An bhfuil scáth an Trumpaigh le glanadh faoi dheireadh?

Concubhar Ó Liatháin

Níl aon ghá a chur i gcuimhne d’éinne go mbeidh toghchán Uachtarántachta Stáit Aontaithe Mheirceá ar siúl amárach.

Ón gcéad lá a d’fhógair Donald Trump go mbeadh sé san iomaíocht d’Uachtarántacht Mheirceá, siar in 2015, tá sé cosúil go bhfuil pobal an domhain – de réir mar a thuigimid an domhan ar a laghad – inár ndúiseacht le linn tromluí atá ag éirí níos aistí de réir mar a leanann sé ar aghaidh. 

Bhí daoine ag gáire an lá úd a d’fhógair Trump in óstán dá chuid i Manhattan agus iad den tuairim gur íoc sé as slua chun fáilte a chur roimh a fhorógra.

Níor mhair an gáirerófhada nuair a toghadh ina Uachtarán é agus anochtadh a pholasaithe deighilteacha – cosc ar Ioslamaigh taisteal go Meiriceá, falla a thogáil ar theorainn SAM le Meicsiceo chun ‘coirpigh is éagnóirí’ (mar a mhaígh Trump) na tíre sin a choimeád amach as na Stáit, go n-íocfadh Rialtas Mheicsiceo as costas an fhalla, deireadh a chur le reachtaíocht cúraim sláinte Obama gan aon rud a chur ina háit, ciorruithe cánach a thabhairt don sciar is saibhre den daonra, tarraingt siar ó chomhaontaithe idirnáisiúnta faoinaeráid agus trádáil...

Is iomaí rud a chuir sé roimhe le linn a fheachtais in 2016 agus creideann a lucht leanúna gur bhain sé amach iad agus níos mó. Cé ná raibh meas dá laghad ag ceannairí an Pháirtí Phoblachtánaigh ar Trump roimh an toghchán, is cosúil go bhfuil an páirtí sealbhaithe aige anois agus go leanann siad é amhail is gur deachtóir nó rí é. 

Tá eagla orthu roimh lucht leanúna Trump i measc an phobail, lucht leanúnaatá dílis go bás do Trump mar go labhraíonn sé leo i dteanga a thuigeann siad. Cuireann sé ina luí orthu go bhfuil siad faoi bhagairt mar go bhfuil na Daonlathaithechun tír shóisialach a dhéanamh de SAM má thoghtar Joe Biden ina Uachtarán mar go bhfuil seisean faoi smacht ag eite chlé an pháirtí sin.

An pholataíocht a chleachtann Trump, is polataíocht í a chuireann an dubh ina gheal ar a lucht leanúna agus tá sé deacair a fheiscint conas nach dtuigeann siad sin. Bíonn Trump de shíor ag maíomh go bhfuil sé ar son nacosmhuintireagus in éadan an aosaceannais – muintir ‘chorcaí’ (an ‘swamp’) mar a thugann sé orthu – ach tugann sé faoiseamh cánach don dream is saibhre sa tír agus tá sé féin chun tosaigh sa scuaine sin agus tá a lucht leanúnasásta leissin a fhad is go bhfágtar a gcuid gunnaí acu.

Sin rud eile nár mhiste a lua – tá Trump go laidir ar son na forála i mBunreacht SAMa ligeann do shaoránaigh gunnaí a iompar. Is túisce gunna a bheith á iompar ag duine ag slógadh de chuid Trump ná clúdach a bheith ar aghaidh ar eagla scaipeadh an víris.

Trump, Trump, a asailín....

Táim á léamh seo agus mé á scríobh agus tugaim faoi ndeara gur ar Trump amháin atá an fócas, geall leis. Shamhlófá ná raibh aon iarrthóir eile sa toghchán agus tá a fhios againn nach amhlaidh an scéal. 

Is é an deacracht leis an toghchán seo gur carachtar chomh mór é Trump go bhfuil Joe Biden sa scáth agus an solas ceilte air dá bharr. Is mó de reifreann é seo ar Trump ná toghchán, sa chiall a thuigimid. Tá seans ann go gcaillfidh sé an toghchán – agus más aon tuar na pobalbhreitheanna, is mar sin a tharlóidh – ach is ar éigean go mbuafaidh iarrthóir na nDaonlathaithe, Joe Biden: is dóichí ná a mhalairt go gcaillfidh An Dónall.

