orthu - déarfainn leat go raibh tú as do mheabhair. Ach, féach, tharla sé.

Bíodh is go leanann an bhratbhuamáil agus léirscrios ar Mhariupol agus Kharkhiv ar aghaidh ó dhubh go dubh -  bíodh is go scriosfar árasáin, ospidéil, soláthairtí uisce agus fuinnimh agus go maraítear sibhialtaigh go brúidiúil dá réir – tá sé ag éirí níos soiléire ó lá go lá gur theip ar Phutin sna 'hoibríochtaí míleata' úd, nach bhfuil aon "Naitsithe" ann, nár theith uachtarán na tíre lena anam, mar a bhíothas ag súil leis, nach bhfuil aon fhadhb ag 'cainteoirí na Rúisise', gur slánaonaid bhréige iad DNR, LNR agus KhNR (an daonphoblacht atá le fógairt go luath in Kherson ag áisíneachtaí bolscaireachta na Rúise) - i bhfocal gur mí-áireamh aisteach ar mheon na hÚcránach - ar a gcrógacht agus a ndiongbháilteacht - a rinne Putin anseo, mí-léamh iomlán ar chumas a gceannaire Volodymyr Zelenski.

I mbeagán focal - más tromluí uafásach don Úcráin atá sa gcogadh seo, tiocfaidh sí as mar dhaonlathas láidir, mar shochaí údarásach a bhéas mar eiseamláir dhóchais don domhan. Ach is í an Rúis - ní an Úcráin - a bhéas thíos go mór leis ag deireadh an lae nuair a bheifear ag tabhairt cuntas ar an tubaiste dhomhanda seo.

Gan trácht ar na smachtbhannaí go léir, an laghdú as éadan ar luach airgeadra na tíre, an aistarraingt na mórbhrandaí idirnáisiúnta ón margadh, an stocmhalartán dúnta - gan trácht orthu sin, caithfear an cheist seo a chur: Cén chaoi ar tharla sé gur tharraing an Rúis – náisiún a airítear i measc na náisiún is cultúrtha agus is sofaisticiúla ar domhan – cén chaoi ar tharraing sé an oiread náire cine aniar aduaidh air féin?  Nó an bhfuil an cheist curtha i gceart ar an gcéad dul sios: An féidir an milleán go léir a chur ar Phutin amháin, agus leithscéal a dhéanamh do phobal na Rúise?

Thug mé suntas don agallamh a thug an polaiteoir neamhspleách, eisimirceach, Rúiseach Dmitri Gudkov cúpla lá ó shin don stáisiún teilifíse Ukraina 24. Cuireadh an cheist shimplí seo air: "Cad a cheapann muintir na Rúise faoin gcogadh seo?" Ba léir nach raibh Gudkov ar a chompord agus é ag freagairt: "Trian den phobal, tuigeann siad go maith céard atá ag tarlú. Bíonn teacht acu ar fhoinsí iontaofa neamhspleácha trí líonraí príobháideacha fíorúla - fiú má dúnadh síos Ekho Moskvy, Dozhd' agus cuireadh srianta daingne ar Novaya Gazeta, Republic agus foilseacháin eile nach iad. Trian eile tugann siad tacaíocht 100% do gach ní a dhéanann Putin. Feiceann siadsan na Naitsithe céanna san Úcráin is a fheiceann a gceannaire, mar ní bhíonn seisean mícheart riamh. Creideann siadsan gach ábhar nimhe agus bréige a chraolann na láithreoirí-bolscairí mór le rá cosúil le Kisilyov, Solovov, Popov, Simonyan, Skabeeva, Korotchenko. Amadáin cinnte, ach níl aon leigheas orthu. Caithfear a bheith tuisceanach go pointe, mar is druga andúile í an bholscaireacht - an-deacair daoine neamh-oilte a scaradh leis. Agus an tríú trian is daoine iad atá idir dhá chomhairle, níl a fhios acu an fíor nó bréagach an leagan oifigiúil. Iadsan ag iarraidh scéal na hÚcráine a sheachaint go huile is go hiomlán, b'fhearr leo díriú isteach an a ngnáthshaol féin: 'Ní bhaineann sé liomsa, tiocfaidh deireadh leis luath nó mall labhróimis faoi rud éigin eile'."

Ceist eile do Ghudkov ón láithreoir  Ukraina 24: "Dúirt tú go dtuigeann trian don bpobal an fhirinne - sin 45 mhilliún daoine. Cén fáth a bhfanann an méid sin saoránach ina dtost?"  "Mar is deachtóireacht í an Rúis seachas gnáthstát.  Níl aon dul as. Déan rud éigin as bealach agus beidh tú i bpríosún nó níos measa fiú." "Ach bhí an fhadhb chéanna againn san Úcráin - an Réabhlóid Oráisteach idir 2004 agus 2005 - agus arís in 2014 agus d'éirigh linn fáil réidh le Yanukovich. Sibhse...?" Bhí náire ar Gudkov - d'fhan sé in a thost. Bhí an t-agallamh críochnaithe.

Dúirt an scríbhneoir agus scoláire clúiteach Boris Akunin  - agus é faoi agallamh ag an iriseoir Yuri Dud ag tús na míosa seo - agallamh ar bhreathnaigh  8 milliún duine air ar YouTube go dtí seo - nach dtiocfaidh deireadh le droch-chlú na Rúise, leis an lipéad nimhneach sin 'stát bradach' - masla atá tuillte go maith ag an tír faoi láthair, dar leis, a bhuí le Putin - go dtí go mbeidh deireadh iomlán lena réimeas.

Ní cliseadh na Rúise atá ag teastáil, seachas cliseadh Putin agus a dhrong coirpeach, a deir Akunin. Mar thoradh ar an tubaiste seo, de réir Akunin, beidh sé soiléir do mhuintir na Rúise gur drochrud í an t-impiriúlachas, gur mó an seans a bheidh ag 'Fíor-Rúis na Todhchaí' má thiontófar i dtreo an fheidearálachais seachas coinneáil leis an modh rialtais láraithe, le sár láidir i gceannas, atá i bhfeidhm sa Rúis le breis is 500 bliain agus ar theip air an iliomad uaireanta go dtí seo . "Ní bheith aon fhíor-pholaitíocht sa tír s'againne, a deir Akunin, go dti go n-imeoidh an réimeas seo le sruth". Ansin beidh aiséirí dea-chlú na Rúise i measc náisiún an domhain. Tuairim phearsanta fealsaimh agus saineolaí Rúisigh - tuairim tírghráthóra atá ansin - agus measaim féin nach fiú neamhaird a thabhairt air.

Close
Close