Tar éis an mhéid a thárla in 2016, nuair a fuair Hillary Clinton níos mó vótaí ná Trump ach gur bhuaigh seisean de réir chóras na Meiriceánach, An Coláiste Toghcháin, ní féidir talamh slán a dhéanamh de rud ar bith.

Tá a fhios agaibh an scéal: tá líon áirithe toghthóirí ag gach stát, tá leathchéad stát ann san iomlán agus 539 dtoghthóir roinnte eatarthu. Nuair a bhuann iarrthóir vóta an phobail i stát ar bith, leanann na toghthóirí an vóta sa stát sin agus tugann siad tacaíocht don iarrthóir buach. Nuair a shroicheann iarrthóir amháin 270 vóta sa Choláiste Toghcháin, tá an bua aige nó aici. Aige in 2016, aige, go deimhin, i ngach toghchán go dtí seo agus an toghchán seo san áireamh.

Taithníonn toghcháin liom de ghnáth. Is maith liom an dráma, an thuas seal agus an thíos seal, na staitisticí fiú. 

Ach mothaím fuar faoin dtoghchán seo. Tá sé i bhfad uaim agus níl vóta agam ann. Níl guth dá laghad agam ann ach d’fhéadfadh an toradh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige ar mo shaol agus saol gach duine ar domhan agus ar feadh na nglún inár ndiaidh. Tá dealramh ar an dtoghchán seo gur coimhlint idir maith agus olc atá ann. Is é Trump an t-olc. 

Agus nílim cinnte an é Joe Biden an t-iarrthóir is fearr chun dul i ngleic leis an olc. Bhí Biden sa reicneáil in1988 le bheith san iomaíocht in éadan George Bush ach níor éirigh leis dul thar na réamhbhabhtaí le bheith tofa mar iarrthóir na nDaonlathaithe. Tá sé 78 mblianad’aois agus uaireannta nochtann sé go bhfuil rian na haoise air. Níl sé puinn níos sine ná Trump ach tá cuma níos fuinniúla ar an bhfear níos óige agus ar a fheachtas dá réir. 

Is toradh é Biden ar phróiseas fadálach chun an t-iarrthóir is fearr a roghnú ach tá an chuma ar an scéal gur féidir nach é Biden an t-iarrthóir is fearr ach an duine deireannach a bhí fágtha tar éis do gach éinne eile a bheith curtha as an áireamh. 

Ag an am céanna is fear é Joe Biden a bhfuil meas ag daoine air. Ní chaitheann sé a chuid ama ar Twitter. Tá sé stuama ar na ceisteanna móra agus, má tá ceisteanna faoina iompar san am atá caite, d’fhéadfaí é a chanónú amárach ar an mbonn nach é a chéile comhraic é. 

Tá sé ródhéanach dul siar anois. Tá go leor vótaí caite cheana féin. Na milliúin vótaí. Deirtear go mbeidh na sluaite ag tarraingt ar na bothaí vótála amárach agus d’fhéadfadh sé gurb é an vóta is mó i dtoghchán Meirceánach riamh. 

Tá a fhios agam go bhfuilimid ag súil go mbeidh gach rud thart amárach agus go músclóimíd ar an gCéadaoin agus Uachtarán nua tofa agus gach rud ina cheart arís. 

Ach, fan, d’fhéadfadh sé tarlú ná gcríochnóidh an próiseas seo go ceann tamall fada agus gur sa Chúirt Uachtarach a dhéanfaí an cinneadh deireanach faoi seo. Ní gá a rá ach go bhfuil móramh de na breithimh sa chúirt seo a luaitear le Trump – go deimhin is eisean a d’ainmnigh ceathrar as an naonúr. 

B’fhéidir go bhfuil sé tugtha faoi ndeara gur ar éigean a luaigh mé an víreas, an aicíd a bhfuil a scáth leagtha aige ar an ndeamhan de bhliain seo. Níl a dhóthain spáis in alt mar seo chun a cheart a thabhairt don víreas agus do Donald Trump araon.

Maireann mo dhóchas i gcónaí nach fada eile a bheidh an domhan faoi scáth ceachtar acu.

Close
Close